Lá na Reifreann

Peadar Bairéad

Ceist na Reifreann faoi chaibidil

Thíos i dTeach Ósta an Smugairle Róin sea bhíomar bailithe an oíche faoi dheireadh, le ceist na Reifreann atá eagraithe ag an Rialtas s’againne a scrúdú, agus le tuairimí a thabhairt, agus le tábhacht agus dáiríreacht na hócáide a dheimhniú. Bhí,dhá cheist le scaoileadh. Céard faoi’n gcéad cheist, sé sin, ar chóir cead a thabhairt do chathróir ar bith, a bhfuil bliain is fiche sroichte aige, nó aici, bheith ina iarrthóir i dtoghcháin uachtaránachta feasta? Bhí rud eicínt le rá ag roinnt mhaith daoine faoin mholadh seo, ach, tríd is tríd, bhí an cruinniú sásta nár ró-mhaith an t-ábhar Reifrinn é sin, nó dár leo, bheadh gá le ciall, cleachtadh, agus eagna, ag duine ar bith a chuirfí faoi úim an phoist náisiúnta pholaitíochta sin, agus ní raibh siad sásta glacadh leis an moladh, go bhféadfadh sé comhairleoirí déanta, aibí, a bheith thart air, lena stiúradh fan bhóthar a leasa, ach sa chás sin, tuige nár thoigh na vótóirí na comhairleoirí glice sin mar uachtaráin? Gan dabht ar domhan, d’fhéadfadh duine anseo is ansiúd bheith sách eolgaiseach, agus aibí, ag an aois sin, le gnóthaí an phoist sin a choimhlíonadh go seoigh, ach níor chóir dul sa tseans go mbeadh na cáilíochtaí sin ag chuile dhuine den aois sin, agus dá bharr sin, b’fhearr gan dul sa tseans i gceist chomh tromchúiseach, tábhachtach sin. Ní gá a rá go raibh duine anseo is ansiúd nár aontaigh leis an gcinneadh sin, nó dár leosan, ba shaoránaigh iomlána iad, agus nár chóir go mbeadh muid sásta glacadh leo mar iarrthóirí, agus é a fhágáil faoi na vótóirí iad a thoghadh, nó diúltú dóibh?

Cead Pósta

Ansin thug an cruinniú faoin dara ábhar. Ar chóir ceart pósta a bhronnadh ar chuile shaoránach, cuma ar mhná nó fir iad. Ní chuirfí gnéas sa mheá feasta mar cháilíocht pósta. Dá nglacfaí leis an moladhadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí. sa Reifreann, bheadh cead pósta ag beirt shaoránach ar bith, bíodh siad fireann nó baineann, nó fireann agus baineann. Tá a lán le rá sa Bhunreacht faoi áit an Teaghlaigh, admhaithe ag an Stát, mar “bhuíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna”. Braitheann idir Stát agus Náisiún ar an aonad bunaidh céanna sin le pobal comhdhaonnach a chur ar fáil dóibh agus glactar leis, go mbraitheann sin uilig ar fhoras an phósta. Anois, ní dhéantar aon sainmhíniú ar phósadh sa Bhunreacht céanna sin, ach is amhlaidh a ghlac cúirteanna na tíre, agus an pobal, leis an ngnáth chiall a bhaintí, agus a bhaintear as an bhfocal sin, sé sin, gur conradh idir fhear agus bean a bhí agus atá i gceist sa Bhunreacht.

Athrú ar bhunchiall?

Ar an dtaobh eile den scéal, tuigtear go bhféadfadh an pobal, trí Reifreann, an bhunchiall sin a athrú, ionas go bhféadfadh beirt shaoránach ar bith an conradh sin a dhéanamh, chomh fada is a déantar é taobh istigh de theorainneacha an dlí. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a rá, gur glacadh le socrú ar bith, d’aon ghuth, ach, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, go háirithe aois na gcainteoirí, ní haon ionadh go raibh a lán le rá ag lucht, NÍL, ach ba é tuairim roinnt eile, go raibh gá le tuilleadh ama, leis an gceist seo a chíoradh go cúramach, agus gur chóir freisin, go dtabharfaí cead, agus deis, do chuile shaoránach teacht ar a bhreith fhéin, gan chur isteach, gan mhealltóireacht, gan bhullaíocht, ach go mbeadh deis aige éisteacht a thabhairt don dá thaobh, agus ansin, go mbeadh deis aige teacht ar a shocrú fhéin. Ba chóir don dá thaobh na cleasa cliste, díospóireachta, a leagan ar leataobh agus deis a thabhairt do na vótóirí teacht ar chomhairle, bunaithe ar a dtuiscint fhéin ar an gceist.

Ach, ar chraiceann do chluaise ná dearmad dul chuig an mboth vótála le do ghuth a chaitheamh Lá na Reifreann, – an dara lá fichead de Bhealtaine 2015. – Sin é dualgas an tsaoránaigh.    

en_USEnglish