Oirniú Easpaig
.
Fáilte romhat, a Easpaig
.
Fáiltíonn Osraí romhat, a Easpaig,
Go Suí Chiaráin, cois Feoire glé,
Fáiltíonn do phobal romhat abhaile
Ón Róimh anoir mar Aoire Dé.
.
Bronnadh cumhacht trí leagan lámh ort,
Glacaimidne led mhisean chugainn,
Is guímid rath is séan ort feasta,
Grásta ó Dhia duit is dúinn.
.
Nár laga Dia do mhisneach choíche,
Go neartaí sé do chroí ‘s do lámh,
Go n-éirí leat trí dheonu Chríosta
Teaghlach Chiaráin a sheoladh slán.
.
Failte romhat abhaile
Ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh Séamus Freeman, Easpag nua Osraí, i gcolún na seachtaine seo. Fáiltímis roimhe go croíúil, agus é ag dul i gcomharbacht ar Chiarán Chléire, céad Easpag ar Shuí ársa Osraí. I ndáiríre, ní chuile lá a bhíonn an deis againn anseo fáiltiú roimh Phrealáid chéimiúil dá leithéid inár measc, nó ní raibh sa cholún seo ach bunóc, nuair a chuireamar fáilte abhaile roimh an Easpag de Fuireastal, ar a theacht inár measc mar Easpag Osraí, tarraingt ar sheacht mbliana is fiche ó shoin, anois.
Éist le Cling an Chloig
Dúisíonn ócáid dá leithéid fonn ionainn, dul siar bóithrín na smaointe, agus tamall a chaitheamh sa ghort céanna sin, ag tabhairt glóir na laethe a bhí chun cuimhne arís. Smaoiníonn muid ar an saol mar a bhí, an tráth úd, nuair a thosaigh Ciarán Chléire fhéin ar a thuras go hOsraí, i ndeireadh an cheathrú haois. Is dócha go bhfuil scéal a chloigín cloiste ag chuile dhuine againn, faoin am seo. Dhealródh sé, go ndeachaigh Ciarán ag taisteal roimhe, agus é ina fhear óg. Chuaigh sé chomh fada ó bhaile leis an Róimh, an tráth sin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur baisteadh é, agus ar ball, gur oirníodh ina Easpag é. Thart ar an am seo dá shaol, is cosúil gur casadh Pádraig air, agus thug Pádraig an cloigín coisricthe seo dó, agus dúirt leis, a chill a thógáil, cibé áit a chlingfeadh an cloigín, as a stuaim fhéin. Bhí go maith, is ní raibh go holc. Chuaigh Ciarán ar ais go hÉirinn, go hInis Cléire, is dócha, agus ba ghearr go ndeachaigh sé ar a mhisean, ag craoibhscaoileadh an Chreidimh Chríostaí, roimhe is ina dhiaidh.
Cloigín Phádraig
Tharla, lá, agus é ag taisteal trí Shaighir, san áit a bhfuil Contae Ua Fáighle sa lá atá inniu ann, agus do bharúil? nár chling an cloigín. Stop Ciarán, agus shocraigh sé ar chomhairle Phádraig a ghlacadh, agus cheanncheathrú dá mhisean i measc na nOsraíoch a bhunú san áit sin. D’éirigh go seoigh leis ina chuid oibre, agus d’fhás agus d’fhorbair an creideamh i gcliabhán úd na Críostaíochta, gur leath sé, le himeacht aimsire, ar fud Ríochta ársa Osraí. D’fhan Saighir Chiaráin mar lár-ionad na deoise sin, Osrai, an deoise is sine in Éirinn, go dtí gur aistríodh, ar ball é, go hAchadh Bó, mar a raibh a Mainistir ag Cainneach agus ag Fearghail, agus ar deireadh thiar, sa dara haois déag, aistríodh ceanncheathrú na deoise sin go Cill Chainnigh fhéin, mar a bhfuil sé suite, go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
An Ceathrú Easpag is Nócha
Ach nach fada go deo an an t-achar siar é go ré Chiaráin, agus nach iomaí sin Easpag a tháinig i gcomharbacht air, ón am sin anuas. Trí dhuine is nócha díobh, adeir lucht léinn linn, agus cé chuirfeadh ina gcoinne siúd? agus anois, tá an ceathrú duine is nócha díobh, oirnithe, coisricthe, beannaithe, réidh ullamh le dul i mbun oibre anseo in Achadh Chiaráin, áit a ndéanfaidh sé a dhícheall ar mhisean Chiaráin a choinneáil sa tsiúl. Nár leagadh lámha na nEaspag air, thíos ansin san Ardeaglais, leis an gcumhacht easpagúil a shíneadh anuas chuige? anuas trí shlabhra caol na mblianta, ó Choláiste na nAspal fhéin, nó níl údarás Aspalda ag éinne, taobh amuigh díobh siúd, ar síneadh chucu anuas é, ó dhuine de na hAspail fhéin, trí lámha a leagan orthu.
Coisricthe Feasta
Ní gá dhom a rá anois, gur deineadh ár nEaspag a oirniú, thíos in Ardeaglais Mhuire, anseo sa Chathair Álainn, ar an nDomhnach, an Dara lá de Mhí na Nollag, i mbliain seo ár dTiarna, Dhá Mhíle a seacht.
Níl le déanamh agamsa mar sin, ach fáilte ó chroí a fhearadh roimhe go hOsraí seo na Naomh. Nár laga Dia a lámh, agus Beannacht an Rí fhéin ar a shaothar, anois agus i dtólamh.