Éalú ón gCliarscoil

Peadar Bairéad

.

Scéal agus a cheann!

.

Tharlaíonn, scaití, go mbíonn sé beagnach do-dhéanta, an ceann a bhaint de scéal áirithe, ag am áirithe.

Tuige sin? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.

Níl mé ró-chinnte, ach is dócha gur toisc go bhfuil baol ann go bhfeannfadh scaoileadh an scéil chéanna sin an craiceann anuas de dhuine. Sea, agus nach mbíonn an dara b’fhéidir ann freisin, agus sé sin, go dtarraingeodh sé aird an phobail ar an nduine fhéin, nuair nár loirg sé a leithéid riamh ina shaol.

Tharla sa chruachás céanna sin mé fhein, ar na mallaibh, nuair a thosaigh mé ag smaoineamh ar eachtraí a bhain dom, breis is trí scór bliain ó shoin anois, a chur ar phár.

Cén cineál eachtraí atá idir chamáin agam, an ea?

Tá, muis! eachtraí a chuir cor i mo chinniúint, agus eachtraí a chuir ar mhalairt chasáin mé, i dtús mo laethe.

Nuair a bhí mé ag iarraidh dírbheathaisnéis á chur i dtoll a chéile, roinnt blianta ó shoin, mhínigh mé mar a chuaigh mé le sagartóireacht i dtús mo laethe, toisc gur tuigeadh dom, go raibh glaoch chun na gairme sin faighte agam ón bhFear Thuas. Bhí go maith, ach tar éis dom tarraingt ar naoi mbliana a chaitheamh i mbun léann an tsagairt, d’éirigh mé as, agus thug malairt bóthair orm fhein. Ní raibh sa mhéid sin uilig ach lomchlár na fírinne.

Bhuel! Sa dhírbheathaisnéis úd, a luaigh mé ó chianaibh, scríobh mé faoi amhrais a bheith ag creimeadh chinnteacht mo ghairme. Is dócha go raibh cnámh na fírinne sa mheid sin freisin, nó nach minic a bhíonn an t-amhras céanna sin ag teacht idir ábhar an tsagairt agus codhladh na hoíche? Bhí cúis eile taobh thiar den tréigint a dhein mé ar an gCliarscoil, i dtús na bliana 1950 áfach.

Agus cén chúis rúnda í sin? adéarfá b’fhéidir.

Is dócha gur léigh tú ualach asail de chuntais i dTuarascáil Uí Riain agus i dTuarascáil Uí Mhurchú? Bhuel! Mar chúlra don scéal seo, is dócha gur chóir dom tagairt eicínt a dhéanamh don chineál traenáil a deineadh orainn, le linn dúinn a bheith ag gabháil do léann an tsagairt. Níl dabht ar domhan, ach gurbh í an umhlaíocht an chloch ba mhó ar phaidrín údaráis na gCliarscoileanna, ag an am. Déan mar a iarrtar ort a dhéanamh, chuile bhabhta, mar nach é guth an uachtaráin guth Dé, chomh fada is a bhaineann sé leatsa, agus níorbh é sin amháin é, ach cuireadh i dtuiscint don ábhar óg sagairt, go rabhthas ag súil go ndéanfadh sé sin, gan argóint, gan seachantacht, ach go ndéanfadh sé é go toilteanach, sásta, nó trí ghlacadh leis an aithne sin, sa bhealach sin, léireodh sé d’údaráis na Cliarscoile, go bhféadfaí glacadh leis, mar ábhar cruthanta sagairt.

Préamhacha in airde

Rinne mé tagairt ansin do shampla amháin a leagadh os ár gcomhair amach, mar eiseamláir na humhlaíochta inmhianaithe sin. Scéal faoi shean-Ab a bhí ag iarraidh an umhlaíocht chéanna sin a mhúineadh do mhanach óg a bhí faoina chúram. Thug sé mám plandaí gabáiste dó, agus d’iarr air dul amach sa gharraí agus iad a chur, ach a bheith cinnte de, go mbeadh na préamhacha in airde, os cionn talaimh, aige. Anois, mac feirmeora ba ea an t-ógánach sin. Dá gcuirfeadh sé na plandaí sin mar ba chóir iad a chur, thabharfaí bata agus bóthar dó, ach dá ndéanfadh sé mar adúradh leis, ghlacfaí isteach sa mhainistir é, lena ullmhú mar bhall den Ord. Rinne an fear óg mar adúradh leis, agus tar éis dó na plandaí sin a uisciú, lá i ndiaidh lae, ar ordú an Aba, bhí de thoradh ar a umhlaíocht, ar ball, gur fhás na plandaí sin!

Dá mbeadh an cineál sin traenála á dhéanamh ar dhuine, lá i ndiaidh lae, bliain i ndiaidh bliana, agus ansin, dá dtiocfadh a anamchara chuige agus dá ndéanfadh sé moladh mícheart dó, an gceapfá go ndéanfadh sé mar a moladh dó, nó an gcuirfeadh sé na cosa uaidh, ar an toirt?

Bhuel, níor chuir mé fhéin na cosa uaim, nó tuigeadh dom, go mba chineál tástála a bhí i gceist, agus dá ndéarfainn paidir do Mhuire, go ndéanfadh sise mé a chosaint agus a shábháil ó pheaca. Bhuel, bhí an ceart agam sa mhéid sin. Ach céard a tharla iar sin, an ea? Bhuel, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, tháinig mé slán ón tástáil sin, ach má tháinig fhéin, d’fhág an eachtra chéanna sin a rian orm.

Toradh Scrúduithe

Nuair a bhí mé im thríú bliain sa Chliarscoil áfach, socraíodh nárbh olc an smaoineamh é, athrú gairme a thabhairt orm fhéin, agus faoi mar a mhínigh mé cheana dhuit thuas, ghlac mé leis an gcomhairle chéanna sin, agus rinne mé rud air agus bíodh gur thréig mé an Chliarscoil, níor thréig Dia mé, nó cé gur dúnadh doras amháin orm, ba ghearr gur oscail sé doras eile dhom, agus thug mé aghaidh ar an múinteoireacht mar ghairm, agus lig Dia isteach ar an bhfoscadh faoina sciatháin mé, agus chaith mé saol sona, sásta, séanmhar, i mbun mo cheirde sa ghairm sin, ach tuigeadh dom gur chóir dom an méid sin a insint, ar mhaithe le míniú a thabhairt ar an gcinneadh a dhein mé an Chliarscoil a thréigint go luath sa bhliain sin 1950, tarraingt ar dheich mbliana agus trí scór ó shoin, anois.

A chríoch sin.

.

en_USEnglish