I m B é a l a n P h o b a i l

Peadar Bairéad

.

(Seo píosa a scríobh mé tamall ó shoin, agus nach soiléir do dhuine ar bith gur beag athrú a tháinig ar chúrsai san idirlinn)

.

“My Grouse Night”

Nuair a bhí mé fhéin ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe, sa dara leath de dhaichidí na haoise seo caite, bhí de nós ag na Mic Léinn ansin, Grouse Night a eagrú, i dtús chuile bhliain. Bhuel, b’in an t-ainm a bhaisteadh siad ar an oíche a dtugtaí cead do chuile Mhac Léinn aon ghearán a bhí aige, i gcoinne an Choláiste, ach go háirithe, a leagan os comhair a chomhdhaltaí. B’fhéidir go maireann an nós sin san ‘Alma Mater’ sin, anuas go dtí an lá atá inniu ann, ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo….sé sin, go bhfuil de nós agam fhéin, sa Cholún seo, freisin, srian a ligean lem’ ghearáin, corruair, agus iad a leagan os bhur gcomhair amach, anseo i mBéal an Phobail. Agus ó tharla go bhfuil cupla casaoid le déanamh agam anois, nach bhfuil sé chomh maith dhom iad a leagan os bhur gcomhair anseo anois.

Those Boy-Racers

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom gearán láidir a dhéanamh i gcoinne an nós atá ag roinnt áirithe tiománaithe, srian a ligean lena gcarranna ar ár mbóithre, agus ar ár sráideanna, go háirithe, tar éis titim na hoíche. Caithfidh mé a admháil, nár thug mé fhéin an nós seo faoi deara, go dtí le déanaí, nó roinnt blianta ó shoin, go bhfios domsa, ní tharlaíodh a leithéid, ach sa lá, nó ar chóir dom, san oíche, atá anois ann, a rá, is beag nach gceapfá gur i bPáirc Mondello a bhí tú, leis an dtorann ard, géar, cluasphléascach, a réabann ciúneas séimh na n-oícheannta, agus idir óg agus aosta, ag súil le deis léite, nó suaimhnis, nó codlata, fiú, a bheith acu, tar éis bhuaireamh tuirsiúil an lae. Ach, beag an seans go bhfaigheadh siad a leithéid, leis an ngleáradh toirniúil a réabann thar a dtithe, ar na bóithre, agus ar na sráideanna amuigh.

Noise Pollution!

Céard tá ag tarlú amuigh ansin ar ár mbhóithre in aon chor?

Dúirt Mártan an Tairbh liom, gur chuala seisean ó Shéimí an Droichid fhéin é, gurb amhlaidh atá gluaisteánaithe óga na dúiche seo, ag ullmhú do rásaí gluaisteán Oileán Mhanainn. Dhealródh sé nach bhfuil a fhios ag éinne céard é go díreach atá ar siúl ag na rásaithe óga seo. Bíodh sin mar atá, ach nach bhfuil sé thar am ag an nGarda s’againne an scéal a fhiosrú dúinn, agus muid a chur ar an eolas, faoi na Rásaithe Óga seo, atá ag cleachtadh a gcuid cleas, anseo in ár measc.

Aon scéal agat fhéin faoi na cúrsaí céanna seo?

Roundabouts

Tá gearán eile agam freisin faoi dhream tiománaithe, in ár measc, nach bhfuil eolas dá laghad acu faoi chóras na dtimpeallán. Is é atá i gceist agam anseo nó go dtagann siad isteach chun an timpealláin ina rás, ar lán luas, agus cuma faoi chearta ghluaisteánaithe eile, teastaíonn uathusan ceart slí a bhaint amach dóibh fhéin, ar ais nó ar éigean! Tá mé cinnte, gur chúis tionóisce é iompar na ngluaisteánaithe sin, go minic. Agus nár casadh carr orm fhéin, an lá cheana, agus é istigh ar thimpeallán agus é ag taisteal sa tslí chontráilte! Nach bhfuil sé deacair a leithéid a chreidiúint? Bhuel, creid mise ann, go dtarlaíonn a leithéid. Agus os ag caint ar luas mé, caithfidh mé a admháil go bhfuil feabhas beag eicínt tagtha ar iompar ár dtiománaithe, sa ghné sin den tiomáint, agus is annamh anois, a réabann tiománaí tharat amach, é ag séideadh adhairce, agus ag tabhairt comhartha na méar dhuit, agus tú ag tiomáint leat ar an luas lamháilte, go háirithe taobh istigh de theorainneacha na mbailte is na gcathracha, ach amuigh ar bhóithre bána na Banban, bhuel! sin scéal eile ar fad, agus déarfainn go bhfuil píosa le dul fós againn, sa ghné sin dár dtiomáint.

An bhfuil gearán ar bith eile agam, an turas seo, an ea?

Bí cinnte go bhfuil, agus ualach asail díobh, ach ní thabharfaidh mé, an babhta seo, ach ceann amháin eile.

Agus céard é fhéin, an ea?

Littering too!

Bhuel, caithfidh mé a admháil, go gcuireann na daoine a chaitheann bruscar timpeall orthu, ar ár sráideanna, agus ar ár mbóithre, cuireann siad déistean orm. Nach minic a fheiceann tú gluaisteán breá, feiceálach, fada, ag réabadh tharat, agus ansin, de phlimp, islítear fuinneog, agus caitear mám bruscair amach tríd an bhfuinneog oscailte sin, faoi mar ba mhám milseán a bhí a chaitheamh amach acu, ina sciob sceab, chuig na dúchasaigh é. Sea, mh’anam, minic a chuala mé duine den aicme sin ag maíomh, go raibh siad ag cur oibre ar fáil don chosmhuintir, mar cuireann siad “jab” ar fáil do dhuine eicínt, nach mbeadh aige, marach iad, ach an “dól”.

Nach mór an faoiseamh anois dom, an méid sin casaoide a bheith déanta agam, ach bí cinnte go mbeidh mé ar ais arís, gan mórán moille, agus mé ag clamhsán liom ar mo shástacht, faoi ábhar eicínt eile…..

(Dá mhéad a athraíonn cúrsaí, ’sea is mó a fhanann siad mar a bhí.)

.

.

en_USEnglish