I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Our Senate

Bíodh go bhfuil mé ag scríobh don cholún seo anois le tarraingt ar thriocha bliain, ní dóigh liom, gur dhírigh mé mo chleite riamh cheana ar an Seanad s’againne, agus ó tharla gur mar sin atá, nach bhfuil sé thar am agam mo dheis a thapú anois, agus píosa beag a chur ar phár faoin Seanad céanna sin.

In the Constitution

Ní gá a rá, go mba chuid dílis dár mBunreacht í an institiúid sin ó thús, sé sin, ón lá a d’achtaigh an pobal Éireannach a mBunreacht, ar an gCéad Lá d’Iúil, 1937, ach go háirithe, ó tháinig an Bunreacht sin i ngníomh, ar an 29ú Nollaig, 1937, agus ba é a tuigeadh ag an am, nó go raibh gá leis an Dara Teach, le súil a choinneáil ar an nDáil, ar eagla go raghadh siad thar fóir, agus go mbeadh ar a gcumas dul le deachtóireacht, nó a leithéid, agus iad beag beann ar leas an phobail Éireannaigh, mura mbeadh srian eicínt ag an bpobal orthu, len iad a choinneáil ar bhóthar caol anacair ár leasa. Caithfear smaoineamh freisin, ar pholaitíocht na gCumhachtaí Móra, ag an am, agus ar an treo a roghnaigh cuid acu dá bpobail. Féach mar a chuirear é in Airteagal 15, Alt a Dó dár mBunreachtna

“An tUachtarán agus dhá Thigh atá insan Oireachtas: Tigh Ionadóirí ar a dtugtar Dáil Éireann, agus Seanad ar a dtugtar Seanad Éireann.”

A Papal Encyclical

Chuile sheans go raibh tionchar eicínt ag imlitir an Phápa úd, a mhol go mbeadh tionchar ag eagraíochta gairmiúla i ndréachtadh, agsu i bhfeidhmiú, dlithe an Stáit. Níl dabht ach gurbh é a bhí i gceist ag an bPápa nó go mbeadh an Dara Teach seo saor ar fad ó thionchar na bPáirtithe Polaitíochta, agus gurbh iad na hEagraíochta, agus na Cumainn Ghairmiúla, a thoghfadh, nó a roghnódh baill an tSeanaid. Bhí sin go maith, ach céard a tharlódh, dá raghadh an Teach sin glan in aghaidh na Dála? agus í ag iarraidh dlí riachtanach a achtú, ar mhaithe le leas an phobail? Is dócha gurbh é a bhí i gceist sa chás sin, nó go gcuirfeadh diúltú an Dara Thí sin moill ar theacht i bhfeidhm an dlí áirithe sin. Bheadh sé deacair glacadh le leagan amach dá leithéid, nó nár toghadh na Teachtaí Dála le leas an phobail a dhéanamh, ach dá mbeadh an chumhacht diúltaithe sin ag an Seanad, bhuel, ansin, ní bheadh cead ag an Dáil a dualgas a dhéanamh. Seasamh nach mbeadh inghlactha, olc, maith, nó dona. Ní raibh ach bealach soiléir amháin as an bhfadhb sin, agus b’in cumhacht an tSeanaid a laghdú, sa chaoi go mbeadh ar chumas an Rialtais dlithe a achtú, beag beann ar Vótóirí an tSeanaid.

Wings Clipped

Chuige sin, is dócha gur socraíodh go mbeadh ar chumas Thaoiseach an lae, aon Seanadóir déag a roghnú, ar a chonlán fhéin. Nár mhór an chabhair a leithéid, le móramh a chur in áirithe don Rialtas, tráth ar bith a ghlaofaí vóta sa Teach sin. Bheadh sin uilig go maith, dá gcloífí le rialacha áirithe roghnaithe, agus nach roghnódh an Taoiseach ach daoine a raibh cleachtadh leathan faighte acu, taobh amuigh ar fad de dhomhan na polaitíochta. Ach, ní mar sin a tharlaíonn, go minic, ní hea, mh’anam, nó, anois is arís, nach iad na seanchairde ar diúltaíodh dóibh sa Toghchán, a dtugtar suíochán dóibh ar Phainéal úd an Taoisigh. Anois, nílim ag tagairt in aon chor do Thaoiseach ar bith faoi leith, ach deirim gur mar sin a tharlaíonn, go ró-mhinic. Agus nach é an scéal céanna é i gcás na bPainéal eile a thoghann baill an tSeanaid? Go ró-mhinic, roghnaítear na hiomaitheoirí, toisc go bhfuil baint thar bhlianta fada acu le Páirtí áirithe Polaitíochta. Sa tslí sin, faigheann muid, i ndeireadh na dála, faigheann muid Seanad, ar íomhá é, ar bhealach, den Dáil fhéin, agus nárbh é sin an chríoch nár theastaigh uainn, chor ar bith!

Time to think again

s mar sin atá, agus im thuairimse, sin mar atá, nach bhfuil sé in am againn, breathnú arís ar an Dara Teach, féachaint an bhfuil baint nó páirt aige le prionsabail an Daonlathais? Agus ní haon mhaith é buíon polaiteoirí a chur i mbun na hoibre sin, nó nach ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán? agus nach n-oireann an leagan amach atá againn faoi láthair go hálainn, le polaiteoirí, nó nach bhfuil an Seanad ansin i gcónaí, le seal a chaitheamh ann, dá dtarlódh go ndiúltódh an pobal dóibh?

Céard a cheapann tú fhéin?

.

  

en_USEnglish