.

.

.

.

.

.

.

Grisham chugainn arís

.

The Innocent Man              

le

John Grisham

Leabhar de shaghas eile ar fad

Leabhar eile anseo againn ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, John Grisham. Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad leabhar a shil óna pheann, nó ba liosta le háireamh iad na teidil eile atá curtha ar fáil aige dúinn, a lua anseo. Ní gá dhom ach cupla ceann acu a lua anseo, le réimse leathan a chuid scéalaíochta a chur in iúl. Chuile sheans, gur léigh tú fhéin cuid acu cheana, leabhair ar nós :-

The Firm, The Chamber, The Street Lawyer, The King of Torts agus The Last Juror, agus tuilleadh nach luafaidh mé anseo.

Ní gá dhom a rá, ach oiread, go bhfuil na leabhair sin uilig bunaithe ar chúrsaí dlí, nó ba le dlí a chuaigh Grisham fhéin, i dtosach báire. Bíodh sin mar atá, tá dhá leabhar againn uaidh, chéanna fein, nach bhfuil bunaithe ar an ndlí. Is iad na leabhair atá i gceist agam anseo nó, A Painted House, agus Skipping Christmas.

Fírinne in áit Fiannaíochta

Bhuel tá leabhar de chineál eile ar fad curtha ar fáil aige anois, in, The Innocent Man. Ceart go leor, tá an leabhar bunaithe ar an eolas doimhin atá ag an údar ar chúrsaí dlí, ach má tá fhéin, ní cur i gcéill, nó cumadóireacht, atá i gceist ag an údar sa chás seo. Ní hea, mh’anam, nó deineann sé chuile iarracht, sa leabhar seo, lom chlár na fírinne faoi chur i bhfeidhm na dlí, i mbaile tuaithe sna Stáit, a rianadh agus a leagan os ár gcomhair amach, gona laigí, gona chlaonta, gona mhídhaonnacht, sa chaoi gur cóngaraí do bheathaisnéis é, ná d’úrscéal. Feictear don údar eolgaiseach seo, nach bhfuil córas dlí na Stát Aontaithe thar mholadh beirte, agus tuigtear dó gur furasta éagóir a dhéanamh ar an saoránach aonair, ar mhaithe leis an bpobal mór a shásamh.

Leabhar spreagúil

Tugann an t-údar le fios dúinn, i nóta uaidh i ndeireadh an leabhair, an chúis a spreag é chun an scéal seo a chur ar fáil don phobal. Seo mar a chuireann sé é :-

Two days after Ron Williamson was buried, I was flipping through The New York Times when I saw his obituary. The headline – “Ronald Williamson, Freed from Death Row, Dies at 51” – was compelling enough, but the lengthy obituary, written by Jim Dwyer, had the clear makings of a much longer story.

B’in an chéad uair a chuala sé faoi Ron Williamson, agus dhúisigh an Fógra Báis sin fiosracht an chait ann. Bhuel, ba é críoch na mbeart é nó gur chuir sé roimhe a scéal a fhiosrú, taighde a dhéanamh, agus finnéithe a chur faoi agallamh, agus ar deireadh thiar, leabhar a bhunú ar an scéal scanallach seo, scéal nach bhféadfadh úrscéalaí ar domhan é a shárú, mar ábhar leabhair. Agus sin é díreach atá curtha ar fáil aige dúinn sa scéal iontach, corraitheach, scanraitheach seo.

Tosaíonn an scéal seo I mBaile tuaithe, Ada, i Stát Oklahoma, baile a raibh sé mhíle dhéag duine de dhaonra ann, agus baile Bíoblach a bhí ann freisin.

The Bible Belt runs hard through Ada. The town has fifty churches from a dozen strains of Christianity. They are active places, and not just on Sundays.

Ionad cairdiúil

Áit chairdiúil is ea í, ina gcuirfedh daoine forrán ar an strainséir. D’fhágtaí na doirse oscailte i rith an lae ann, agus bhíodh na déagóirí amuigh san oíche, gan diabhlaíocht ar bith á dhéanamh acu ar shealús, nó do dhaoine.

Ach, mar sin fhéin, tharla ar an 7ú Nollaig, 1982, gur éigníodh agus gur dúnmharíodh cailín óg, arb ainm di Debbie Carter. Sular maraíodh í, an oíche sin, bhí sí ag obair, mar chailín leanna, sa Coachlight, Club Oíche a raibh tarraingt na gcéadta air. Fuarthas a corp an mhaidin dár gcionn, agus chuaigh na póilíní agus na lorgairí i mbun oibre, láithreach bonn. Ach má chuaigh fhéin, ba liobarnach, míchúramach a chuir siad chun oibre. Dhealródh sé, nach raibh na scileanna riachtanacha chuige sin acu, ach fágaimis an scéal ag an bpointe sin, agus raghaimis siar, le scéal Ron Williamson a ríomh, agus a shníomh isteach i scéal an dúnmharaithe, i dtosach.

Ábhar fhear spóirt

Rugadh Ron sa bhliain 1953, mám maith blianta sular maraíodh Debbie. D’fhás sé suas in Ada, agus ó thús, chuir sé suim, agus dhá shuim, i mBaseball. D’éirigh go maith leis, agus ba é tuairim an phobail, go n-éireodh leis cáil agus clú a bhaint amach dó fhéin is dá bhaile dhúchais, mar imreoir sa chluiche sin. I ndeireadh na dála áfach, níor tharla sin, agus diaidh ar ndiaidh, chuaigh sé le drabhlás, agus in áit cáil a bhaint amach dó fhéin, ba é a mhalairt ar fad a tharla. Thosaigh an meath sin, sa bhliain 1972. Tugadh bata agus bóthar dó as na clubanna Baseball, agus ar ball, phós sé, ach níor mhair an pósadh céanna sin, nó san idirlinn, chuir Ron aithne ar an ól agus ar na drugaí. Cuireadh dhá chúis éignithe ina leith, agus bíodh gur ligeadh saor sna cúirteanna é, ghreamaigh roinnt áirithe den chlábar dó. Chuir na póilíní aithne air, nó ba mhinic dlithe á mbriseadh aige. Tamall fada, tar éis éigniú agus marú Debbie Carter, gabhadh Ron, agus cuireadh dúnmharú an chailín óig ina leith, agus ar deireadh thiar, gan mórán fianaise ina choinne, tógadh os comhair cúirte é, agus daoradh chun báis é.

Ar ‘Death Row’

Sacadh isteach í Death Row é, agus i rith na mblianta fada drabhlásacha sin, bhí an fear bocht ag dul le buile, agus leath na gcuarta, ní raibh greim docht aige ar chúrsaí a shaoil fhéin, gan trácht in aon chor ar chúrsaí an tsaoil mhóir.

Céard a tharla ina dhiaidh sin? Agus conas a láimhsíodh a chúis ina dhiaidh sin? Bhuel, fágfaidh mé sin fút fhéin, nó bheadh sé deacair scéal chomh corraitheach, greamaitheach, lán teannais, a shamhlú fiú, sa chaoi go bhfuil mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh agus sásamh as an scéal seo le Grisham. Ní gá dhom a rá, go bhfuil mám maith carachtar eile, idir lucht dlí, póilíní, imreoirí, agus gnáthshaoránaigh, le fáil go flúirseach, inchreidte, sa scéal seo.

I bhfeabhas atá an Grishamach seo ag dul le himeacht na mblianta.

en_USEnglish