Bord Snip agus an Ghaeilge

.

Níor ghnóthaigh an Bord Snip Nua mórán “Brownie Points” ó lucht na Gaeilge, ar na mallaibh, lena dTuarascáil ar Uimhreacha agus ar Chaiteachas san Earnáil Phoiblí. Bhí sé dona go leor, tamall ó shoin, nuair a fógraíodh, ón Roinn Oideachais agus Eolaiochta, nach mbeadh cead ag Gaelscoileanna tumoideachas sa Ghaeilge a chleachtadh feasta. Ach bhí sé i bhfad níos measa, nuair a moladh i dTuarascáil úd Bhord Snip, go smaoineofaí ar Roinn na Gaeltachta a chur ar ceal, scun scan, agus go n-aistreofaí graithí na Roinne sin go Roinn eicínt eile, nó go Ranna eile, fiú. Tuigtear gur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thitfeadh an crann sin, rud nach sásódh lucht na nGaelscoileanna, nó lucht na Gaeilge, ach oiread, nó tuigtear nach mbeadh ar chumas na Roinne sin an gnó úd a chur i gcrích, faoi mar ba chóir, toisc nach bhfuil sa Roinn sin ach thart ar 3% den bhfoireann a bheadh inniúil ar an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

De réir Phreasráitis, ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, tá le tuigbheáil, go bhfuil cinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keefe, TD., deireadh a chur leis an Ionad Oideachais don nGaeilge, a bhí beartaithe do Bhaile Bhúirne, cáinte go géar ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus dealraíonn sé, ón dTuarascáil thuasluaite, go bhfuiltear meáite ar COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna) a chealú freisin, bíodh gur bunaíodh an Chomhairle sin faoi fhorálacha an Acht Oideachais, 1998, tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge , Gaelscoilanna Teoranta, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, ar bun, le go mbeadh sainstruchtúr ann, le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na Scoileanna lán-Ghaeilge. Tá chuile chosúlacht ar an scéal mar sin, nach bhfuiltear sásta, nó leath-shásta fhéin, le moltaí an Bhoird Snip i leith na Gaelige.

Cúlú

Ach is dócha go ndéarfadh roinnt mhaith daoine nach mbeidís fhéin ag súil lena mhalairt, nó cathain a dhein an Stát s’againne, adeiridís, aon chinneadh dearfach i leith na teanga céanna sin? Breathnaigh siar ar pholasaithe an Stáit i leith na chéad teanga oifigiúla le blianta fada anois. Céard tá le feiceáil againn trí bhunús na mblianta sin uilig? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, nach raibh i gceist i rith an achair sin ach cúlú, neamart, agus faillí. Sea, agus cén toradh a bhí ar an obair sin go léir? Cúngú na Gaeltachta, agus laghdú ar uimhreacha na gcainteoirí dúchais.

Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, céard faoi fhás na nGaelscoileanna, agus úsáid na Gaeilge, frí chéile, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí gnó, sea, agus céard faoi fhás na litríochta, idir phrós agus fhilíocht, síos tríd na blianta céanna sin?

Mian an Phobail is cúis leis an bhfás a tháinig ar na tionscnaimh sin, thar na blianta. Níl le déanamh agat ach cupla ceist a chur ort fhéin, le fírinne a bhfuil á dhearbhú anseo, a chruthú.

Arbh é an Stát s’againne a bhunaigh na Gaelscoileanna? Tá’s ag an lá fhéin nárbh é! Baill den phobal, a chonaic nach raibh aon ró-dháiríreacht ag baint le polasaí an Stáit i leith na hathbheochana, a thuig gur fúthu fhéin a bhí sé tús a chur le polasaí cinnte i leith na Gaeilge, nó tuigeadh dóibh, go mbeadh aithbheochan do-dhéanta, geall leis, mura n-éireodh leo an teanga a chur ar ais ar bhéal na n-óg, i dtosach. D’fhéadfaí í a choinneáil, mar theanga marbh, b’fhéidir, ach le teanga bheo a dhéanamh di, bheadh gá le cabhair, cúnamh, agus díograis, na n-óg chuige sin. Shocraíodar, mar sin, ar scoileanna speisialta Gaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dóibh, trí thumoideachas, an teanga a athphréamhú arís ar bheola páistí. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh an ceart acu, agus nach raibh ag teastáil ón Stát ach go dtabharfadh sé cabhair agus cúnamh dóibh sa bhfiontar sin, agus caithfear a admháil anseo gur deineadh sin, i dtosach, ar aon nós.

Toil an Phobail

Agus céard faoin méid Gaeilge a chloistear á labhairt ar shráideanna agus ar bhóithre; i siopaí agus in oifigí; i dtithe agus in árais, ó cheann ceann na tíre seo?

Eagraíochtaí deonacha, eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, agus tuilleadh dá leithéid, sea, agus cúnamh na nIrisí, agus na Nuachtán Gaeilge, gan trácht in aon chor ar Raidió agus Teilifís le Gaeilge, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as an dteanga, le gnáth-chúrsaí an tsaoil a láimhseáil. Caithfear a admháil, go dtugann an Rialtas s’againne cúnamh airgid do eagraíochtaí dá leithéid, agus ba chóir dúinn an t-áth sin a mholadh mar a bhfaightear, ach ní bhíonn i gceist sna cúrsaí sin, i ndáiríre, ach pingneacha beaga, agus nuair a chuirtear tábhacht na Teanga i saol an náisiúin sa mheá, tuigtear go bhfuil dualgas ar an Rialtas spiorad an náisiúin a chosaint, a chothú, agus a spreagadh, trí pholasaithe cuí, agus trí mhaoiniú fial, flaithiúil. Dá mba iasc, nó ainmhí, nó fiú seilide púcaí, a bhí i mbaol a bhasctha, thiocfadh an Stát i gcabhair air, sna bealaí céanna sin. Sea, agus dhéanfaidís a leithéid gan dochma, gan sprionlaitheacht, agus dá mbeidís sásta a leithéid a dhéanamh do sheilide púcaí, tuige nach mbeidís sásta sin, agus níos mó, a dhéanamh, le spiorad an náisiúin a shlánú?

s don Todhchaí

Cá bhfuil fís an Rialtais i leith na teanga, agus i leith an náisiúin?

Más uainn an teanga a shlánú feasta, caithfimid polasaithe cuí a dhréachtú, agus a mhaoiniú chuige sin,

agus mura bhfuil….Bhail! tugaimis aghaidh mhacánta ar an ndán sin………..

.

en_USEnglish