Scéal Corraitheach

.

Change of Heart……………………..£16.99

by

Jodi Picoult….……………céad chló… 2008

.

Ní hé seo an chéad uair ag Jodi Picoult peann a leagan ar phár, nó is scríbhneoir aithnidiúil í, a bhfuil thart ar cheithre húrscéal déag leagtha aici os ár gcomhair, cheana féin. Bean í a bhfuil a rian leagtha uirthi ag Princeton agus Harvard, nó ba sna hIonaid cháiliúla Léinn sin, a chuir sí faobhar ar lann a cumas cruthaíochta. Tá cónaí uirthi fhéin, a céile, agus a dtriúr clainne, i New Hampshire, sna Stáit Aontaithe, faoi láthair.

Leabhar den scoth atá anseo againn, agus caithfidh mé a admháil, gur leabhar é, a chuaigh i gcionn go mór orm fhéin. Corruair, tríd an leabhar, cheap mé go raibh sé ag dul chun leadráin, ach, go gairid ina dhiaidh sin, bhainfeadh an t-údar casadh as an scéal a mhusclódh mo shuim agus m’ fhiosracht, athuair, agus ansin, de réir mar a bhí an scéal ag druidim chun chríche, is amhlaidh a méadaíodh ar thionchar, ar theannas, agus ar dhaonnacht amh na hinste, sa chaoi go raibh fonn orm, anois is arís, sa chuid deiridh sin den scéal, an leabhar a leagan ar leataobh, nó bhí corraitheacht agus teannas an scéil ag dul go smior na gcnámh ionnam. Ach, le filleadh ar an teideal…

Teideal Oiriúnach

Change of Heart, a bhaist an t-údar ar an úrscéal seo, agus is é is cúis leis an ainm sin nó go bhfuil Nódú Croí de dhlúth is d’inneach, sa scéal neamhghnách, corraitheach, seo.

Shay Bourne an t-ainm atá ar an bpríomhcharactar sa scéal seo. Dúnmharfóir, a bhfuarthas ciontach e, i marú athair agus a iníon, agus a bhfuil aon bhliain déag caite anois aige i gcillín an bháis, fad is a bhí an lucht Dlí ag baint úsáide as chuile chleas dá gcuid, ag iarraidh é a shaoradh ón ndán cinniúnach a bhi ag smeideadh air, faoin am sin.

Póilí ba ea Kurt Nealon a léirigh a dhaonnacht, agus a charthannacht, trí shúil a choinneáil ar June, tar éis di a céad chéile a chailliúint i dtimpiste bóthair. Ba é deireadh an scéil sin, nó gur phós an bheirt sin. Ar ball, d’fhostaigh siad fear oibre, le graithí beaga a dhéanamh dóibh timpeall an tí. D’éirigh go maith leis an socrú sin, ar feadh tréimhse, ach thit an tóin as domhan June, nuair a mharaigh Shay a fear céile agus a hiníon, d’aon iarracht amháin, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, a gus nios truamhéilí fós, bhí June ag iompar, ag an am.

Gabháil agus Triail

Gabhadh Shay, agus cuireadh ar a thriail é, agus ba deireadh an scéil sin, nó go bhfuarthas ciontach i ndúnmharú na beirte é, agus daoradh chun bháis é. Tharla sin thart ar aon bhliain déag roimh am an scéil, agus anois, bhí an té a bhí á iompar aice, nuair a maraíodh a céile fir, bhí sí anois ag fás aníos, ach, ar an ndrochuair, bhí galar croí ag cur as di, agus gan slánú i ndán di, mura bhfaigheadh sí croí nua.

Nuair a chuala Shay an scéal sin faoi Claire, iníon June, agus an chaoi a raibh nódú croí ag teastáil go géar uaithi, shocraigh sé ina intinn, go mbronnfadh seisean a chroí fhéin uirthi, tar éis don Stát é a chur chun bháis, nó ní bheadh gá aige fhéin leis feasta. Bhí go maith is ní raibh go holc, ach chuige sin, bhí lán a’ mhála d’fhadhbanna le sárú ag a chairde. Ní gá dhom a rá, gur éirigh leo na fadhbanna céanna sin a shárú, ach níor gan dua é, agus san idirlinn, d’inis Shay do chomhairleoir dá chuid, gurbh é an fáth ar mharaigh sé Kurt, nó gur tháinig sé air, agus é ag baint mí-úsáid as a leasiníon. Ní inseodh sé sin do na húdaráis áfach, nó chuirfeadh sin isteach an iomarca ar June agus ar Claire.

Críoch gan rath

Brónach go leor atá críoch an scéil, agus is beag nach mbainfeadh sé deoir as croí cloiche fhéin, ach gan dabht ar domhan, is suimiúil an scéal é, tógtha ar chreatlach lom, míthrócaireach, na dlí. Thaitin an bealach a roghnaigh an t-údar, leis an scéal a leagan os ár gcomhair. Is amhlaidh a bhaineann sí úsáid as na carachtair éagsúla, a bhfuil baint faoi leith acu leis an ndúnmharfóir, agus cuireann siadsan a mbreith fhéin air, inár láthair, éiríonn leosan freisin Shay a cheistiú, agus sa tslí sin, is féidir leis an údar carachtar Shay a líonadh, a leathnú, agus a fhorbairt, ó chaibidil go caibidil.

Carachtair an scéil

Is iad na carachtair a dtugtar an deis sin dóibh, nó June, an bhaintreach, agus máthair Claire; Michael, an sagart caitliceach, a dhéanann iarracht ar chomhairle a leasa a chur ar Shay, bíodh go bhfásann driseacha áirithe ar an gcasán céanna sin, lena ghnó a dhéanamh níos deacra; Lucius, príosúnach a bhí ag cur faoi, ag an am sin, i gcillín bhéal dorais Shay; Maggie, an dlíodóir, nár dhein aon dá leath dá dícheall, agus í ag iarraidh chuile chabhair a chur ar fáil do Shay, le linn dó bheith ina phríosúnach, i gcillín an bháis; Agus leis an scéal a chríochnú, tagann Claire fhéin isteach le Epilogue an scéil a leagan os ár gcomhair.

Tríd is tríd, mar sin, is scéal den scoth é an scéal seo. B’fhéidir go bhfuil a clár fhéin ag Jodi Picault, lena dearcadh ar phionós an bháis a leagan os comhair an phobail, ach má tá fhéin, éiríonn lei é a dhéanamh go formhothaithe, d’fhéadfá a rá.

An-scéal, an-chur-chuige, an-stíl, agus bealach taitneamhach, réidh, éasca, inste scéil, á chleachtadh agus á fhorbairt ag an údar ildánach, clúiteach, cáiliúil, seo.

B’fhéidir gur mhaith leat fhéin triail a bhaint as!

.

.

.

.

.

.

.

   

en_USEnglish