The Shack

Bí ag caint ar leabhar neamhghnách! Ní neamhghnách go dtí é. Ach le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir dom tagairt a dhéanamh i dtosach don údar, do Wm. Paul Young. Ceanadach fir is ea é, a tógadh i measc daoine ó threabh chlochaoiseach, sa Nuaghuine, mar a raibh a thuistí ag obair mar mhisinéirí. Is é, Mackenzie Allen Phillips, príomhcharactar an scéil, agus tá Mack, faoi mar a thugann roinnt dá chairde air, tá sé pósta le Nan, agus bhí cúigear clainne orthu.

D’éirigh go maith leo thar na blianta, agus ansin, agus Mack i lár a chaogaidí, thit crann na tubaiste anuas orthu, nó tharla gur fuadaíodh an iníon ab óige, Melissa, nó Missy, mar a thugaidís uirthi. Ar ball áfach, tuigeadh óna bhfuarthas i Seantán, i bhfásach iargúlta in Oregon, go raibh chuile sheans gur deineadh í a mharú go brúidiúil ansin. Thit scamall dubhach ar Mhack, agus tháinig athrú ollmhór air mar dhuine.

Ar ball, tharla go bhfuair sé nóta ó Dhia, faoi mar a tuigeadh dó fhéin, ag tabhairt cuiridh dhó, cuairt dheireadh seachtaine a thabhairt ar an Seantán úd in Oregon, agus i ndeireadh na dála, as go brách leis go dtí an bothán úd i bhfásach Oregon.

An raibh Dia na Glóire fhéin ag fanacht air sa tseanSeantán úd? Bhuel, tuigeadh do Mhack go raibh, agus i rith an deireadh seachtaine sin, chuir sé aithne ar thrí phearsa na Tríonóide, bíodh go mba neamhghnách na pearsain iad.

Ba ghearr gur thug sé faoi deara, go raibh chuile shórt timpeall air athraithe. In áit an tseantáin ghránna, bhí anois os a chomhair amach, áit álainn le bolaithe cumhra, agus bláthanna ildaite, thart air

Ba ghearr ansin é nuair a chuala sé guthanna. B’fhéidir go raibh Dia tagtha ar chuairt! Agus é ar tí cnag a bhualadh ar an ndoras, d’oscail an doras as a stuaim fhéin, agus ansin, os a chomhair amach, sheas bean mhór ghealgháireach Afra-Mheiriceánach. D’fhear sí Fáilte Uí Cheallaigh roimhe, agus rug barróg air. Ansin, nocht bean eile, a raibh cuma na hÁise uirthi, agus bhí ceol draíochta na nAingeal ina guth. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig pearsa eile ar an bhfód, é gléasta mar fhear oibre, agus cuma air gur ón Meán Oirthear dó.

Tuigeadh do Mhack, go mb’fhéidir go raibh sé i láthair Dhia mhór na Glóire, agus chuir an cheist…

“Which one of you is God?

‘I am,’ said all three in unison.”

Bhail, b’in iad trí phearsa na Tríonóide, faoi mar a foilsíodh do Mhack iad. Chaith sé an deireadh seachtaine sin ina gcomhluadar, agus baineadh de an t-ualach bróin a bhí anuas ar a ghuaille, ó fuadaíodh a iníon . Ar a bhealach abhaile, tharla timpiste dhó, agus fágadh gan aithne gan urlabhra é, go ceann i bhfad. An raibh aon tionchar ag an timpiste sin ar a theacht i láthair na Tríonóide? Bhail, le fios fátha an scéal sin a fháil, caithfidh tú an leabhar sin a fháil, is a léamh. B’fhéidir go mbeadh sé deacair chuile fhocal sa scéal seo a cheidiúint, ach ag an am gcéanna, coraíonn soineantacht agus saontacht chur chuige an údair sa scéal seo croí an léitheora. Súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe, fiú, as.

.

.

.

en_USEnglish