Úrscéal úr

.

Brooklyn……….céadchló…………2009

By

Colm Tóibín…………………..£12.99

.

Saoathar Cumasach

Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad saothar againn ó pheann chumasach an údair ildánaigh seo, Colm Tóibín, agus, is dócha go bhfuil cuid dá shaothar léite agat cheana, leabhair ar nós…The South; The Heather Burning; The Blackwater Lightship; The Master; agus, The Sign of the Cross…..Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar cumasach, Éireannach, seo, clú atá tuillte, agus tuillte go maith aige, nó trína stíl, trína chumas, agus trína chur chuige, éiríonn leis greim scóige a bhreith ar a léitheoir, sa chaoi nach gcuireann sé sin a leabhar uaidh, go dtí go mbíonn an deoir deiridh de diúgtha aige. Ní haon ionadh mar sin, gur cuireadh trí cinn dá leabhair ar an ngearrliosta do Dhuais Booker, fiú.

Suite in Éirinn

Suíonn an Tóibíneach tús an scéil seo, Brooklyn, ina dhúiche fhéin, thíos in ‘Enniscorthy’ i dtús chaogaidí na haoise seo caite, tráth raibh cúlú eacnamaíochta eile faoi lántseol abhus againn, ag an am. Is í Eilis Lacey an príomhcharachtar sa scéal seo. Bean óg, a bhfuil a cuid scolaíochta críochnaithe aici i gCeardscoil an Bhaile, mar a raibh sí ag gabháil don Chuntasaíocht. Bhí cónaí uirthi i Sráid na mBráithre, agus í in éintíos lena máthair agus lena deirfiúr, Rose. Fuair sí obair Dhomhnaigh i siopa Uí Cheallaigh, sa mbaile mór, ar a ‘seacht agus sé phingin’ sa tseachtain! Ghlac sí leis an obair sin, nó, faoi mar a chuir an t-údar é……..

“Eilis realised that she could not turn down the offer. It would be better than nothing and, at the moment, she had nothing.”

Tar éis di seal a chaitheamh i mbun an ghnó sin, shocraigh sí ar dhul ar imirce, go Brooklyn, Mheiriceá, trí chabhair ó shagart thall, agus ar chomhairle a mháthar is a dheirféar, Rose. Bhí go maith……..Chuaigh sí i mbun oibre i siopa mór thall, agus ag an am gcéanna, thosaigh sí ag freastal ar chúrsaí Cuntasaíochta i gColáiste Bhrooklyn, thall, agus trína staidéar, d’éirigh lei an chéim chuí a bhaint amach, sa cheird chéanna sin, rud a chuirfeadh ar a cumas obair mhaith a fháil, i ngnó eicínt, abhus nó thall. I rith an ama seo go léir, thit sí i ngrá le hEadáileach fir, agus ag an am gcéanna, choinnigh sí lei ag obair i ngnó an Pharáiste.

Bris gan choinne

Bhí chuile shórt ag dul ar aghaidh go breá, nuair a fuair sí scéal ó Enniscorthy gur bhásaigh a deirfiúr, Rose, agus ba é deireach na mbeart é, gur shocraigh sí ar dhul abhaile go hÉirinn, ar feadh seal, le tacaíocht eicínt a thabhairt dá máthair, bíodh nach mbeadh sí in am don tórramh, nó don socraid. Ach, tuig an tEadáileach fir úd an cás ina bhfágfadh sin eisean, agus chuir sé ina luí ar Eilis, go raibh baol ann nach bhfillfeadh sí ar Bhrooklyn go deo arís, mura bpósfadh siad, sul a raghadh sise abhaile ar chuairt. Rinneadar sin. Pósadh rúnda a bhí i gceist aige, adúirt sé…

“I don’t mean in a church and I don’t mean we live together as man and wife and we don’t have to tell anybody. It can be just between the two of us and we can get married in a church when we decide after you come back.”

D’imigh Eilis abhaile, agus i gcionn seachtaine, nó mar sin, shroich sí Enniscorthy, agus mhothaigh sí Rose uaithi, agus de réir a chéile, d’éirigh lei dul i gcleachtadh ar an saol mar a bhíodh, le linn a hóige. Chomh maith le sin, fad is a bhí sí ar saoire abhus, thosaigh sí ag dul amach le fear óg a raibh breac-aithne aice air sular fhág sí an tír seo, a chéaduair. D’éirigh siad an-mhór le chéile, sa chaoi go raibh fadhb le scaoileadh anois ag Eilis s’againne.

Fadhb le scaoileadh

Ar shocraigh sí ar fanúint abhus in Enniscorthy, agus an fear óg seo, Jim Farrell, a phósadh, fear óg a chuirfeadh saol an mhada bháin in áirithe di feasta, nó an raghadh sí ar ais go Brooklyn, lena pósadh leis an Eadáileach fir sin, Tony, nó, Antonio Giuseppe Fiorello, lena ainm cheart a thabhairt air, a fhoilsiú os comhair an phobail, agus os comhair an tsagairt.

Le freagra na ceiste sin, agus le sásamh iomlán a bhaint as an úrscéal iontach, corraitheach, seo, faoi dheacrachtaí na deoraíochta, na suirí, agus an choinníll daonna, tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar fhéin a fháil, is a léamh, mar tá mé cinnte go mbainfidh tú sásamh agus toit as.

An-scéal, an-léamh, an-chur chuige. Anois an t-am le do dheis a thapú, más uait, scil, ealaíon, agus cur chuige spreagúil, an údair Éireannaigh seo, Colm Tóibín, a bhlaiseadh !

.

Peadar Bairéad

.

.

en_USEnglish