.

Smaointe Athbhliana

.

Im Naomh ar thalamh!

Tá mé ag ceapadh anois, go bhfuil sé thar am agamsa éirí as na rúin athbhliana, nó le fírinne, dá mbeadh maitheas ar bith iontu domsa, bheinn im naomh ar thalamh, faoin am seo! Tá sé soiléir, mar sin, gur bheag tionchar a bhí ag na rúin athbhliana chéanna sin ormsa, i rith mo shaoil. Ach, bíodh sin mar atá, níl dabht ar domhan, ach go mbuaileann fonn chuile dhuine, an tráth seo bliana, seal a chaitheamh ag dul siar bóithrín na smaointe. N’fheadar cén fáth? Ach is dócha go bhfeictear dúinn, go bhfuil muid ag tús bliana nua, agus nach bhfuil sé nádúrtha go maith, breathnú siar ar na blianta atá caite againn cheana, féachaint an bhfuil ceacht ar bith le foghlaim againn, ón chaoi ar éirigh linn, i rith na mblianta céanna sin?

Saol Athraithe

Ceann de na rudaí is mó a chuireann ionadh orm fhéin, nó na hathruithe ar fad atá tagtha ar an saol, ón tráth ar saolaíodh mé fhéin. Athruithe, adeir tú! Nach bhfuil an saol ar fad iompaithe bun os cionn ón tráth úd. Breathnaigh ar chleachtadh an Chreidimh i measc an phobail. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, théadh chuile dhuine ar an mbaile ar Aifreann, chuile Dhomhnach, ach amháin an té a d’fhanadh sa bhaile i mbun na rudaí beaga, nó ní thógtaí an daoine beaga chun an tséipéil, an tráth úd, go dtí go mbeadh siad fadcheannach go leor le fanacht breá ciúin, le linn an tsearmanais.

Síocháin

B’annamh freisin a tharlaíodh troid nó scliúchas i measc comharsan, an tráth úd. Níl dabht ar bith ach go dtarlaíodh easaontas, corruair, nó níor naoimh ar thalamh iad na daoine a mhair an t-am sin, ach fiú, nuair a tharlaíodh a leithéid, troid a bhíodh i gceist acu de ghnáth, agus ní leadradh nó mugáil, nó ionsaí gan chúis, a bhíodh i gceist acu, níorbh ea muis, drochfhuil, díoltas, nó mioscais de chineál eicínt a bhíodh taobh thiar de na troideanna céanna sin, bunús an ama. Ní bhíonn cúis ar bith ag teastáil na laethe seo, le tabhairt faoi dhuine eile agus é a leadradh agus a leonadh! Sea, agus b’annamh a d’fheicfeá buille fill á bhualadh ag duine, an t-am sin.

Na Meáin Chumarsáide

Rud eile atá athraithe go mór isea na nuachtáin a leagtar os comhair daoine, sa lá atá inniu ann! Anois, ar an gcéad dul síos, ba bheag nuachtán a bhí á fhoilsiú sa tír s’againne, an tráth sin, agus bíodh nach raibh orthu ach pingin, nó leathphingin fiú, ag an am gcéanna, bhíodh ganntanas airgid ag cur as don chosmhuintir, ach go háirithe, agus ní chaitheadh daoine pingneacha uathu go fánach, an t-am sin.

Ach ní chuige sin atá mé. Na nuachtáin a bhíodh ar díol, ba bheag rud i bhfoirm scanaill a bhíodh le léamh iontu, agus cúrsaí pictiúr, bhuel! ní raibh seans dá laghad go mbeadh stuaire ina peilt le feiceáil agat ar leathanach a trí! murab ionann is an lá atá inniu ann! Diabhal pictiúr dá leithéid a d’fheicfeá ar nuachtán an tráth úd, dá dtitfeadh an dá shúil as do cheann amach, mura bhfaighfeá spléachadh ar phictiúr dá leithéid, áit a mbeidís ag fógairt fo-éadaí ban! sin, nó mura bhfaighfeá ceann de nuachtáin bhuí Shasana ar iasacht ó dhuine eicínt a mhair sna bailte móra! Annamh, amach is amuigh, a bhíodh cur síos ar dhúnmharú nó a leithéid, mar b’annamh a tharlaíodh a leithéid, na laethe sin.

Inimirce

Ní call dom a rá, nach mbíodh trácht ar bith ar eachtrannaigh ag teacht chun na tíre seo, ar thóir oibre nó a leithéid. A mhalairt glan a bhíodh ag tarlú anseo, an tráth úd. Daoine ina mílte, agus ina mílte, ag fágáil na tíre seo, chuile bhliain, nó ní bhíodh saothrú ar bith le fáil acu anseo. D’imigh sin is tháinig seo áfach, agus sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn trácht ar na mílte, agus na mílte, a tháinig thar theorainn isteach chugainn, ar thóir oibre, nó dídine, sea, agus trácht freisin ar na milliúin a chaithear, in aghaidh na bliana, ag freastal orthu. Agus nach maith an scéal é sin, ag tír a bhí chomh bocht is a bhí an tír s’againne, scór bliain ó shoin, nó níos lú.

Seachain an Gabhar sin!

Ach ó tharla go bhfuil muid ag trácht ar smaointe athbhliana, an tseachtain seo, céard faoin ngabhar sa phárlús, adéarfá, b’fhéidir?

Cén gabhar, arsa tusa?

An Lucht Taistil s’againne! cé eile a bheadh i gceist agam? Nach bhfuil a fhios ag chuile mhadra sa bhaile, go bhfuil na milliúin á gcaitheamh againn, ag cabhrú leo siúd atá ar an ngannchuid, cuma cén cúinne den chruinne ina gcónaíonn siad, ach céard faoin Lucht Taistil s’againne? Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine againn, go bhfuil ár gcúnamh ag teastáil uathusan, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil an cúnamh sin dlite dóibh, nó nach cuid den chine s’againne iad?

Anois an tAm!

Anois, agus muid ag bualadh bóthar isteach i ngort na bliana úire seo, nach bhfuil se thar am againn uilig, brú eicínt a chur ar an Rialtas s’againne, an cúnamh cuí a chur ar fáil dóibh, i rith na bliana reatha seo. Sea, agus in ionad na milliúin a gealladh do chiníocha i bhfad i gcéin, bíodh gur maith an beart é sin freisin, ach cuirimis mám airgid ar fáil dár Lucht Taistil fhéin, nó is náire shaolta dúinn uilig, sea, do chuile dhuine againn, go mbeadh ar bhaill dár gcine fhéin, cónaí a dhéanamh amuigh ar thaobh na mbóithre nuair atá ciste an Stáit ag cur thar maoil le hairgead! Sea, agus chuile dhuine ag iarraidh iad a chur píosa eile óna ndoras fhéin.

Nach bhfuil sé thar am againn, mar phobal, agus mar Stát, bliain faoi leith a chur in áirithe don Lucht Taistil. Sea, agus céard faoi sin a dhéanamh i mbliana?

Sin cuid de na smaointe athbhliana atá ag eitilt leo thart sa chroí istigh ionnam, ó thosaigh an bhliain úr seo, ’08. B’fhéidir go bhfuil na smaointe athbhliana céanna do do chrá fhéin, freisin? Tá súil agam go bhfuil !!!

en_USEnglish