I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ceart nó Déirc?

Ag miogarnaigh cois na tine a bhí mé, tráthnóna an Bhuiséid, nuair a dúisíodh de phlimp mé. Duine éigin a bhí ag iarraidh an doras tosaigh s’againne a leagan, nó a bhriseadh, a cheap mé i dtosach, ach ar baillín, tuigeadh dom go raibh duine eicínt ag oibriú na ndoirne ar an ndoras céanna sin, agus é ag éileamh go ligfí isteach é.

D’éirigh mé, chomh sciobtha is a bhí i mo chnámha, agus rinne mé mo bhealach go dtí an doras tosaigh. D’oscail mé an doras, agus cé bheadh ina sheasamh ansin, ar lic an dorais, ach mo sheanchara, Séimí a’ Droichid. Thug mé faoi deara láithreach go raibh sé thar a bheith corraithe, nó bhí muc ar gach mala aige, agus chuile chosúlacht air, go raibh cuthach feirge air.

Séimí a’ Droichid

“Do chéad fáilte isteach, a Shéimí,” arsa mé fhéin go deas réidh leis, “gabh aníos ag an tine, agus cuir feoil ar an gcathaoir shúgáin sin ar thaobh na ciotóige ansin.”

“Thankee! thankee!” arsa mo Shéimí cóir, nó sin leagan cainte atá aige, ceann a phioc sé suas, tráth raibh sé ina náibhí, in Albain, blianta fada ó shoin.

“Aon scéal nua agat?” arsa mé fhéin leis, nuair a fuair mé suite go compórdach é ar bhruach an teallaigh, agus mé ag iarraidh fios fátha a scéil a mhealladh uaidh.

Buiséad!

“Buiséad a thugann siad air!” ar seisean “ Dearg-robáil! sin a thabharfainn fhéin air, nó céard tá déanta acu anois ach na Cártaí Leighis a bhaint díom fhéin is de Naipí bhocht s’againne”

B’éigean dó stopadh ansin, nó thug mé faoi deara, go raibh sé deargtha suas go dtí bun na gcluas, agus do bharúil? nach raibh braon fola lena shrón, an fear bocht. Fuair mé fhéin braoinín fuiscí dó, agus d’iarr air é a chaitheamh siar láithreach. Rinne, agus chonacthas dom, gur tháinig sé chuige fhéin roinnt, dá bharr.

“Ach a Shéimí, sin an cineál ruda a tharlaíonn, nuair a thagann cruaidh ar Aire Airgeadais, agus Buiséad á chur i dtoll a chéile aige.”

“Tuigim sin, agus bheinn fhéin sásta mo chion fhéin a íoc, chomh maith le fear, ach nach bhfuil a fhios agat, gur bronnadh na Cártaí céanna sin ar shaoránaigh na tire seo, ar shroichint na trí scór is a deich dóibh, agus de réir mar a thuig mise cúrsaí, níor dhéirc, nó “hand out” a bhí i gceist sa mhéid sin ach gur bronnadh orainn iad, mar cheart, ceart a thuillfeadh chuile shaoránach, dá n-éireodh leis, nó lei, an aois oirirc sin a shroichint, díreach faoi mar a bhronntar an Seic sin an Uachtaráin, orthu siúd, a shroicheann an céad, bail ó Dhia orthu!”

Ní buan iad geallúintí poilitíochta!

“D’fhéadfadh cuid den cheart a bheith agat sa mhéid sin, ach nach bhfuil a fhios agat fhéin, nach ró-bhuan iad geallúintí poilitíochta”

“Admhaím go bhfuil an fhírinne ghlan agat sa mhéid sin, ach má ligtear don Rialtas an ceart sin a bhaint de shaoránach ar bith, bhuel, an bhfuil ar a gcumas ansin cearta eile a bhaint dínn, freisin? Bronnadh an ceart sin orainn, seacht mbliana ó shoin, agus anois, tá siad meáite ar na cearta céanna a bhaint dínn agus a chealú. An bhfuil a leithéid de chéapar ceart, cóir, nó feiliúnach?”

“Déarfainn go dtuigtear don Rialtas go bhfuil an ceart sin acu.”

“Má tá an ceart sin acu, bhuel, go bhfóire Dia orainn uilig, agus féach anseo anois. Tá mo Chárta Leighis fhéin sa tiachóg seo agam. Breathnaigh air anois, agus inis dom, céard a deirtear ar an gCárta céanna sin?”

Valid until 2020?

“Ó! sea, feicim anseo go ndeirtear go bhfuil an Cárta seo “Valid” go dtí an bhliain 2020, agus ar chúl an Charta, deirtear, gur féidir leis an HSE an Cárta a athrú, nó a chealú, dá n-athródh cúrsaí an té ar leis é.”

“Bhuel, nach bhfuil lán béil ráite acu sa mhéid sin. Tá sé “Valid” go ceann dhá bhliain déag eile, agus is féidir é a chealú, má athraíonn cúrsaí an té ar leis an Cárta. Níl tada ansin faoin gCárta a chealú ar chúinsí ar bith eile. Nach bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal, gur roghnaíodh na seandaoine le híoc as dearmaid lucht na sparán teann, toisc, is dócha, nár tuigeadh go mbeadh ar a gcumas tada a dhéanamh faoi, agus bhí an ceart acu sa mhéid sin, ach chonacthas don phobal, frí chéile, nár chóir leatrom dá leithéid a dhéanamh orthu siúd, a chaith a laethe, ag saothrú don Stát, ag íoc cánach, ag tógáil clainne, agus ag coimhlíonadh dualgaisí an tsaoránaigh chóir.

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre!

Ach, feach! Ní haon mhaith bheith ag caint agus an anachain déanta! Tá sé chomh maith domsa dul abhaile, nó tá Naipí s’againne an-chorraithe faoin ábhar céanna seo, an créatúr, nó tá Cárta Leighis aicise freisin. Ach, go raibh maith agat as éisteacht liom, nó feictear dhom anois, go bhfuil ualach trom scaoilte agam díom, tar éis an méid sin cainte a chur díom. Oíche mhaith agat anois!”

“Slán abhaile” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, agus é ag cur an doras amach de le luas lasrach.

Ach ba chóir dom a rá, gur fhág sé ábhar machtnaimh agamsa, a choinneoidh ar mo mharana mé go ceann scathaimh, ach go háirithe, nó nach duine den dream sin mise freisin!

  

.

en_USEnglish