.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 13

.

Sa chaibidil deiridh bhí mé ag cur síos ar na laethe, nó na blianta, a chaith mé im’ nóibhíseach i gCloughballymore House, Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe, ach sul má fhágaim Cloughballymore House taobh thiar díom, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chupla rud eile, le pictiúr níos iomláine den áit sin a thabhairt don léitheoir. B’fhéidir nárbh olc an rud é, tuairim eicínt a thabhairt, faoin gcineál beatha a chleachtaímis, agus muid inár nóibhísigh ansin, díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ba é a bhíodh againn don bhricfeasta, ar maidin, nó brachán i dtosach, agus ansin, cupán tae agus arán, ní call dom a rá, nach mbíodh im againn le cur ar an arán sin, ní bhíodh againne ach margairín, dár ndóigh choinnítí an t-im do na sagairt a bhí inár mbun. Diabhal locht ar bith ar an gcineál sin beatha, adéarfadh duine, b’fhéidir, agus bheadh an ceart aige, ach amháin inár gcásna, bhí ceataí sa scéal, nó i gcás an aráin sin de, d’fhéadfá a rá, nach raibh sé inite in aon chor. Ba é an rud a tharla, nó gur dhein údaráis an Choláiste a gcuid cruithneachta fhéin a mheilt ina plúr, agus b’as an plúr sin a dhéanaidís ár n-arán laethúil a fhuint. Anois, bhí an iomarca taise sa chruithneacht sin tar éis drochfhómhar na bliana úd 1947 , agus dá bharr sin, ní bhíodh inite de na builíní a dhéanaidís aisti, ach an screamh, agus b’in díreach an méid de a d’ithimis, nó bhí an chuid eile ina thaos, gan chuma an aráin chor ar bith air. Bhí go maith. Leanamar linn ag iarraidh maireachtáil ar an bpraiseach sin, ar feadh tamaill, ach ansin chuireamar stailc suas, agus chuireamar in iúl do na húdaráis, nach gcuirfeadh muid suas lena leithéid de bhia, a thuilleadh. Bhuel, a stór mo chroí thú! ba bheag nach ndeachaigh siad le báiní ar chlos an méid sin dóibh. Ba bheag nach gceapfá gur orainne a bhí an locht ar fad, nó dár leosan, ba cheart, agus ba chóir, do nóibhísigh, bheith sásta cur suas lena leithéid, agus gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de! Chaitheadar seal ar a marana. Bhíomarna ag ceapadh go dtabharfaí bata agus bóthar do chuid againn, ach ar deireadh thiar, tuigeadh dóibh, nach raibh dhá cheann ar dhuine ar bith againn, agus nach raibh á dhéanamh againn, ach an rud a dhéanfadh siad fhéin, dá mbeadh siadsan inár gcásna, rud nach raibh, nó fuaireadarsan a gcuid aráin fhéin ó bhácús i gCathair mhór na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil sin é, nó gur stop siad dá gcruithneacht fhéin a mheilt, agus gur thosaigh siad ag ceannacht aráin isteach ón mbácús sin i gCathair na Gaillimhe. Ní call dom a rá, go mba mhór an faoiseamh dúinne, an socrú sin.

Bhíodh an dinnéar againn, thart ar mheánlae, agus ba é a bhíodh againn don bhéile sin nó anraith, de chineal eicínt, i dtosach, agus ansin, bhíodh feoil, fataí, agus glasra eicínt á dtionlacan, agus bíodh nach mbíodh ceann ar bith acu thar mholadh beirte, de réir chaighdeán an lae inniu, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go gcuirfeadh siad cúl ar an ocras, agus go sásódh siad sinn, go ceann scathaimh, ach go háirithe. Anois, caithfidh mé a admháil, go raibh cupla glasra nár thaitin in aon chor liom fhéin, agus b’iad sin, cainneann, agus biatas dearg. Bhíodh milseog de chineal eicínt againn freisin, le críoch a chur le chuile dhinnéar acu. Lá amháin bheadh rís ar bhainne againn, lá eile, bheadh úlla bruite agus custard, agus lá eile fós, bheadh maróg aráin mar mhilseog againn. Ní call dom a rá, go dtaitnaíodh an milseoga céanna liomsa, ach go háirithe. Dár ndóigh, i gcás cuid de na buachaillí, a bhí níos beadaí ná mise, ní bhíodh meas an mhadra acu ar na milseoga céanna sin, agus b’in an fáth go mbíodh thar mo dhóthain le n-ithe agamsa, chuile lá, geall leis! Níor luaigh mé nach mbíodh cead cainte againn le linn ár ndinnéir! Bhuel, ní bhíodh, nó is amhlaidh a bhíodh leabhar eicínt á léamh, i rith an bhéile, leabhar a mbíodh blas spioradálta air, de ghnáth.

Don tae, ansin, bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le harán agus margairín, agus cupán tae, nó caifé, mar bhí tae gann go leor, an tam sin.

Nuair a chuimhníonn tú air, is dócha go mbeadh ort a rá, nach raibh basctha de mar bheatha, ach d’ógánaigh, a raibh goile na seacht bhfathach acu, ag an am sin, b’é a locht a laghad, chuile bhabhta. Ag breathnú siar air anois, is iad na smaointe a thagann thar nais chugamsa faoi na béilí sin, nó an chaoi ar leagadh os ár gcomhair iad, d’fhéadfaí iad a chur i láthair ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí, agus níos mealltaí, b’fhéidir, ach taobh amuigh den arán úd, bhíodh a mbunús inite, agus chomh maith le sin, is dócha go raibh sé an-deacair srian a chur ar an gcaiteachas ar bhianna dúinne, nó i ndáiríre, d’iosfadh muid an diabhal fhéin, gan salann, gan anlann, dá bhfaigheadh muid bruite é, ag an am sin. Is dócha gur leor sin mar chuntas ar an gcineál beatha a thugtaí dúinne, nóibhísigh, i gCloughballymore House, idir Mheán Fómhair 1945, agus Meitheamh 1947.

Bhí úllord ollmhór ag an gColáiste, agus b’orainne a thit sé, aire a thabhairt don úllord céanna sin. Bhíodh orainn é a choinneáil deas, néata, i rith na bliana, agus sa bhFómhar ach go háirithe, bhíodh orainne na torthaí a d’fhás san úllord céanna sin a bhaint, a chnuasach, agus a chur ar stór, ionnas go mbeadh raidhse úlla agus torthaí eile againn, a choinneodh torthaí linn, go dtí an tráth sin bliana arís. Nár bhreá go deo an obair dúinne sa bhFómhar é, bheith amuigh san úllord sin ag baint úll. Ní gá dhom a rá, go mbíodh lán-chead againn ár ndóthain úll a ithe, le linn na hoibre sin. B’fhéidir nach bhfuil sé sin fíor, amach is amuigh, ach cuirfidh mé mar seo é, d’ithimis ár ndóthain úll agus sinn ag cnuasach na n-úll sin! Ní hé sin amháin é, ach thógaimis roinnt úll linn, i ngan fhios, agus choinnímis sa Suanlios iad, le cúl a chur ar an ocras, dá mbeadh gá lena leithéid, nó bhainimis úsáid astu freisin, nuair a thagadh fonn beadaíochta orainn, i rith an lae, nó d’fhéadfaimis dul isteach sa Suanlios, i ngan fhios, agus úll breá, aibidh, dearg, a thabhairt linn, le bheith ag baint sclaimheanna as, nuair nach mbeadh duine ar bith de na sagairt sa timpeall!

Bhíodh gnó eile le déanamh againn san úllord céanna sin freisin, nó istigh ansin, bhíodh bláthcheapacha ina scórtha againn, le bláthanna a choinneáil leis an altóir, ó cheann ceann na bliana. Chuir mé fhéin sár-aithne ar na bláthcheapacha sin, nó chaith mé seal im shacraisteoir, agus dá bharr sin, b’ormsa a thit sé, bláthanna deasa úra a choinneáil ar na haltóirí, chuile lá, agus ó cheann ceann na bliana sin. Thaitin an post sin go mór liom, nó ba san ionad sin a chaithinnse m’am, nuair a bhíodh na nóibhísigh eile amuigh ag obair go dian ar na bóithríní, nó ag scuabadh, ag glanadh, ag snasadh, is ag déanamh cibé cineál oibre, a bheadh leagtha amach dóibh le linn ár sealanna oibre, ó lá go lá. Bhíodh de dhualgas ormsa, an tAireagal a choinneáil glan, néata, snasta. Sea, agus bhíodh orm freisin, aire a thabhairt do na soithigh coisricthe, agus éide an Aifrinn a leagan amach do na sagairt, chuile thráthnóna, sa chaoi go mbeadh siad ullamh ansin dóibh ar maidin.

Níor luaigh mé, go nuige seo, gur chaith mé bliain im chinnire ar nóibhísigh an Choláiste. Ba bhreá taitneamhach an gnó é sin, agus i ndáiríre, bhí sé easca go maith dualgaisí an phoist sin a choimhlíonadh. Ba é an gnó ba mhó a bhí le déanamh ag an gcinnire, nó fanúint i dteangmháil leis na nóibhísigh, sa chaoi go dtuigfeadh sé díreach céard a bheadh ag dó na geirbe acu, ó am go chéile. Ansin, bheadh ar a chumas, leagan áirithe de sin a chur in iúil do na húdaráis, agus ar an dtaobh eile den scéal sin, bheadh an cinnire i dteangmháil leis na húdaráis, agus thuigfeadh sé céard a bheadh ag dó na geirbe acusan freisin, agus ansin, d’fhéadfadh sé leagan áirithe de sin a chur in iúl do na nóibhísigh. Níl dabht ar domhan, nó gur bhraith toradh a chinnireachta ar chomh maith is a d’éirigh leis an dá thrá sin a fhreastal. Bhí graithí beaga eile le déanamh ag an gcinnire freisin. B’eisean a bheadh i gceannas nuair a bhíodh na mic léinn ag déanamh a gcuid staidéir sa Halla Mór, chuile thráthnóna, agus i ndáiríre, bhí seisean i bhfeighil cúrsaí, am ar bith nach mbeadh sagart ansin le súil a choinneáil ar chúrsaí. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin an post sin go mór liom, agus ag breathnú siar anois ar chúrsaí na bliana sin, déarfainn, nár éirigh go ró-dhona liom dualgaisí na hoifige sin a chur i gcrích, le linn dom bheith in úim don ghnó sin. Thug an post sin deis dom freisin, teacht i gcabhair ar nóibhíseach ar bith a bheadh i dtrioblóid, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Ar bhealach, bhí gnó an chinnire an-chosúil le gnó an phóilín. Bhí sé ansin le rialacha an Choláiste a chur i bhfeidhm, agus dá dteipfeadh air sin a dhéanamh i gcás mhic léinn ar bith, ansin bheadh de dhualgas air, sin a chur in iúl do na húdaráis, agus cead acusan ansin cibé rud ba mhaith leo a dhéanamh, le cúrsaí a chur ina gceart arís. Ach, chomh fada is is cuimhin liom anois, ní bhíodh orm dul chuig na húdaráis ach go fíor-annamh, nó bhíodh na mic léinn fhéin breá, toilteanach, do chomhairle a ghlacadh, agus rud a dhéanamh ort, agus b’in an bealach ab’ fhearr le dualgaisí an phoist sin a chur i gcrích.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish