Saicéadach agus Luaithreach

Peadar Bairéad

Pionós agus Aithrí

Nach minic a léitear sa tSean Tiomna faoi’n nós a bhí acu sna laethe úd saicéadach agus luaithreach a úsáid mar chomhartha aithrí. Chaithidís saicéadach, agus shuídís i luaithreach, le teaspáint don tsaol mór, go raibh pionós á dhéanamh acu ina bpeacaí. Gan dabht, don té a raibh cleachtadh aige ar éadach breá, bog, uasaicmeach, ba mhór an gaisce spioradálta dósan é, an saicéadach garbh, gránna, míchompórdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann tú le sin, go gcaithfeadh sé a sheal ina shuí ar luaithreach shalach agus é céasta, cráite, in ionad bheith suite ar a sháimhín só ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid léargas eicínt ar an bpionós a bhí á dhéanamh aige, mar chomhartha aithrí ina pheacaí. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn léamh faoi ghaisce úd Rí Nineveh, nuair a thug an Fáidh Jonah cuairt ar an gcathair ollmhór ársa sin, agus nuair a thairngir sé go scriosfaí Nineveh i gcionn daichead lá. Thug an Rí cluas dá thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir sé uaidh a róbaí ríoga agus shuigh sé síos ar luaithreach, i saicéadach an aithrígh, agus níorbh é sin amháin é, ach chuir sé iachall ar a mhuintir uilig an cleas céanna a dhéanamh, agus d’fhógair troscadh do dhaoine agus do bheithígh, ar mhaithe le fearg Dé a mhaolú. Shásaigh pionós sin an Rí úd Dia, agus níor agair Dia díoltas air fhéin, nó ar a mhuintir. Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín seo muid, is dócha gur chóir a lua, nach iad na gnáthdhaoine a dhéanadh an beart seo, de ghnáth, nó nach mbíodh an saol sách-dian orthusan, cheana féin? níorbh iad a chaitheadh an saicéadach, nó a shuíodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, níorbh iad muis! nó b’iad na ríthe agus na boic mhóra a theaspáinfeadh go raibh aithrí á dhéanamh acu trína comharthaí sin, mar nárbh iad ba mhó a dhéanadh an éagóir, agus an slad, ar bhochtáin agus ar oibrithe, agus b’iad freisin ba mhó a dhéanadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tslí sin, a tharraingíodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal frí chéile.

B’in iad na seanlaethe

Ach b’in iad na seanlaethe, b’in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia Mór na Glóire sna Flaithis thuas, a raibh súil ghéar á choinneáil aige ar chúrsaí daonna, agus a d’fhéadfadh díoltas a agairt ar phobal, mura ndéanfaidís siúd a orduithe agus a aitheanta a choimhlíonadh. Nach éasca a shleamhnaíonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shamplaí dá leithéid.

Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, nó ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, nó an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pionós oiriúnach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, a raibh siad ina mbun, faoi stiúir an Stáit, blianta ó shoin . Tá daoine ar aon fhocal anois gur chóir oiread áirithe airgead a bhailiú ó na hOird agus ó na Cumainn Chrábhaidh sin, a raibh roinnt dá mbaill ciontach sa mhí-iompar sin uilig, agus a tharraing mí-chlú, agus náire, anuas orthu fhéin, ar a nOird, agus ar an Eaglais frí chéile, agus go ndéanfaí an t-airgead sin a úsáid, le chuile chúnamh a chur ar fáil dóibh siúd, ar deineadh an éagóir sin orthu. Tá daoine eile ann adéarfadh, gur chóir an dlí a chur ar na baill chéanna sin, agus iad a tharraingt tríd na cúirteanna, len iad a ainmniú agus a náiriú. Sea, d’fhéadfá a rá, go bhfuil a shocrú fhéin ag chuile dhuine ar an scéal céanna sin, ach, níl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur chóir go n-íocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as mí-iompar roinnt áirithe dá mbaill, agus dá dtarlódh go bhfágfaí gan sciúrtóg fhéin cuid acu, ní dóigh liom, go gcuirfeadh sin as go ró-mhór do roinnt áirithe daoine.

Glanadh an Scláta

Ach, fiú dá ndéanfaí a leithéid, agus níl dabht ann ach gur chóir go ndéanfaí, ní dóigh lena lán, go nglanfadh sin an scláta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid eile i gceist freisin sios tríd na blianta, ag daoine a mbeifeá ag súil le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais chéanna sin. Bhí mé ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, agus tháinig seisean leis an socrú sin freisin, ach chuaigh sé píosa níos fuide ná sin leis an scéal, nó ba é a dhearcadh siúd nó gur chóir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain ár dTiarna, 2010, a fhógairt mar Bhliain Aithrí, le deimhin a dhéanamh de, nach ndéanfaí dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thréimhse úd an mhí-iompair agus na mí-úsáide do-thuigthe, do-chosanta sin. B’fhéidir gur leag mo sheanchara Séimí a mhéar ar an gcnaipe ceart an babhta seo.

Céard a cheapanns tú fhéin faoi?

en_USEnglish