ráithe, three months; cuireadh, invitation; a athbheochan, to revive; d’éirigh eatarthu, the fell out (quarrelled); meánaoiseach, mediaeval; murab ionann is, unlike; geansaí baile, homeknit jumper; Nach méanar dó? isn’t it happy for him?

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Gaelscoil Osraí

Peadar Bairéad

.

Seachtain na Gaeilge 2005

.

Is beag rud is mó a thógann mo chroí, ná bheith suite síos i measc daoine óga, go háirithe, nuair is í an Ghaeilge a bhíonn idir chamáin acu, díreach faoi mar a tharla dom ar an Máirt, an 15ú Márta, 2005, i nGaelscoil Osraí anseo sa Chathair Álainn, nuair a tugadh cuireadh dom bheith ar an bhfód, ag a deich a chlog ar maidin, sa Ghaelscoil chéanna sin. Mar is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil mo shaol caite agamsa, ag gabháil don teanga chéanna sin, ó laethe m’óige i leith. Bhí an Ghaeilge thart ormsa agus mé ag fás suas in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, blianta fada ó shoin anois. Ba mhór go deo againne an Ghaeilge chéanna, an t-am sin, agus theastaigh uainn an teanga a athbheochan, agus a chur á labhairt arís i measc mhuintir na tíre seo.

Young again

Ritheann línte Raifteirí liom, ar ócáid mar seo. Is cuimhin libh, gur fhág an file sin, a bhaile dhúchais i gContae Mhaigh Eo, agus go ndeachaigh sé ó dheas, ar deoraíocht, go Contae na Gaillimhe, nuair a d’éirigh idir é fhéin agus Frank Taffe, an Tiarna Talaimh áitiúil, ach chuile bhliain, ar theacht an Earraigh, thosaíodh sé ag smaoineamh ar dhul ar ais, ar chuairt, chuig a bhaile dhúchais fhéin, chuig Cill Aodáin, agus féach mar a chuir sé síos ar an tionchar a bheadh ag cuairt dá leithéid air….

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,

Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,

Is dá mbeinnse ’mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine

D’imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

In the Assembly Hall

Fáiltíodh romham go croíúil nuair a seoladh isteach i Halla an Tionóil mé, an mhaidin sin, nó bhí scoláirí na Gaelscoile uilig bailithe le chéile ansin, mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge, agus le Coirn a bhronnadh, ar na daltaí a rinne an dul chun cinn ba mó, i rith na seachtaine roimhe sin. B’in an gnó faoi leith a bhí le déanamh agamsa, sé sin, na Coirn a bhronnadh. Ní call dom a rá, gur bhain mé ard-taitneamh as an ngnó agus as an ócáid sin.

Changed Times

Ó sea. Ach ag caint ar an óige……

Ó! a Thiarna! nach mór idir inné agus inniu! Nó bhí saol eile ar fad, i dtreis, nuair a bhí mise ag fás aníos, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, blianta fada ó shoin anois. Saol meánaoiseach a bhí i réim, in ár measc, an tráth úd, murab ionann is an cineál saoil atá i dtreis sa lá atá inniu ann. Ní raibh raidió nó teilifís againn, nuachtáin nó greannáin, ríomhairí nó play stations, spástaisteal nó roicéid, ach nár chuma faoi na cúrsaí sin, i ndáiríre, nó mhaireamarna, go comharsanúil, carthannach, sásta, ar scáth a chéile, mar is dual do dhaoine a dhéanamh, agus faoi mar a dhein na glúnta a tháinig romhainne, le sinsearacht. Sin an cineál saoil a léirítear i leabhair cosúil le Peig Sayers agus Fiche Bliain ag Fás, agus tuilleadh, a dhéanann tochrais ar an gceirtlín céanna sin.

The New and the Old

Sea, agus i gcás éadaigh de, ní bhíodh tóir ar bith ar “Brand Names”, nó a leithéid d’éadaigh ghalánta spóirt, dá mbeadh fáil fiú, ar a leithéid, ag an am, agus fiú dá mbeadh, ní bheadh ar ár gcumasna iad a cheannacht. Ina n-áit, is amhlaidh a dhéanadh Mam geansaí a chniotáil dúinn, agus ar deireadh thiar, nach orainne a bhíodh an bród, agus geansaí nua baile dár gcuid fhéin againn! Bí ag caint ar éadaigh ghalánta! tabhair domsa an geansaí álainn, olla, cniotáilte ag mo Mham, bhíodh sé cosúil le brat a grá thart orm, le fuacht, fearthainn agus buaireamh an tsaoil fhiochmhair seo a choinneáil ó dhoras dom.

Ná ceapadh éinne anois, go bhfuilimse ag gearán toisc nach raibh deasa deasa shaol an lae inniu againne an tráth úd, mar ní mar sin atá, bhaineamar an oiread spóirt agus spraoi as a raibh againne, an tráth sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu, as a bhfuil ar fáil acusan, sa lá atá inniu ann.

Encouragement

Bhí Gaeilge ag beagnach chuile dhuine ar an mbaile, agus ba uathusan a fuair mé, le huacht, an meas agus an cion, atá agam fós ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge. Nach méanar do scolairi Ghaelscoil Osraí, mar a mbronntar Corn Ranga, chuile sheachtain, ar an ndalta is mo a dheanann dul chun cinn, ina rang, i rith na seachtaine sin. Spreagann a leithéid gasúir chun oibre, agus ní call go mbeadh éad ar dhuine ar bith, leis an té a bhuann Corn na seachtaine seo, nó nach bhfuil chuile sheans ann, gur airsean nó uirthisi, a bhronnfaí Corn na seachtaine seo chugainn. Molaim buaiteoirí na seachtaine áirithe sin, Seachtain na Gaeilge 2005, nó bhí de phribhléid agamsa na Coirn sin a bhronnadh orthusan. Nár laga Dia iad, agus gura seacht fearr a bhéas chuile mhac a’ pheata acu, bliain ó inniu.

A Memorable Occasion

Sea, ní baol go ndéanfaidh mise dearmad go luath ar an lá iontach sin ar iarradh ormsa bheith i láthair sa Ghaelscoil, le Coirn a bhronnadh, agus le cupla focal misnithe a labhairt le Tionól na Scoile sin, nó mar is eol do roinnt áirithe daoine, táimse ag dul ar chuairt chuig an Scoil chéanna sin ó bunaíodh í. I ndáiríre, ní raibh an scoil seolta ach ráithe, nuair a thug an Ardmháistreás, Gobnait Ní Choitir, cuireadh chun na scoile dom. Ghlac mé lena cuireadh agus caithfidh mé a admháil, go raibh ionadh an domhain orm, nuair a chonaic mé an líofacht do-chreidte sa Ghaeilge a bhí ag a daltaí, tar éis na ráithe sin. Sea, agus nach minic mo chuairt ar an Scoil sin, san idirlinn, agus mothaím i gcónaí go bhfuil gaol, nó ceangal speisialta, agam leis an Scoil seo, agus tugaim faoi deara freisin, go mbeadh sé deacair an fháilte chroíúil, dáiríreach, a chuirtear romhamsa ansin, a shárú, fiú thiar im áit dhúchais fhéin i gContae Mhaigh Eo!! Agus ní focal beag nó suarach é sin i dteanga ar bith.

Ó sea! agus chan na daltaí Amhrán Ghaelscoil Osraí dom freisin, Amhrán, a raibh sé de phribhléid agamsa a chumadh dóibh. Chan siad freisin, cupla véarsa as Cill Aodáin, agus Dóchas Linn Naomh Pádraig. Geallaimse dhuit é, gur thaitin mo chuairt ar an nGaelscoil go mór ar fad liom.

en_USEnglish