I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Nollaig eile chugainn!

Dá mhéad a athraíonn cúrsaí, is ea is mó a fhanann siad mar a bhí! sin mar adeireadh an tseandream linne fadó, agus dár ndóigh, nach acu a bhí an tuiscint agus an chiall? Is maith is cuimhin liom fhéin, agus mé im’ ógánach fadó, go mbíodh daoine thart ormsa, sa chliarscoil ach go háirithe, ag clamhsán, agus ag éagaoin, go rabthas ag iarraidh deireadh a chur le Féile Mhór na Críostaiochta, an Nollaig fhéin.

Conas a d’fhéadfaí sin a dhéanamh, an ea?

Xmas ?

Tharla go raibh an nós ag éirí faiseanta, an tráth sin, ag daoine áirithe, an ‘Christ’ a fhágáil as ‘Christmas’, agus Xmas a bhaisteadh ar an bhféile sin. Shocraigh roinnt mhaith daoine ansin, agus mé fhéin ina measc, gan an Xmas sin a úsáid, olc, maith, nó dona, choíche, ach shocraigh siad ina n-aigne, an t-ainm ceart a thabhairt air chuile bhabhta feasta. Rinneamar sin, agus tuigeadh dúinn go raibh Crosáid dár gcuid fhéin fógartha agus curtha i gcrích againn. Go raibh bua beirthe againn, agus an Nollaig sábháilte againn, do na glúnta a bhí le teacht inár ndiaidh.

D’imigh sin is tháinig seo, agus ba é deireadh an aighnis sin é, nó gur shocraigh chuile dhuine ar a théarma fhéin don Séasúr Beannaithe a roghnú, agus a úsáid, gan éinne ag cur chuige nó uaidh.

Fógraíocht

Tharla go raibh mé ag breathnú ar na nuachtáin, le scathamh anuas anois, agus thug mé faoi deara, go raibh cogadh eile á fhearadh faoin ainm ‘Christ’ a cheangal le Séasúr na Nollag, nó le ‘Christmas’, ach an babhta seo, is iad atá ag fógairt cogaidh ar an téarma sin ‘Christmas’ nó an BCI, an ‘Broadcasting Commission of Ireland. Is é ba chúis leis an iaróg seo a chur ina sui, nó gur theastaigh ón gComhlacht Veritas, fógra a chur ar Theilifís Éireann, agus shocraigh an BCI nach bhféadfaidís an fógra sin a cheadú. Anois, tá’s ag an saol mór, agus ag madraí an bhaile fhéin, go mbíonn fógraí de chuile dhath, déanamh, agus boladh, á léiriú ar RTE, ach ar chúis amháin, nó ar chúis eile, chuireadar a gcosa i dtaca sa chás seo, agus diúltaíodh don bhfógra sin. Anois, cuireann an Coimisiún seo i gcoinne fógraí, a mholann do dhaoine, nuachtáin, nó irisí, a thaobhaíonn le Creideamh amháin thar Chreidimh eile. Ach, sa chás seo, ba é a bhí i gceist nó, to raibh Fógra Veritas ag moladh dúinn smaoineamh ar bhunchiall an téarma ‘Christmas’, agus bronntanas oiriúnach don ócáid sin a roghnú dá bharr…

That Ad.

Christmas, aren’t we forgetting something?’

‘Why not a gift that means more?

Is dócha gur tuigeadh don BCI go rabhthas ag tabhairt buntáiste do Chreideamh amháin thar Chreidimh eile, agus dá bhrí sin, nach bhféadfaidís-sean é a cheadú.

Níorbh é seo an chéad uair acu breith a thabhairt i gcoinne Veritas, nó cloisim gur dhiúltaíodar d’Fhógra eile uathu anuraidh, nuair a rinne siad tagairt don ‘Crib’ ina bhfógra.

Tuige a ndéanfaí a leithéid? Nach tír chríostaí í seo?

Ár nOidhreacht

Dár le daoine áirithe go bhfuil sin uilig athraithe faoin am seo, nó nach bhfuil céatadán réasúnta ard dár ndaonra thar éis teacht thar theorainn isteach chugainn, le blianta beaga anuas. Glacaimis le fírinne an ráitis sin, ach nár chóir dúinn fanacht dílis dár n-oidhreacht agus ag an am gcéanna, a bheith fial, fáilteach, roimh na himircigh seo a tháinig chugainn.

Cé chreidfeadh, go bhféadfadh Coimisiún dár gcuid, a leithéid de bhreith a thabhairt i gcoinne Chomhlacht Éireannach? Ní dóigh liom go n-aontódh an pobal s’againne lena leithéid de bhreith.

Céard fútsa?

Nollaig eile dár spreagadh

                    

                      Nollaig eile ag múscailt ’nainn cuimhní

Ar laethe is ar chairde a bhí,

Is a dhúisíonn ’nár gcroí istigh cumha,

Nó ní fhillfidh a sárú arís.

.

Ach stiúraíonn céasadh na gcuimhní

Ár gcoiscéim go Beithil na nUamh,

le sólás a chuartú sa Stábla,

Mar a chodlaíonn an Naí i dtromshuan.

.

Is tógann an Mhaighdean ár gcroí istigh

Lena suantraí lán áthais is bróid

Is í ag bogchanadh fuascailt ár gcine

Ó dhlúthgheataí Ifreann na ndeor.

.

Is cuirtear go glé dhúinn ar ár súile

Go bhfuil dhá thaobh ar bhonn úd na rún

Is nach féidir bheith ag súil leis an sólás

Gan an dólas a fháil ar a chúl.

.

Glac misneach mar sin ar do thuras,

Nó saolaíodh an Naí sin fadó,

Le sinne a fhuascailt ó pheannaid,

Is lenár gcroí ‘stigh a shaoradh ó bhrón.

.

Nollaig shona dár léitheoirí go léir, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís……………….

.

.

.

.

en_USEnglish