.

I m B é a l a n P h o b a i l

Peadar Bairéad

Jim Carew remembered

Tharla go raibh mé i Má Nuat, ón 24ú go dtí an 29ú Bealtaine, agus dá bharr sin, ní raibh ar mo chumas bheith i láthair ag tórramh nó ar shochraid seanchara liom, a cailleadh ar an Aoine, an 25ú Bealtaine 2007. Ni bhfuair mé amach go raibh Jim Carew básaithe go dtí gur léigh mé an drochscéal sa Kilkenny People, ar an gCéadaoin, an 30ú Meitheamh.

Ní chuile lá a chasfadh fear cosúil le Jim Carew leat, nó ba dhuine uasal é go smior na gcnámh. É carthannach, comharsanúil, cabhraitheach. Dáiríreach, nuair a bhí gá le dáiríreacht, ach taobh leis an dáiríreacht sin bhí féith fuascailteach an ghrinn ann freisin. Ba dhuine é Jim, a dtabharfaí aird ar a thuairim chuile lá riamh. Ní go minic a labhradh sé i lúb chruinnithe, ach nuair a dhéanadh, d’éistfí leis. Ní bréag ar bith a rá go n-aireoimid uainn é, sna laethe atá romhainn amach. Rinne Jim freastal ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo, áit ar chaith mé fhéin seal freisin, rud a d’fhág ceangal caradais agus tuisceana eadrainn, le linn ár mblianta le chéile, i gColáiste Chiaráin.

A leader

Mar is eol do chách anois, chaith Jim a shaol gairmiúil, mar mhúinteoir, i gColáiste Chiaráin. Ní raibh mé fhéin ró-fhada i mbun oibre sa Choláiste céanna sin, nuair a tháinig Jim Carew isteach chugainn mar mhúinteoir, sa bhliain 1971, déarfainn. Fear breá, óg, ard, scafánta, a bhí ann, ag an am. É fuinniúil, fearúil, friothálach. Ba ghearr go raibh a thionchar chiúin le tabhairt faoi deara ó cheann ceann na scoile. Ar an bhFraincis a dhírigh sé a scileanna múinteoireachta, agus ní call dom a rá, gur éirigh go geal leis sa bhfiontar sin, ach le himeacht aimsire, d’éirigh le Jim a thionchar a leathadh i ngoirt eile múinteoireachta, agus ba ghearr go raibh sé ag traenáil fhoireann sacair an Choláiste, agus dá ndéarfainn é, níorbh aon ghobán é an Jim céanna i mbun na hoibre sin, agus bhain sé cáil amach dó fhéin freisin, mar imreoir, sna bólaí seo. Is iomaí uair freisin a sheol Jim buíon daltaí ó Choláiste Chiaráin go tíortha i bhfad i gcéin, fiú chomh fada ó bhaile leis an Rúis fhéin. Bhí sé ullamh i gcónaí teacht i gcabhair ar dhaltaí, nó ar mhúinteoirí, nuair a bheadh a chúnamh ag teastáil uathu.

Níor phíobaire an aon phoirt é Jim s’againne, ach oiread, nó chaith sé a dhúthracht freisin ag saothrú le Clubanna Chumann Lúthchleas Gael.

A Man of Many Skills

Chuir Jim ionadh orainn freisin lena scileanna mar thógálaí, nó nach ndeirtear linn gur dhein sé éacht i dtógáil a thí fhéin? Sea, b’ildánach an Críostaí é, agus mar dhuine a d’oibrigh taobh le taobh leis, thar achar maith blianta, is féidir liom a rá, go raibh meas thar na bearta agam air, mar chomhleacaí, mar chomrádaí, agus mar chara.

léirigh Coláiste Chiaráin an meas a bhí acu ar a n-iarmhúinteoir, nó bhí idir fhoireann agus scoláirí na scoile sin, i láthair i Ardeaglais Mhuire, anseo i gCill Chainnigh, len é a chur faoi bhrí na guí, agus chomh maith leo siúd, bhí ar an bhfód freisin, baill de na Cumainn éagsúla spóirt, a raibh sé bainteach leo, lena meas siúd a chur in iúl freisin. Chomhcheiliúir thart ar dháréag sagart Aifreann na Marbh, san Ardeaglais, maidin na sochraide, agus dáileadh an chré leis i Reilg Chiaráin, anseo sa Chathair Álainn, i ndiaidh an Aifrinn chéanna sin.

Is oth linn uilig bris a mhuintire, nó is mór an chaill orthu a bhás agus é fós ina fhear óg. Ba mhaith liom ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean, dá chlann, dá chairde agus dá ghaolta.

Solas na soilse dá anam uasal, agus áit ag Bord an Tiarna, go raibh aige anois agus i dtólamh.

Farewell

Slán go Fóill

.

Aniar aduaidh, gan trua,

Sea d’éalaigh an bás, gan trup,

Gur sciob sé uainne ár gcara

Is d’fhág muid buartha gan sos.

.

Mothóimid uainn thú, a chara,

Do ghreann, do spórt, is do chiall,

B’fhearúil, Críostaí, do dhearcadh,

Gan fuath, gan fearg, gan fíoch.

.

.

Mar lia os do leacht mo dhánsa,

Ag scaoileadh do sceoil do chách,

Ag buanú do chuimhne id dhúthaigh,

Is ag ceiliúradh do rath agus d’ágh.

.

Anois is d’oilithreacht déanta,

Is fóda na bhFlaitheas geal fút,

Go raibh solas na soilse dod’ stiúradh

I gcomhluadar naomh agus sua.

.

.

en_USEnglish