Sceanadh, mugáil, agus marú 1

Peadar Bairéad

(This week we take a look at violent behaviour)

Éigean agus Slad!

Is dócha gur thug tú faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal “éigean” i mbéal gach éinne, i bhfad Éireann níos minicí ná mar a bhíodh. Ní hionann sin is a rá, nach raibh an t-earra céanna sin i mbéal gach éinne roimhe seo, nó bhí, agus cúis acu leis, ach is dócha nach bréag ar bith é a rá, go bhfuil an foréigean céanna sin imithe chun an donais ar fad, le mám blianta anuas. Tá daoine ann adeir, gurb iad na drugaí agus an t-ól is cúis leis an ndíobháil seo uilig, agus is dócha go bhfuil sláimín eicínt den cheart acu sa mhéid sin, ach, i ndáiríre, níor chóir dúinn glacadh le leithscéal dá leithéid, nó má dhéanann, is ionann sin is a rá, nach mbeadh duine freagrach, as a ghníomhartha i gcás dá leithéid feasta, toisc gur féidir leis an milleán a leagan ar chúis eicínt taobh amuigh dá bheith fhéin. Bhíodh leithscéalta dá leithéid á dtabhairt sna cúirteanna, i gcás an óil, tamall de bhlianta ó shoin, ach ar deireadh, is dócha gur shocraigh na breithiúna, nár chóir glacadh lena leithéid feasta, nó tuigeadh dóibh, go raibh an meisceoir ciontach ina mheisce, ar an gcéad dul síos, agus dá bharr sin, go raibh sé ciontach freisin sna gníomharatha a rinne sé le linn a mheisce. B’fhéidir go ndéarfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, dí-aignithe, ag cumhacht na ndrugaí, ach ag an am gcéanna, nach é an dá mhar a chéile é, nó i ngach cás acu, tá cumas an duine guaim a choinneáil air fhéin, bearnaithe nó millte. Ach an ionann sin is a rá, nach bhfuil duine ciontach sna gníomharatha a rinne sé, i gcás dá leithéid? Ní dóigh liom gurb ea, nó dá ndéarfaí a leithéid, ansin, is dócha go mbeadh sé de dhualgas ar na húdaráis an té sin a choinneáil i ngéibheann, nó faoi smacht, go dtí go bhféadfaí a rá arís nár bhaol don phobal é, agus nach ‘in é díreach a theastaíonn ón gcuid is mó de na daoine sin, a bhfuil andúil acu sna drugaí diobhálacha céanna sin?.

Bhí mé ag caint faoi na cúrsaí sin le Mártan an Tairbh, seanchara liom, an lá cheana, agus bhfuil fhios agat céard adúirt seisean liom?

Níl, ná a fhios, is dócha!

Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, deadhéanta, foirfe. Agus ar seisean ansin, an mbeifeása sásta uisce na bhfataí a chur isteach ann, in áit artola, nó peitril? Nó an gcaithfeá mám siúicre isteach ann, ag súil go raibh beadaíocht ag roinnt leis, agus tú ansin ag súil, i ndiaidh an iomláin, go mbeadh a rith agus a léim aige, ina dhiaidh sin? Ní dóigh liom go ndéanfá, arsa mo chara, agus é ag scaoileadh gáilleog den stuif crua siar le fána! Ó, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fhéin. Agus nach bhfuil sé deas éasca dlithe a leagan síos do dhaoine bochta eile, chomh fada is nach gcuireann siad as dúinn fhéin, sea, mh’anam, tá sé éasca go maith bheith fial le stiall de chraiceann duine eile!

Tar éis na cainte sin go léir, caithfear a admháil, is dócha, go bhfuil tionchar do-áirithe ag drugaí ar fhás an fhoréigin sráide sin, a thugtar faoi deara, ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le roinnt blianta anuas.

Ach an bhfuil leigheas ar an scéal, má sea?

Bí cinnte nach bhfuil ‘leigheas ar an toirt’ le fáil ar fhadhb chasta dá leithéid, a bhfuil an domhan mór cráite, céasta, aici, le cupla scór bliain anuas, nó dá mbeadh a leithéid de leigheas ar fáil, bí cinnte go mbeadh úsáid bainte as, ag na tíortha móra saibhre, a bhfuil na milliúin á gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinneáil ar dhéanamh, ar úsáid, ar dhíol agus ar leathadh, na ndrugaí díobhálacha céanna sin.

Ach, fágaimis an fhadhb sin ar leataobh, go fóill, agus tugaimis aghaidh arís ar an bhforéigean sráide sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.

Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath úd a bhíodh ar bhéala daoine, roinnt blianta ó shoin, nó ní bhíodh i mbéal an uile dhuine, an tráth sin, ach “Zero Tolerance”. Is dócha gurbh iad na Puncáin a chuir tús leis an téarma céanna sin, agus ba é ciall a bhí, agus atá, leis, nó nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith, dá mbrisfeadh sé dlí nó riail ar bith, agus dá mbéarfaí air agus an beart sin á dhéanamh aige, cuma cén cineál dlí a bheadh i gceist, marú duine, nó ag caitheamh bun toitín ar an tsráid, chuirfí an dlí i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, i ngach uile chás. Rinneadh iarracht ar sin a dhéanamh ar shráideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur tháinig an-fheabhas ar chúrsaí ansin dá bharr. Ba ghearr go raibh an mana céanna á úsáid anseo i dTír na hÉireann freisin, ach ní dóigh liom, go raibh toradh céadtach air anseo, faoi mar a bhí thall, agus in áit feabhas a theacht ar chúrsaí anseo, is amhlaidh atá cúrsaí ag dul in olcas, ó lá go lá.

.

.

.

.

.

Níl le déanamh agat ach breathnú ar nuachtán ar bith, na laethe seo, agus feicfidh tú, gur beag oíche a théann thart, nach ndéantar duine eicínt a sceanadh nó a robáil anseo; a mhugáil nó a bhatráil ansiúd, nó faraoir, a bhascadh agus a mharú fiú san áit úd eile. In ainm Chroim! Cén cineál sochaí atá againn anseo? Nach gceapfá nach mbeadh tada dá leithéid ag tarlú anseo, toisc go bhfuil an tír s’againne chomh beag sin, agus toisc go bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar a chéile, geall leis.

B’fhéidir go gceapfá sin, ach dá gceapfá, bheadh breall ort, nó nuair a éiríonn idir chairde, sin an áit a mbíonn an feannadh, agus nach minic, na laethe seo, a léann muid faoi chairde a chaith an oíche amuigh ar an drabhlás, le chéile, agus ansin, ar a mbealach abhaile, toisc, b’fhéidir go sciorrfadh focal ó dhuine acu, go mbeadh an lasair sa bharrach láithreach bonn, agus diabhal stopadh a bheadh orthu go mbeadh duine acu sínte tréith ar lár. Anois, tá sin dona go leor, ach i gcás dá leithéid, ní raibh cloch sa mhainchille ag duine ar bith de na cairde céanna sin dá chéile, nó ní raibh aon drochfhuil eatarthu, ach is amhlaidh a tharla an chaismhirt sin eatarthu, de thaisme. Cad is féidir linn a rá faoi chás dá leithéid, ach nár chóir go dtarlódh sé, olc, maith, nó dona, agus arís, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gur toisc go raibh an iomarca óil ar bord ag na cairde céanna sin, a tharla an scliúchas marfach sin eatarthu.

An bhfuil leigheas ar an scéal, an gceapann tú?

Tá, cinnte. Níor chóir an oiread sin dí a dhíol leo, i dteach ósta ar bith, agus i gcás dá leithéid, bheadh cuid den mhilleán ar únéir an tí ósta inar thóg siad an lasta sin ar bord.

Scéal eile ar fad é, nuair a théann dream ruifíní amach ar ar sráideanna, agus gan d’aidhm acu, ach teacht ar dhuine neamhurchóideach eicínt, d’fhonn léasadh maith a bhuaileadh air. De ghnáth, ní bhíonn aithne ná eolas ar bith faoin spéir acu ar an nduine bocht sin. Is amhlaidh a mheallann siad chucu é, trí chipín solais, nó toitín, a iarraidh air, nó rud eicínt dá leithéid, agus ansin, nuair atá sé ina gcóngar, iompaíonn siad air, agus ionsaíonn é, le buidéal, b’fhéidir, nó le scian, nó le ciceanna fiú, go dtí nach mbíonn fágtha ann ach an dé, agus ansin, ritheann siad leo, mar a dhéanfadh cladhairí, gan iarracht ar bith a dhéanamh ar chóir leighis a chur ar fáil dó, nó cúnamh dá laghadh a thabhairt dó. Nach deacair cur suas le hiompar dá leithéid? Agus dá gcuirfeá ceist orm, an raibh leigheas ar bith le fáil ar an gcineál sin barbarthachta, is dócha go mbeadh orm a rá, nach raibh leigheas i ndán d’iompar dá leithéid, ach amháin na coirpigh sin a chaitheamh isteach i gcarcar, sa chaoi nach mbeadh ar a gcumas, a leithéid a dhéanamh d’éinne eile, feasta. Sea, agus níorbh aon mhaith é cupla seachtain príosúntachta a ghearradh orthu, nó thiocfaidís amach, agus dhéanfaidís a leithéid céanna arís, ach dá ngearrfaí seal fada príosúntachta orthu, ansin bheadh seans ann go bhfoghlaimeodh siad fios a mbéas, don todhchaí, agus nach ndéanfadh siad a leithéid arís, agus chomh maith le sin, mhúinfeadh sin ceacht do mhaistíní óga eile, gan iompar dá leithéid a chleachtadh amuigh ar ár sráideanna, ar eagla go ndéanfaí an rud céanna leosan. Sea, mh’anam, is beag rud a thuigeann coirpigh chomh maith le príosúntacht fhada!

Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha go gcaithfidh an tsochaí s’againne, chuile iarracht a dhéanamh ar thimpeallacht an phhobail a fheabhsú, sa chaoi nach mbeidh fonn ar ógánaigh, feasta, daoine a ionsaí, nó a bhualadh, in aon chor. Sna seanlaethe, bhuailtí daoine freisin, ach an tráth úd, ní bhuailfí gan chúis iad, murab ionann is an lá atá inniu ann. Céard a tharla, má sea, a d’athraigh cúrsaí an oiread sin, le cupla scór bliain anuas? Níl dabht ar domhan, ach gur tharla a lán rudaí, a raibh páirt eicínt acu san athrú sin.

 Tharla cogaí iomadúla ó cheann ceann na cruinne, agus tá’s ag an lá go gcothaíonn cogaí foréigean, agus fíoch fola, i measc daoine. Íslíonn siad freisin, an luach a leagann daoine ar bheatha an daonnaí.
 Trí leathadh chumhacht na meán, d’éirigh le fórsaí áirithe dul i gcionn ar an bpobal, agus chuir ar a súile dóibh, gur rud ionmholta é, tuilleadh agus tuilleadh saoirse fós, a thabhairt don duine Agus cé gur maith an rud é saoirse a bheith ag duine, ag an am gcéanna, mura bhfuil sé sásta bheith freagrach as a ghníomhartha fhéin, agus géilleadh do chearta a chomhdhaoine, bhuel, ansin millfidh an tsaoirse sin cumas tháithe an phobail, sa chaoi go loitfí, agus go millfí é, ón dtaobh istigh.
 Tá’s ag an lá, go bhfuil i bhfad Éireann níos mó airgid i bpócaí na ndaoine óga, sa lá atá inniu ann, thar mar a bhíodh, agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile go gcaitear roinnt mhaith den airgead sin ar ól agus ar ragairne, agus nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh.
 Féach freisin, mar a ghlóirtear gnéas, foréigean, agus póit, ar na meáin, sa lá atá inniu ann, go háirithe ar an teilifís, agus nach músclaíonn na scannáin agus na físeáin sin fiosracht na hóige, sa chaoi go mbíonn fonn orthu aithris a dhéanamh ar laochra na scannán.
 Is dócha, chomh maith le sin, go raibh tionchar eicínt ag na trioblóidí a réab leo i dTuaisceart na tíre seo ar feadh thart ar thriocha bliain, agus a chuir thar maoil thrí Dheisceart na tíre seo freisin, is dócha gur dhein siadsan a gcion fhéin le foréigean a chothú agus le moráltacht a lagú inár measc.
 Níl dabht ach gur chuir na cúiseanna uilig sin le chéile, le cumas comhtháite an phobail a fheo, agus a mhilleadh, agus mura bhfuil pobal comhtháite agat, fásann leithleachas agus mé-féineachas ina measc, sa chaoi nach bhfuil pobal feasta agat, ach tréad de dhaoine aonaracha, gan chonradh sóisialta ar bith eatarthu. Fásann foréigean in ithir dá leithéid.

Tá mé cinnte, go bhfuil cúiseanna eile leis an gclaonadh chun an fhoréigin atá le sonrú in óige an lae inniu freisin, agus más uainn an claonadh sin a chur ar ceal, caithfear srian agus smacht a chur ar na fórsaí atá cionntach i bhforéigean agus i ndrochbhéasa an lae inniu. B’fhéidir fiú, go mbeadh orainn dul siar ar na dlithe a ritheadh, ar na mallaibh, ag cur faid le huaireannta oscailte na dtithe ósta, agus b’fhéidir, nárbh olc an smaoineamah é freisin, iachall a chur ar thithe mear-bhianna a ndoirse a dhúnadh níos luaithe san oíche, nó níl dabht ar domhan ach go dtosaíonn troid agus scliúchas, go minic, thart ar na tithe céanna sin.

Déarfainn go bhfuil an iomarca ráite agam faoin ábhar seo, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, caithfear srian a chur leis an bhforéigean seo a tharlaíonn ar shráideanna ár mbailte, agus ar gcathracha, nó mura ndéanann, bhuel, ansin, millfear agus bascfar an tsibhialtacht seo, ar caitheadh na mílte agus na mílte bliain á tógail, agus á cothú, agus gan de rogha fágtha againn ansin ach filleadh ar an mbarbarthacht.

Go dtí an chéad uair eile…..

Slán………

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

.

en_USEnglish