I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Faire Kilkenny

Nárbh é Edmund Spenser fhéin a bhaist an teideal “Faire Kilkenny” ar an gcathair s’againne, a chéaduair? nuair a scríobh sé sa “Faerie Queene” :-

“The next, the stubborne Newre, whose waters gray

By faire Kilkenny and Rosseponte boord.”

Ach ní gá dhom a rá, go dtéann scéal Chill Chainnigh i bhfad níos fuide siar sa stair na ré Spenser. Siar go dtí an tráth úd nuair a thóg Cainneach a Chill san ionad sin, Níltear ró-chinnte faoi dháta a bhreithe, ach deirtear, gur i bhfichidí an séú haois a saolaíodh é. Is é an scéal céanna é dála a bháis. Deirtear, gur sa bhliain 599, nó sa bhliain 600, a d’éag sé. B’fhéidir nach bhfuiltear cinnte faoi na dátaí sin, ach níl dabht ar domhan ach, gur i nDoire a rugadh é, agus gur uaidh a ainmníodh an Chathair Álainn s’againne.

Is cuimhin liom bheith in Albain, sa bhliain 1992, ar Chuairt na bhFilí, agus tharla gur thugamar cuairt ar Oileán scéirdiuil Thíríodh. Thugamar cuairt ar scoil ansin, agus tharla go raibh sruth lánGhaedhlice sa scoil sin. Rinneamar ár ndícheall píosa spraoi a chur ar fáil dóibh. Ansin deineadh na daltaí a chur in aithne dúinn, agus do bharúil, cén t-ainm a bhí ar an gcéad malrach a sheas ansin os ár gcomhair? Sea, an ceart agat! Cainneach, a bhí air, agus chomh maith le sin, tar éis domsa a mhíniú don lucht éisteachta, gur tháinig mé fhéin ó Chathair ársa a bhí ainmnithe ó Chainneach Naofa freisin, bhuel, ar siadsan, tá fothrach ar an oileán s’againne anseo, ar a dtugaimid Cill Chainnich! B’fhéidir gur chóir a chuimhneamh go bhfuil Oileán Thíríodh an-chóngarach d’Oileán Í, Oileán Cholmchille, comhthíreach Chainnigh s’againne. Ní gá anois gurbh é an Cainneach céanna atá i gceist sa dá longainm. Sea, ach nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac?

A Preacher of Note

Deirtear go mba iontach go deo an seanmóirí é Cainneach s’againne, agus deirtí go mbainfeadh sé deora as croí cloiche fhéin lena sheanmóirí. D’fhiafraigh Colmcille de uair, cá bhfuair sé an t-eolas uilig a bhí aige faoi na scrioptúir, agus ba é an freagra a fuair sé nó gurbh é an Tiarna fhéin a d’fhoilsigh sin dó. B’fhear é freisin, a rinne míorúiltí, trí dheonú Dé, agus chuaigh an cháil sin amach air lena linn fhéin fiú. Bhunaigh sé mainistreacha agus cealla, thall is abhus, ach ba í an mhainistir mhór a bhunaigh sé in Achadh Bó, an ceann ba cháiliúla díobh uilig, agus ba í a thóg áit Seighir Chiaráin mar phríomh ionad na Críostaíochta i measc na nOsraíoch, agus nuair a bhí ré Achadh Bó thart, ba fhundúireacht eile le Cainneach, Cill Chainnigh fhéin, a roghnaíodh mar phríomh ionad eaglasta Osraí, agus ba í an fhundúireacht chéanna, a thug a hainm don chathair álainn, a tógadh thart ar an mainistir a thóg Chainneach ar bhruacha tuilteacha na Bréagaí. Le himeacht aimsire, tógadh Cloigtheach cosantach ar an láthair, Cloigtheach álainn a sheasann go bródúil go dtí an lá atá inniu ann, a chosa socraithe thios ar fhothracha na cille úd a thóg Cainneach, agus é ina sheasamh taobh le hArdeaglais Chainnigh, agus a mhéar ag síneadh fós i dtreo na bhFlaitheas, baile agus ceann scríbe Theaghlach Chainnigh.

Ciarán Chléire.

Ach má thug an Naomh aduaidh sin, Cainneach Achadh Bó, ainm na Cathrach Áille seo dúinn, níorbh é a thug an Chríostaíocht, a chéaduair, chuig na hOsraigh, níorbh ea muis! Ba é Ciarán Chléire fhéin a rinne an beart sin. Rugadh Ciarán ar Oileán Cléire, i ndeireadh an cheathrú, nó i dtús an chúigiú haois, rud a fhágann go mba chomhaoiseach le Pádraig Naofa fhéin é. Fuair sé a chuid Críostaíochta ó mhisinéirí réamhphádraigiúla, nó b’fhéidir fiú, ó thrádálaithe, a raibh teangmháil acu leis an Mór-Roinn, áit ar deineadh iad fhéin a bhaisteadh. Deirtear go ndeachaigh sé chun na Róimhe agus é ina fhear óg, áit ar deineadh sagart de, agus deirtear freisin gur casadh le Pádraig fhéin é, le linn dó bheith thar lear. Oirníodh ina easpag thall é. Ar ball, tar éis dó scór bliain a chaitheamh i gcéin, d’fhill sé ar Éirinn, agus tar éis dó an dúiche a thaisteal, shroich sé Uarán, áit ar thóg sé Mainistir, Mainistir ar baisteadh “Seighir Chiaráin” uirthi, mainistir a d’fhás, is a d’fhorbair, mar lárionad na Críostaíochta i Ríocht Osraí. Thaistil sé mórán agus bhunaigh ionaid chrábhaidh, bheannaigh toibreacha, rinne othair a leigheas, agus d’oirnigh sagairt agus easpaig, leis an dea-scéal a leathadh i measc na nOsraíoch. Ba mhisinéir é, a bhfuil a chuimhne coinnithe glé, glas, glan, anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus is uaidh a ainmníodh Coláiste cáiliúil Chiaráin, a bhláthaigh i measc na gCainneach le breis is dhá chéad bliain anois, le léann agus oideachas a chur ar óige Ríocht ársa seo Osraí.

Mother knew

Ba bhreá óg a bhí mé fhéin nuair a chuala mé faoi na naoimh chéanna sin, a chéaduair, mar bhíodh de nós ag Mam s’againne scéalta na Naomh a léamh dúinn agus muid inár ngasúir, agus ba uaithisi a chéadchuala mé faoi Chainneach Achadh Bó, agus faoi Chiarán Chléire, an bheirt úd a bhunaigh agus a d’fhorbair Eaglais Dé i measc na nOsraíoch, cine a bhfuil leathchéad bliain caite agam fhéin ina measc, faoin am seo, agus cine atá molta agus mise i mo thost.

.

en_USEnglish