fear buile, a madman; dreas, a while; réalta scannáin, a film star; ag ligint air, pretending; carraig ar chiall, a rock of sense; pór, breed; aicsean, a feat; cuntas bainc, a bank account; scálaí an hucstaera, a huckster’s scales.

.

F e a r n a B u i l e

Peadar Bairéad

A Mad World

Nach cuimhin le chuile dhuine againn an seanfhocal a bhíodh i mbéal daoine fadó….

Is dóigh le fear na buile

Gurb é fhéin fear na céille.

Sea, mh’anam, agus nach cóngarach go maith dá chéile an dá earra céanna sin, an bhuile agus an chiall, agus nach ndeirtí fadó go mba dheartháireacha dá chéile an chiall is an bhuile, agus i ndáiríre, nach mbuaileann dreasanna buile agus dreasanna céille chuile dhuine againn, ach ní tharlaíonn na dreasanna buile sin ach go hannamh, i mbunús na ndaoine. Bhuel, ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an tseachtain seo, nó mé ag breathnú ar chúrsaí an tsaoil mhóir, thart orainn, agus ní thógfá ar dhuine ar bith é, dá gceapfadh sé go raibh an saol ar fad imithe ar mire, agus leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, dá gceapfadh chuile mhac an pheata acu, go raibh sé fhéin chomh ciallmhar le breitheamh, bíodh go bhfuil daoine ann freisin, a chuirfeadh comhartha mór ceiste i ndiaidh an ráitis chéanna sin!

Breathnaigh ar an Réalta Scannáin. Nach dóigh leis-sean, nach bhfuil duine ar bith ar an saol seo ar aon chéim leis?

Film Stars’ Status

Sea, mh’anam! Agus céard a dhéanann an Réalta seo, leis an stádas, agus leis an ngradam seo uilig, gan trácht in aon chor ar an sparán teann a bhronnann an pobal idirnáisiúnta air, céard a dhéanann sé le sin uilig a shaothrú?

Céard a dhéanann sé, an ea?

Bhuel, caitheann sé a chuid ama, ag dul timpeall, ag iarraidh a chur ina luí ar chuile dhuine, gur duine eile ar fad é! Nach é sin ceird an Réalta Scannáin? Diabhal a bhíonn ar siúl aige, agus é i mbun a cheirde, ach ag ligint air, gur duine eile ar fad é, ag cur i gcéill don tsaol mór, nach é fhéin atá os ár gcomhair amach, in aon chor, ach carachtar eile ar fad, agus dá fheabhas a éiríonn leis sin a chur ar ár súile dúinn, is ea is mó a shaothraíonn sé, agus is ea is mó a shíltear de.

Crazy, is it?

Anois, dá bhfeicfeá duine ag dul timpeall, agus é ag ligint air go mba dhuine eile ar fad é, céard a cheapfá fhéin faoi? Nach gceapfá go raibh sé glan as a mheabhair? nó i bhfocail eile, go mba dhuine buile é. Agus céard a cheapann an Réalta Scannáin fhéin? Níl dabht ar domhan, ach go gceapann sé gur charraig ar cheill é, agus a chruthú sin aige, sa charn airgid sin a bhronntar air, as na céapair sin uilig a bhíonn ar siúl aige. Sea, mh’anam, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, nach dtéann nuachta an tsaoil mhóir sa tóir air, ag iarraidh a thuairimí faoi chúrsaí casta polaitíochta, sóisialta, agus creidimh, a bhronnadh orainn, sa chaoi go mbeadh ar ár gcumas, aithris a dhéanamh air. Níl dabht ar domhan, ach go mbíonn an pobal ina gcéad cuid timpeall orthu, agus dia beag á dhéanamh acu díobh

Bull Sense

Anois, b’fhéidir go gceapfása gur duine buile é an Réalta Scannáin céanna sin, ach má sea fhéin, tuigtear don Réalta é fhéin, gurb é fear na céille é, sea agus a chúis sin aige!

Bhí mé ag cur na gcúrsaí seo trí chéile le Mártan a’ Tairbh, an lá cheana, agus labhair seisean liom faoi pheileadóirí cáiliúla an tsaoil mhóir, agus faoi na milliúin a shaothraíonn siadsan, in aghaidh na bliana. Beag an baol go mbeadh ar mo chumas-sa airgead mar sin a shaothrú le mo tharbh bocht, bíodh gur den pór is fearr, amach is amuigh é fhéin an créatúr! Anois, ar seisean liomsa, céard a cheapfá de dhuine, a chaithfeadh a laethe ag iarraidh liathróid a chiceáil uaidh, agus é a sheoladh isteach idir dhá chuaille a bheadh sáite sa talamh aige? Sea, mh’anam! ar seisean, agus ag an am gcéanna, é ag súil go n’íocfaí na milliúin sa bhliain dó, dá n-éireodh leis an t’aicsean sin a dhéanamh, anois is arís! Go bhfóire Mac Dé na Glóire orainn uilig, ar seisean, ach nach gceapfadh duine ciallmhar ar bith, go mba dhuine buile é mo dhuine?

All the way to the Bank !

B’fhéidir é, arsa mé fhéin, á fhreagairt, ach má sea fhéin, bheadh an gháire dheiridh ag mo dhuine, nuair a bheadh sé ag breathnú ar a chuntas bainc, ag deireadh na bliana.

Níl a fhios agam cé tá ar buile, nó cé tá ar a cheill, na laethe seo, arsa mo Mhártan liom ansin. Breathnaigh ar an gcuid eile againn, ar seisean, agus muid ag saothrú linn ar ár míle dhícheall, agus gan ach pingneacha beaga againn i ndeireadh na dála, sea, agus muidinne ag ceapadh, go mba sinne dream na céille! Sea, agus breathnaigh ar ár dTaoiseach fhéin, agus na daoine sin uilig a chaitheann a ndúthracht, is a laethe, ag iarraidh an tír seo a rialú, agus is beag nach bhfuil cuid de na himreoirí, agus de na Réalta Scannáin sin ag saothrú an oiread i seachtain amháin, is a shaothraíonn siadsan i mbliain iomlán!

Question or Answer ?

Sea, freagair an cheist domsa mar sin.

Cé tá ar a chiall? Nó cé tá ar buile?

Cuma cén freagra a thugann tú ar an gceist sin, tá mé cinnte, nach féidir ciall nó buile a mheá i scálaí an hucstaera. Agus i ndeireadh na dála, caithfear a admháil gur ag an dream fadó a bhí an ceart, nuair a dhearbhaigh siad, go mba dhóigh le fear na buile grubh é fhéin fear na céille.

en_USEnglish