Fís na Ríochta

.

Peadar Bairéad

Nach minic an Críostaí ag caint faoi ‘Theacht na Ríochta’. Úsáideann sé an téarma sin chuile uair a ghuíonn sé ‘An Phaidir’, nó an Pater, faoi mar a thugann daoine eile air, nó sa phaidir chéanna sin, guíonn sé ‘go dtaga do Ríocht’ nó fiú, ‘go dtige do Ríocht’ faoi mar a chuireann an Connachtach é.

N’fheadar cén Ríocht a bhíonn i gceist acu sa phaidir sin?

Ríocht Dé, céard eile a bheadh i gceist acu, agus iad ag labhairt díreach leis an Athair fhéin?

Sea, ach céard é go díreach a bhíonn i gceist acu, nuair adeir siad, ‘go dtaga do Ríocht’.

Guíonn an Críostai, sa Phaidir, go gcruthófar sochaí, ar an saol seo, a ghlacfadh le hAtharthacht Dé, agus a bheadh sásta ansin a thoil a dhéanamh abhus, faoi mar a tharlaíonn thall. Agus nuair a smaoiníonn tú air, nach é an dearcadh sin atá taobh thiar de chuile iarracht a dhéantar, ar an saol seo, ar dhán an daonnaí a fheabhsú abhus. B’fhéidir anois, nach mbeifí ag smaoineamh i gcónaí ar na fíricí atá taobh thiar d’fhealsúnacht na Paidre sin, ach ag an am gcéanna, nach é an fonn céanna sin a spreagann an daonnaí lena chinniúint a fheabhsú abhus is thall.

Feabhsúcháin

B’fhéidir nárbh olc an tseift í anois, dearcadh ar feadh meandair, ar chuid de na hiarrachtaí a deineadh na feabhsúcháin sin a chur i gcrích.

Is dócha go bhféadfá a rá, go mba iarracht sa treo sin, chuile chreideamh, agus chuile chóras rialaithe, a cuireadh sa tsiúl ar an saol seo, ó laethe Ádhaimh agus Éabha i leith, fiú i gcás an chumannachais, ach i gcás na feallsúnachta sin, fágadh as an áireamh, ar fad, toise spioradálta an daonnaí, agus dá bharr sin, níor leagadh béim ar bith ar an saol thall. Dhírigh an córas sin iomlán a aire ar chruthú na ríochta abhus, mar a bhfaigheadh chuile dhaonnaí ar theastaigh uaidh, agus ag an am gcéanna, mar a mbronnfadh seisean, de réir a chumais, ar an ríocht chéanna sin. Ní call dom a rá, go mba é an Stát Cumannach réaladh na físe sin ar thalamh.

Ach i gcás na bpríomhchreideamh daonna, bíodh go mbaineann tábhacht leis an Ríocht ar thalamh, is tábhachtaí go mór fada dóibh, an Ríocht sa toise thall. Dhealródh sé, go bhfuil creideamh dá leithéid, de dhlúth agus d’inneach, san anam daonna.

Ó Ghlún go Glún

Breathnaigh ar an gcaoi ar síneadh an creideamh sin anuas chugainn, ó na glúnta a d’imigh romhainn. Mhúineadar córas iompair dúinn, córas a bhí bunaithe ar fhís úd na Ríochta. Ní call dom a rá, go raibh an córas iompair sin bunaithe ar dhá chloch bhoinn na Críostaíochta, sé sin, Grá Dé agus Grá na gComharsan.

Déan an rud ceart. Ach, conas a aithnítear an ceart? Bhail, tabharfaidh do chroí istigh, nó do choinsias fhéin, freagra na ceiste sin dhuit. Tugadh le fios dúinn freisin, go mbeadh an Fear Thuas ag breathnú anuas orainn, agus go gcoinneodh seisean áireamh ár ngníomhartha i leabhar mór na gcuntas, agus go mbainfeadh sé úsáid as an leabhar céanna sin, Lá na Lice. Go bunúsach mar sin, ba é a bhí taobh thiar den gcóras sin uilig, nó Fís na Ríochta.

Clocha Boinn

Breathnaigh freisin mar a tharlaíonn inár scoileanna. Nach é an scéal céanna arís é? Grá Dé, agus Grá na gComharsan, mar chlocha boinn faoi eitic agus faoi fhealsúnacht oideachais pholasaí na scoileanna. Moltar an té a dhéanann dá réir sin, agus gearrtar pionós eigin ar an té a leanann iompar ar bith eile. Nach soiléir do chuile dhuine, go bhfuil difir mhór idir an saol a mholann na múinteoirí dá ndaltaí, ar thaobh amháin, agus an cineál saoil atá rompu amach, taobh amuigh de bhallaí na scoile, ar an dtaobh eile. Paidreacha; dea-iompar; Cothrom na Féinne; déan an mhaith agus séan an t-olc; á moladh mar bhóthar a leasa, don dalta, agus ag an am gcéanna, déantar chuile iarracht ar shochaí na scoile a fhorbairt ar na clocha boinn sin. D’fhéadfá a rá, go bhfuil Fís na Ríochta, mar fhórsa tiomána, taobh thiar de pholasaí úd na scoileanna. Nach ’in í sáinn an mhúinteora? É ag ullmhú an dalta do shaol amháin, agus gan fáil ar an gcineál sin saoil, sa domhan mór abhus, ach ag an am gcéanna, ullmhaíonn an t-ullmhúchán sin an dalta d’fhís na Ríochta.

Tír na nÓg

Is dócha go bhféadfá a rá freisin, go bhfuil saothair áirithe litríochta bunaithe, a bheag, nó a mhór, ar an bhfís chéanna sin, nó samhlaítear don údar, sochaí in a mbeadh chuile shórt de réir mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Saol gan deora, gan anró, gan chruatan; saol gan aois, gan éagóir, gan mháchail. Breathnaigh ar Thír na nÓg, i litríocht an Ghaeil, sa bhFiannaíocht, agus breathnaigh arís, ar Útóipe Sir Thomas More, agus feicfidh tú claonadh chun na Físe ag soilsiú trí na hAistí litríochta úd, bíodh nach ionann an dá rud, Fís na Ríochta, ar thaobh amháin, agus fís na n-údar éagsúil, a lean tóirse a gcoinsiasa fhéin, ar an dtaobh eile, ach ag an am gcéanna, seolann siad beirt fan bhóthar ár leasa sinn.

Nach breá an phaidir í….Go dtaga do Ríocht………….

en_USEnglish