Grisham chugainn arís

.

Peadar Bairéad

Ford County…….céadchló…….2009

By

John Grisham…………………..£12.99

Díolaim gearrscéalta atá i leabhar mór-ráchairte seo an Ghrishamaigh, biodh go mba úrscéalta, den chuid is mó, a leag sé os ár gcomhair amach, go nuige seo, úrscéal is fiche acu, agus leabhar amháin eile, bunaithe ar an bhfírinne, sé sin “ The Innocent Man”. Níl a fhios agam, cén fáth ar athraigh sé cúrsaí anois, ach táid ann adéarfadh, go mb’fhéidir go raibh sé meáite i dtosach ar úrscéalta a dhéanamh díobh seo, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, gur theip ar na scéalta sin forbairt agus fás a dhéanamh dó, faoi mar a tharlaíodh i gcás na n-úrscéalta eile a shil óna pheann, agus ó tharla go raibh siad ró-mhaith le caitheamh i dtraipisí, mar sin, ní raibh le déanamh aige ach iad a athscríobh mar ghearrscéalta. Bhuel, bíodh sin fíor bréagach, níl dabht ar domhan ach gur éirigh leis an údar sraith gearrscéalta den scoth a leagan os ár gcomhair amach sa leabhar seo. Caithfidh mé a admháil, nach go ró-mhinic a léim fhéin díolaim gearrscéalta, ach shocraigh mé ar an ndíolaim seo a léamh toisc gurbh é John Grisham a chuir i dtoll a chéile iad, agus ní raibh a chathú orm, nó is féidir liom a rá anois, gur bhain mé taitneamh, sásamh, agus tairbhe nár bheag, as léamh na scéalta céanna sin.

Seacht gcinn de ghearrscéalta breátha

Ach nár chóir dom tagairt a dhéanamh do na gearrscéalta fhéin?

Bhuel! Seacht gcinn de scéalta dea-scríofa atá idir chlúdaigh an leabhair seo, agus geallaimse dhuit é, go bhfuil sé deacair ceann ar bith acu a chur uait, go dtí go mbíonn an deoir dheiridh den scéal diúgtha agat. Imríonn an t-údar an draíocht chéanna ar a léitheoir leis na gearrscéalta seo is a imríonn sé orthu lena úrscéalta mór-ráchairte.

Féach ar an gcéad scéal acu, “Blood Drive”. Gortaíodh Bailey i gcathair Memphis, áit a raibh sé ag obair ar an mbuildáil, agus scaipeadh an scéal sa mbaile tuaite, Boxhill, mar a raibh cónaí ar a mháthair, arbh othar í ag an am. Scaip an scéal, agus munar cuireadh leis, bí cinnte nár baineadh uaidh, go dtí, sa deireadh, go raibh scéal chailleach an uafáis déanta acu de. Ar deireadh thiar, thug trúir acu aghaidh ar an ospidéal úd i Memphis, go bhfeicfidís cén bhail a bhí ar Bailey bocht, agus é de chuspóir acu a gcuid fola fhéin a chur ar fáil dó, dá mbeadh sé ina gátar. Bhuel, is deacair a chreidiúint go mbainfeadh an oiread sin eachtraí, timpistí, agus mí-fhortún, dóibh, i rith an aistir sin, agus breathnaigh freisin, ar an toradh a bhí ar a gcuairt. Ach fágfaidh mé an pléisiúr sin agat fhéin, agus gan le déanamh agat, lena bhlaiseadh, ach an leabhar seo a fháil agus a léamh!!!

Ar “Death Row”

Fetching Raymond” a bhaist an t-údar ar an dara scéal. Raymond Graney, atá i gceist aige anseo. Duine ab ea Raymond ar chuma leis faoi dhlithe a thíre, agus dá bharr sin, ba mhinic é ina aoi ag an Stát, ó laethe a óige i leith, ach ar deireadh thiar, mharaigh sé póilí, agus dá bharr sin, daoradh chun a bháis é i bpríosún Parchman. Cuireadh siar lá an léin, chomh fada agus d’fhéadfaí sin a dhéanamh, agus bhí Raymond ag cur in iúl dá mhuintir sa bhaile, i gClanton, i Ford County, go bhfaigheadh sé an lámh in uachtar ar an dlí fós. Ach ar deireadh thiar, tuigeadh dá muintir, dá mháthair agus dá dheartháireacha Butch agus Leon, go raibh a chaiscín geall le bheith meilte, agus bhuaileadar bóthar go Priosun Parchman, le bheith i láthair, nuair a sheolfadh an Stát ar a bhealach chun na síoraíochta é

Chaith Raymond seal fada ag insint dá mhuintir, go raibh chuile sheans go n-éalódh sé ó chrúba an Stáit, nó dár leis, go raibh foireann dlíodóirí ag saothrú dó, agus bhéarfaidís siúd bua, i ndeireadh na dála. Féach mar a labhair sé lena mhuintir, nuair a shroich siad Parchman, agus nuair a ligeadh isteach iad i seomra na gcuairteoirí, sa Phríosún úd…..

“We got these sumbitches on the run,” he said, still smiling, the picture of confidence. “My lawyers are filin’ a truckload of habeas corpus petitions as we speak, and they ’re quite certain the US Supreme Court will grant certiorari within the hour.”

Cur i gCéill

Ní raibh, áfach, sa chaint sin uilig, ach cur i gcéill, agus áibhéil, agus ba ghearr ina dhiaidh sin, go raibh air a admháil dóibh, nach raibh aige ach dlíodóir bocht amháin, agus dlíodóir, nach raibh ábalta tada a dhéanamh le cumhacht an Stáit a stopadh, agus thug Raymond bata agus bóthar don dlíodóir fánach céanna sin freisin. Bhí lá, agus uair, a bháis, leagtha amach faoin am sin, agus in am tráth, bhí chuile shórt réidh, le críoch a chur lena ré. Tháinig Aturnae ar an bhfód, agus léigh sé an fógra oifigiúil….

“Pursuant to a verdict of guilty and a sentence of death returned against you in the Circuit Court of Ford County, you are hereby sentenced to death by lethal gas in the gas chamber of the Mississippi State Penitentiary at Parchman. May God have mercy on your soul”

B’in iad na focail a léigh an tAturnae díreach sular sheol siad é i dtreo Sheomra an Gháis i bpríosún Parchman.

Fágfaidh mé an chuid eile den scéal fút fhéin. Caithfidh tú an scéal a léamh, le fáil amach, ar cuireadh Breith na Cúirte i gcrích, agus cén chríoch a chuir an t-údar leis an scéal.

Tuilleadh fós le léamh

Ní gá a rá, go bhfuil scéalta eile sa leabhar seo, cúig cinn acu, scéalta den scoth, agus scéalta a imreoidh a ndraíocht fhéin ort, agus a chuirfidh faoi gheasa thú, lena leagan amach, lena gcur chuige, agus lena stíl mhealltach, corraitheach. Sea, agus chuile scéal acu níos fearr ná a chéile. Caithfidh mé a admháil, gur bhain mé an-taitneamh as an ndíolaim gearrscéalta seo.

  .

.

en_USEnglish