E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 14

.

Is dócha go gcuirfeadh an saol a bhí againn i gCloughballymore House an véarsa úd, a chum an file anaithnid, fadó, i gcuimhne do dhuine…

.

Aoibhinn beatha an scoláire

Bhíos ag déanamh léinn;

Is follas daoibh a dhaoine,

Gur dó is aoibhne in Éirinn.

.

Níl dabht ar domhan, ach go raibh saol aoibhinn againn sa Choláiste sin. Chaitheamar ár laethe ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht, agus ar oideachas, ar chráifeacht agus ar naofacht. Bí cinnte, go mbíodh ár dtrioblóidí fhéin againn, i rith an achair a chaitheamar ansin, ach, ag breathnú siar anois ar na laethe a chaitheamar ann, Dheamhan dabht ar domhan, ach go raibh saol an mhadaidh bháin againn, an tráth úd. Rinne mé tagairt don staidéar a dheineamar ar fhéinsmacht, agus ar an leabhar úd leis an scríbhneoir spioradálta sin, Rodriguez, agus mar a chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orainn. Is cuimhin liom an chaoi a mbíodh na mic léinn ag iarraidh smacht a fháil ar ainmhianta na colainne, trí throscadh, trí phionós, agus trí stíl bheatha shláintiúil a chleachtadh. Is cuimhin liom nóibhísigh a fheiceáil amuigh ag siúl, maidin seaca, agus iad ag coinneáil a lámha as a bpócaí, ar mhaithe le pionós a ghearradh orthu fhéin, sea, agus d’fheicfeá iad b’fhéidir, ar a nglúna ag Uaimh Mhaisithe na Maighdine, mar a gcaithfheadh siad seal ag guí, agus iad préachta leis an bhfuacht. D’fheicfeá fear acu freisin, agus é ag fágáil leath a dhinnéir ina dhiaidh ar an bpláta, cé go mbeadh sé stiúctha leis an ocras, ag an am gcéanna sin! Fear eile, a chuirfeadh litir a fuair sé tríd an bpost, isteach ina phóca, le smacht a fháil ar a fhiosracht fhéin. Sea, agus choinneodh sé an litir sin sa phóca, go ceann uair a’ chloig, nó níos faide, b’fhéidir. Bhíodh a bhealach fhéin chun na cráifeachta le fionnadh ag chuile nóibhíseach as a stuaim fhéin, nó b’eisean amháin a thuig cérbh iad na mianta, ar ghá iad a smachtú, b’in iad na mianta a bhí á sheoladh ar bhealach a aimhleasa. Cheapfá nach mbeadh fir óga sásta a leithéid de phionós a ghearradh orthu fhéin, agus b’fhéidir nach mbeadh, sa lá atá inniu ann, ach ag an am áirithe sin, tuigeadh dúinne, go mba nádúrtha go maith an gnó a bhí idir chamáin againn, agus muid ag fáil smachta ar mhianta agus ar ainmhianta ár gcolainne. Tuigeadh do na Nóibhísigh, go raibh tábhacht ag baint lena raibh á dhéanamh acu agus iad i mbun an ghnó sin, nó tuigeadh dóibh, gurbh é sin a neartódh an cnámh droma iontu, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas dul i ngleic leis na fórsaí i thiocfadh ina gcoinne, i gcathanna agus i gcomhlainn iomadúla an tsaoil a bhí rompu amach.

Ar dhein mé tagairt ar bith fós do Gheimhreadh crua gáifeach na bliana 1947? Bhuel, bhíos fhéin sa Nóibhíseacht i gCloughballymore an bhliain sin, agus geallaimse dhuit é, go mba chrua an tréimhse againne é, ó thaobh aimsire dhe. Thosaigh an sneachta i Mi Eanair, agus d’fhan ar an talamh go dtí an 19ú de Mhárta na bliana sin. Is dócha go gcaithfear a rá go raibh teas lárnach aibhléise againn, ach má bhí fhéin, is cinnte nach raibh an córas céanna sin thar mholadh beirte, agus is féidir liom fós fuacht na mbráillíní bána, stalctha, oíche sheaca, a thabhairt chun cuimhne, go glé, glinn, soiléir, fós. Tá mé ag ceapadh, go mbíodh thart ar chúig, nó sé cinn, de bhlaincéid os ár gcionn againn, na hoícheannta sin, ach má bhí fhéin, bheadh ort tamall a chaitheamh fúthu, i dtosach, sula bhféadfá aon teas ar fónamh a fháil uathu. Ní bhíodh aon ró-fhonn orainn ansin ár spága a leagan ar an urlár, nuair a chloisimis an clog dúisithe á bhualadh ar a sé a chlog ar maidin, agus muidinne ag iarraidh “Deo Gratias” a thabhairt mar fhreagra ar an mbeannacht sin, le moiche na maidine fuaire, feanntaí. Nár chrua an gnó é ansin, sinn fhéin a ní, agus a bhearradh, le huisce fuar. Deirimse fuar, feanntach, leat! Bhainfeadh sé an craiceann anuas díot, bhíodh sé chomh fuar sin.

Ní bhíodh ar ár gcumas cluichí a imirt, na laethe úd, nó bhíodh Páirc an Bháire faoi bhrat sneachta, ach mar sin fhéin, bhíodh fonn orainn bheith amuigh. Chuireadh muid ár n-éide peile orainn fhéin, agus théadh muid amach ar fud na bhfud. Chaithimis seal ag sleamhnú ar leac oighre , agus seal eile ag troid le liathróidí sneachta. Bhíodh muid fuar feannta, i dtosach, ach ba ghearr an mhoill orainn sinn fhéin a théamh, agus ag deireadh thiar thall, bhíodh muid rósta te, tar eis na haclaíochta uilig, agus b’in a choinnigh breá sláintiúil muid, le linn na seachtainí fada uilig, a raibh greim docht daingean,do-scaoilte, ag an sneachta, ar thalamh agus ar uisce. Geallaimse dhuit é, gur chuireamar fáilte agus fiche roimh an choscairt, nuair a tháinig sí, ar deireadh thiar, mar nach mínádúrtha an saol é nuair a bhíonn clocha ceangailte agus madraí scaoilte!

Bhí ar ár gcumas filleadh ar ghnáthshaol na Nóibhíseachta arís, agus dul go Cathair na dTreabh, chuig an Ollscoil ansin, uair sa tseachtain, le freastal ar léachtaí ón nDochtúir Félim Ó Briain, O.F.M. B’iontach go deo an fháilte a bhíodh againn roimh na cuairteanna sin a thugaimis ar an Ollscoil. Thug sé deis dúinn, dul i dteangmháil leis an saol mór amuigh, ar feadh tamaillín, fiú. Bhíodh deis againn ár gcomhrá a dhéanamh le gnáthdhaoine, leis an ollamh, agus lenár gcomhdhaltaí, freisin. Thugadh an Dochtúir Ó Briain corrléacht dúinn trí Ghaeilge, rud a chabhraigh linn spéis sa teanga sin, a chothú agus a neartú. Is cuimhin liom léacht amháin a thug an Dochtúir dúinn faoi bhaill ghiniúna an daonnaí, agus bhí sé ag iarraidh chuile shórt a mhíniú, trí phictiúir a tharraingt ar an gclár dubh dúinn. Ach má bhí fhéin, ní déarfainn go raibh a chuid líníochta thar mholadh beirte, agus bhí muidinne ag iarraidh smacht eicínt a choinneáil ar an bhfonn diabhalta gáire, a mhúscail na pictiúir ar an gclár dubh ionainn. Anois, tharla go raibh cupla Proinsiascánach óga sa rang freisin, agus theip ar fhear acu sin srian a choinneáil ar an bhfonn gáire a bhí á chéasadhsan, agus phléasc an fear bocht amach ag gáirí. Bhuel! Stop an tOllamh. Bhreathnaigh thart. Thug faoi deara gur dhuine dá ál fhéin a bhí sna tríthí. Leag sé uaidh an chailc, agus tar éis na súl a chur trí mo dhuine, thug sé faoi, agus níor stop sé go raibh an mac léinn Proinsiascánach bocht sin feannta go cnámh aige. Ansin, thóg suas an chailc arís, agus lean air, faoi mar nár tharla a dhath le fearg a chur air. B’oscailt súl dúinne é, nó go dtí an pointe sin, cheapamar nach raibh an dara duine ar an saol chomh séimh, lách, cineálta, leis an nDochtúir Féilim Ó Briain. Bhí trua againn uilig don bProinsiascánach óg, nó thuigeamar dó!

Anois, ó tharla go raibh Céim Onóracha idir chamáin agam fhéin, ní dhearna mé aon scrúdú i Meitheamh na bliana sin 1947, ach is amhlaidh a thóg mé mo leabhair, is mo nótaí, abhaile liom le staidéar a dhéanamh sa bhaile, i rith an tSamhraidh bhuí, álainn, sin 1947. D’fhill mé ar chathair na Gaillimhe ansin, i Meán Fómhair na bliana sin, le scrúdú na Céime Onóraí sin a dhéanamh. Bhíomar ag cur fúinn, mé fhéin agus mo chomhleacaithe, a bhí ar thóir Onóracha freisin, i dteach aoichta i mBóthar na Trá, agus muid ag dul isteach chun na hOllscoile, le haghaidh na scrúduithe. Nár bhreá an saol a bhí againn. Sea. Mh’anam!

Aoibhinn beatha an scoláire

Bhíos ag déanamh léinn;

Is follas daoibh a dhaoine,

Gur dó is aoibhne in Éirinn.

.

Bhuel, tá súil agam, gur thug mé pictiúr eicínt daoibh, den chineál saoil a bhí againne, agus muid ag freastal ar an Nóibhíseacht úd, i gCloughballymore House, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin anois.

Ach sa chéad chaibidil eile, bheidh mé ag cur síos ar m’eachtraí agus ar m’imeachtaí, inár gCliarscoil fhéin, i nDroim an tSín, nó i Dromantine, mar a thugtaí uirthi i dteanga na Banríona, mar ar chaith mé fhéin seal de bhlianta, idir 1947 agus 1950, nuair a thréig mé fhéin an Chliarscoil, le dul le múinteoireacht.

  .

.

  .

.

en_USEnglish