F e a r n a F a l l a i n g e .

***************************

.

Fallaing Aonghusa. Saol Amharclainne. ……………………………………..2,000.

le

Tomás Mac Anna……………………………………………………………………….

.

**************************

In alt a scríobh mé tamall ó shoin, agus mé ag cur síos ar sheoladh mo thríú leabhar filíochta “Fataí Rómhair”, scríobh mé mar seo…..

Sea, mh’anam, ba san Abbey a bhí sé uilig ag tarlú, ar an Déardaoin, an 28ú lá de Bhealtaine, 2001, nó ansin, ar uair an mheánlae, tháinig thart ar thrí scór daoine i bhfochair a chéile, le trí leabhar nuafhoilsithe a sheoladh, san áras stairiúil sin. Ceann de na leahair sin ba ea mo thríú bhailiúchán filíochta, ar ar bhaist mé “Fataí Rómhair.”

Bhuel, ceann den dá leabhar eile a seoladh an lá sin in Amharclann na Mainistreach ba ea leabhar spreagúil Thomáis Mhic Anna, “Fallaing Aonghusa”. Leabhar ina gcuireann sé síos ar chúrsaí a shaoil fhéin, agus ag an am gcéanna, déanann sé scéal na hAmharclainne cáiliúla sin a ríomh dúinn ar bhealach atá suimiúil agus meallach, agus a fhágann an léitheoir faoina gheasa, gan mórán achair. Míníonn sé teideal an leabhair dúinn i dosach báire, mar seo…

Cé gurbh é Lugh, an tIldánaí, Apollo na nGael,

Ba é Aonghus an Dionysus a bhí againn –

Dia na taibhseachta a bhain

Le cluicheoirí, geamairí agus drúith ríoga.

Ba é Aonghus, mar sin, a phátrún, ar bhealach eicínt, agus is dócha gur faoina fhallaing siúd, a shaothraigh sé, agus a d’éirigh leis teacht slán ó choraí crua an tsaoil. Ach fillimis ar scéal Thomáis.

Sa “Bhrollach” insíonn an t-údar dúinn faoin chaoi ar snadhmadh ceangal idir e fhéin agus Amharclann a chroí, a chéaduair. Féach mar a chuireann an t-údar fhéin é….

“Bhí clog binn éigin sa chathair ag fógairt naoi nuair a shrois mé doras stáitse na Mainistreach, maidin bhreá ghréine i ndeireadh mhí an Mheithimh sa bhliain 1947. Bhí cnaipe beag ag taobh an dorais agus bhrúigh mé air go béasach.”

Bhí litir ina phóca aige, litir a fuair sé ó bhainisteoir stiúrtha na hAmharclainne, Earnán de Blaghd, á rá leis teacht chun na Mainistreach an mhaidin sin, le bheith ina léiritheoir ar dhrámaí Gaeilge ann. Ar ball, nuair a casadh ar a chéile iad, thug Earnán gnó dó láithreach bonn. Bhí air an dráma “Casadh an tSúgáin” a chur ar an ardán, i gcionn trí sheachain, le foireann óg na Mainistreach, agus ba le haghaidh ócáid speisialta an léiriú céanna sin, Comhdháil Cheilteach, a bheadh ar siúl an t-am sin. B’in mar a cuireadh tús lena shaol mar léiritheoir gairmiúil, i gceann de na hAmharclanna ba cháliúila ar bith, an tráth úd. Nach spéisiúil mar a chuireann sé críoch leis an mBrollach céanna sin…

Blianta ina dhiaidh sin, chuir an bandrámadóir, Mairéad Ní Ghráda, ceist ar Earnán faoi conas mar a tháinig sé ormsa mar léiritheoir i dtosach báire, Is é an freagra a thug Earnán ná ‘léimt sa dorchadas.’

Má ba léim sa dorchadas fhéin é, ba thráthúil agus ba rafar an léimt é, nó ba bheag duine a leag lorg a láimhe ar an Amharclann sin faoi mar a leag an Tomás Mac Anna céanna sin e, agus chomh maith le sin, níor cheart a shaothar i ngort drámaiocht na Gaeilge a ligint i ndearmad, nó rinne sé éacht sa ghort céanna sin, trí dhrámaí a léiriú, agus aisteoirí a oiliúint go speisialta don taobh sin de ghnó na hAmharclainne Náisiúnta.

Téann an t-údar siar ansin chuig a phréamhacha i nDún daingean Dealgan, áit ar rugadh is ar tógadh é, bíodh nár sa bhaile sin a rugadh a athair, ach i mBaile an Iúir, ach ó tharla go ndeachaigh sé le hiarnródaíocht, d’fhág sin go raibh air cur faoi mar a raibh a phost, agus tar eis dó Béal Feirste a fhágáil, sa bhliain 1921, fuair sé post i nDún Dealgan. Ba sa bhaile sin a d’fhás Tomás suas, agus ba ansin a chuir sé aithne ar an saol mar a bhí i dtír seo na hÉireann, le linn a óige ansin. Féach ar na cuimhní a fhanann fós glas aige, faoi na fuaimeanna a chloiseadh sé le linn a óige…

“Puth-puth agus feadaíl ghéar na n-inneall, clanglam na vaigíní, sin iad na glórtha a bhí le cloisteáil agam agus mé ag éirí aníos i mo pháiste. Fiú amháin i lár na hoíche lean an tsiuntáil, na hinnill ag séideadh astu agus na vaigíní le gach cling-cleaing ag bualadh in aghaidh a chéile.”

Chaitheadh sé roinnt mhaith dá am saor ag cleasaíocht, agus ag spraoi, i measc an troscáin chéanna sin, agus é eolach thar mar ba ghnách, ar chuile shórt a bhain le traenacha agus le stáisiúin. Chuir sé aithne ar na daoine a chaith a laethe ag gabháil don iarnródaíocht chéanna sin, agus bhain sé taitneamah as a óige sa timpeallacht sin. Cuimhní eile, aniar as cistin na gcuimhní, is ea na maisiúcháin uilig, ar na tithe sa timpeall, le linn na Comhdhála Eocaraistí, sa bhliain 1932, agus mórshiúl na Léinte Gorma. Caithfidh mé fhéin a admháil go bhfanann cuimhní dá leithéid agam fhéin fós freisin, faoi na tarlúintí céanna sin!

Tugann sé cuntas dúinn ar a laehte scoile, agus an pháirt a thóg sé in imirt na gcluichí náisiúnta. Labhraíonn sé go ceanúil faoin mBráthair Ó Cinnéide, agus faoin chaoi a ndeachaigh sé i gcionn ar a dhaltaí….

“Tá sé de mhíchlú ar na Bráithre gur le bata agus buillí an leathair a bhrúigh siad an léann isteach i gclaigne na ndaltaí. Níor mar sin don Chinnéadach. Mhúin sé tírghrá dúinn, an tábhacht a bhí leis an gcultúr Gaelach, an Fhiannaíocht agus an Béaloideas. Uaidh sin a chuala mé trácht ar Earnán de Blaghd don chéad uair, ag dearbhú dúinn gurbh é Earnán an t-aon duine amháin i rialtas an tSaor-Stáit a rinne rud ar bith ar son na Gaeilge.”

Ba thrí Ghaeilge a múineadh gach ábhar dóibh, go fiú an Béarla…Ní raibh an oiread sin spéise aige, an t-am sin, sna cailíní, nó b’fhearr leis éaló isteach sa leaharlann, le colún Mhyles na gCapaillín a léamh ar a sháimhín só. Tríd is tríd, d’éirigh leis grá Dé agus grá tíre a phiocadh suas go nádúrtha le linn a óige, ach dár ndóigh, ní haon ionadh sin, nuair a chuireann tú san áireamh, a raibh le fáil aige ina bhaile fhéin, ar scoil, agus sa timpeallacht inar fhás sé suas. Féach mar a labhríonn sé le cairde a óige, ar leathanach 42.

“Áis na ndéithe go raibh oraibh a choíche, a chompanaigh m’óige, pé áit ar domhan a ráinig sibh sa deireadh thiar. Seoladh amach i mbéal an tsaoil sinn le neart Gaeilge, beagáinín beag Laidine, creideamh agus tírghrá gan amhras, agus dearcadh ídéalach soineanta ag gach duine againn, ach gan tuiscint dá laghad againn ar chúrsaí agus ar chora an domhain mhóir.”

Nach é atá ábalta na focail a roghnú agus a fhí ina ngréasán taitneamhach, spreagúil, inchreidte.

Chuir sé suim, agus dhá shuim, san aisteoireacht, agus san amharclannaíocht, go luath, agus ghlac páirt i ndrámaí ina bhaile dhúchais fhéin, áit a ndeachaigh boladh na gréisclí go smior na gcnámh ann, agus cosúil le galar áirithe eile, nuair a théann an galar céanna sin faoin chroí, “cha scaoiltear as é go brach”. Bhí ag éirí go breá leis freisin mar scríbhneoir agus mar dhrámadóir. Craoladh cuid dá chuid oibre ar an raidió, agus léiríodh roinnt freisin ar stáitsí éagsúla, anseo is ansiúd. Ach ní raibh a Mham ró-thógtha leis an gcaoi a raibh Tomás óg chomh tugtha sin don aisteoireacht agus dár bhain lei, agus is dócha gur éirigh lei é a sheoladh ar bhóthar a leasa, agus ar bhóthar an Chustaim, freisin, nó d’éirigh leis post a fháil leis an eagraíocht gradamúil sin. Chaith sé tréimhse ag gabháil don cheird sin, agus cé go raibh ag éirí réasúnta maith leis i mbun an ghnó sin, is dócha nach raibh a chroí ann, bíodh gur thaitin gnéithe áirithe den obair mar oifigeach custaim go mór leis. Ach féach, mar sin fhéin, nár cheap an dá Oifigeach Cheannais a bhí os a chionn, go raibh mianach an Oifigeach Custaim ann…

“Mar sin fein, bhí an tOifigeach Ceannais nua den tuairim cheanna is a bhí ag an mboc a bhí imithe, nach raibh mianach oifigigh Custaim ionam agus nach mbeadh go deo. Bhí féith éigin grinn ann agus é den tuairim go raibh maitheas éigin ionam chun meanma an stáisiúin a ardú, agus na smuigléirí a mhealladh b’fhéidir. Mar a dúirt sé féin, ‘lulling them into a false sense of security’!”

Níorbh am amú é áfach, an tráth a chaith sé ina oifigeach custaim, nó d’éirigh leis dráma a scríobh faoina thréimhse sa phost sin. Craoladh ar an raidió é faoin teideal Bride of Pandemonium, agus deineadh an dráma céanna sin a léiriú ar stáitse an Abbey, faoin teideal Winter Wedding, nó dár le hEarnán, thiontódh an chéad teideal na céadta ó dhoras na hAmharclainne.

Ba é deireadh an scéil é, gur éirigh leis post a fháil mar léiritheoir san Abbey, faoi mar a chonaic muid i dtús an ailt seo, agus níl ansin ach an tús, nó uaidh sin amach, ar feadh an chuid eile dá shaol oibre, d’éirigh leis buaic a cheirde a bhaint amach mar léiritheoir drámaí, i nGaeilge agus i mBéarla, agus d’éirigh leis drámaí agus geamaireachtaí a léiriú go healaíonta, le scil agus le spleodar, ar ardáin i gcéin agus i gcóngar. D’éirigh leis duaiseanna, boinn, agus aitheantas, a ghnóthú as a chuid scile, agus a chuid Amharclannaíochta, i bhfad agus i ngearr.. Féach mar a chuireann sé fhéin é….

“Ar an matal taobh liom tá meadáille ar sheastán beag, gradam an Tónaí ó Nua-Eabhrac, agus taobh leis mórbhonn eile, Gradam na Mainistreach, agus ar chúl in áit éigin ornáid bheag órga a bronnadh orm ag irisleabhar éigin mar ‘fhear amharclainne na bliana’ i bhfad siar, i 1970. Ach sa lár tá mias de chriostal na Gaillimhe a bhronn an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta orm as ucht an méid a rinne mé don drámaíocht Ghaeilge thar na blianta.”

Má theastaíonn uait a fháil amach cén fáth ar bronnadh na honóraacha sin uilig ar Thomás Mac Anna, tá faitíos orm nach bhfuil bealach ar bith le sin a dhéanamh seachas an leabhar iontach suimiúil seo a fháil agus a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó idir chlúdaigh an leabhair seo gheobhaidh tú stair na Mainistreach fite fuaite le saol agus saothar an léiritheora cháiliúil Éireannaigh sin, Tomás Mac Anna.

Togha leabhair. Curtha le chéile go seoigh. An-chreidiúint ag dul don údar fhéin agus don Chlóchomhar Tta, freisin, as a bpairt siúd, sa saothar ealaíonta seo. Scríofa i stíl éasca, scolártha, inléite, a bhfuil lorg lámh an údair ildánaigh le léamh ar chuile alt, agus ar chuile abairt, ó thús deireadh ann.

Le críoch cheart a chur leis an bpíosa seo, ní fhéadfainn níos fearr a dhéanamh ná críoch an leabhair fhéin a athlua anseo…

Bhí Aonghus buíoch díom ar chúis éigin nár thuigeas riamh.

Chaitheas a fhallaing le beagáinín beag umhlaíochta ach sílim le huaisleacht agus le mórtas chomh maith, agus má bhí sé buíoch díom dá bharr, bhíos níos mó ná buíoch dósan.

Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh an saol Gaelach ag súil le tuilleadh ó phean ildánach an údair foirfe seo.

.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

.

en_USEnglish