I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(We continue this week to recall memories of a happy holiday spent in Fuertaventura, some years ago…. Part Two of the article now follows….)

.

Saoire thar Sáile

Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta agus lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar chúntar an Ionaid Saoire sin, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mBainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona.

Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.

Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu. An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasán a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, tar éis trí huaire a chloig, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!

Thar am !

Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara le tuirse agus le hocras! Ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúctha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn céanna sin. Chuireamar chuige sin, le flosc agus le fonn, agus i ndeireadh na dála, tar éis dúinn teacht ar phroinnteach sásúil, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.

Ar thaitin an tsaoire sin i bhFuerteventura linn, an ea?

Tráth Sosa

Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís, d’fhéadfá a rá, agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomarna, ar aon nós, ach ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the dhomsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil i bhfad uathu!

Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil, an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil muid deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an tsaoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine?

An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís, an ea ?

N’fheadar, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!

Céard fútsa?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish