I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Immigration and Emigration.

Ní gá dhom a rá gurbh fhocal é “an imirce” atá i mbéal daoine, le sinsireacht, nó ba nós dár muintir, chuile lá riamh, géilleadh don bhfonn fáin úd, nó an “Wanderlust”, faoi mar a thugtar air i mBéarla, fonn atá neadaithe sa chroí istigh ionainn ó dhúchas. Ach, ba é a thuigeamar leis an bhfocal céanna sin, le fada, nó dul ón dtír seo chuig tír eicínt eile, ar thóir oibre, nó saoirse, nó rud eicínt dá leithéid, ach le mám blianta anuas anois, cuireadh iachall orainn, breathnú ar an dtaobh eile den scéal sin, nó le traidhfil de bhlianta anois, tá imircigh ag teacht chugainne ón gcoigríoch, ina gcaise do-stoptha, go dtí go bhfuil tarraingt ar leathmhilliún eachtrannach ag cur fúthu sa tírín s’againne, faoi láthair. Ach céard faoin dá fhocal sin, eisimirce agus inimirce? Bhuel, is ionann eisimirce, agus daoine ag fágáil a dtír dhúchais le cur fúthu i dtír eicínt eile, agus ar an dtaobh eile den scéal, is ionan inimirce, agus daoine ón dtaobh amuigh, ag teacht chugainne, le cur fúthu sa tír s’againne. Mar sin is dócha go bhféadfadh duine a rá, gurb ionann eisimirce uainne agus inimirce i dtír eile, agus nach ’in an fáth go mbaintear úsáid as an bhfocal “imirce” coitianta sa tír seo, agus muid ag cur síos ar ghluaiseacht daoine ó thír amháin go tír eile, nó ní raibh ach gné amháin den cheist ag cur as dúinne anseo, leis na cianta, agus b’in muintir na tíre seo ag dul ar imirce chuig tíortha eile, ar thóir oibre, nó saoirse, nó rud eicínt dá leithéid.

Nothing to be had here!

“Céard eile a d’fhéadfaidís a dhéanamh, nó ní raibh tada le fáil acu sa tírín bocht s’againne” adeireadh daoine, roinnt blianta ó shoin, agus b’fhíor dóibh, an t-am sin, tráth a théadh thart ar dhá scór míle Éireannach thar sáile in aghaidh na bliana, ar thóir oibre. Ach, d’imigh sin, is tháinig seo, agus féach orainn anois, agus leath an domhain in éad linn agus na mílte, agus na mílte, ag iarraidh fáil isteach sa tír seo, ar ais nó ar éigean.

Welcome our guests

Scríobh mé alt, tamall ó shoin, faoi na cúrsaí seo, agus mé ag moladh dár muintir, chuile dheis a chur ar fáil do na daoine seo le socrú síos inár measc, trí fáilte a chur rompu mar shaoránaigh, agus chuige sin, ba chóir chuile iarracht a dhéanamh iad a mealladh isteach sna fórsaí cosanta, sna cumainn spóirt, agus sna gairmeacha beatha uilig, nó sin an tslí is fearr lena ndílseacht don Stát s’againne a chothú agus a fhorbairt. Ba chóir freisin, chuile dheis a chur ar fáil dóibh máistreacht a fháil ar theanga, ar chultúr, agus ar shibhialtacht na ndaoine, ina bpobal nua-roghnaithe.

Bheadh sé deacair comhairle níos fearr, nó níos barainní, a chur ar fáil dár Rialtas, nó dár muintir, mas uainn scliúchais agus easaontas a sheachaint sna blianata atá romhainn amach. Ach, caithfear breathnú ar an dtaobh eile den scéal freisin, nó ní bheadh sa mhéid a mhol mé thuas ach am amú, agus comhairle nárbh fhiú an deich triuf í, mura bhfuil na h-inimircigh a tháinig ar chuairt chugainn, mura bhfuil siadsan sásta glacadh leis, nach leo an tír seo, agus go bhfuil de dhualgas orthusan, meas a bheith acu ar dhlíthe agus ar nósanna na tíre seo atá sásta dídean agus ‘bheith istigh’ a chur ar fáil dóibh anseo, in am a ngátair.

The other side of the coin

Céard tá i gceist agam anseo, an ea?

Bhuel, is é atá i gceist agam anseo nó, go gcaithfidh inimircigh bheith sásta glacadh lenár gcóras polaitíochta, lenár gcóras dlí, lenár mbunreacht, agus lenár saoirse creidimh, agus cainte. Bheifí ag súil freisin, go dtabharfadh siad dílseacht don Stát s’againne, don Stát seo atá sásta dídean agus coimirce a chur ar fáil dóibh. Nó mar adeireadh siad fadó, “an té a théann chun na Róimhe, ní mór dó déanamh mar a dhéanann na Rómhánaigh.” An té nach bhfuil sásta sin a dhéanamh, déarfainn gur chóir dó dídean agus coimirce a lorg áit eicínt eile. Ach má tá se sásta bheith ina bhall den phobal s’againne, bhuel, ansin, ba chóir, agus ba cheart, dúinne deighleáil leis, faoi mar ba shaoranách Éireannacha é, nó déarfainn fhéin, go bhfuil chuile bhuntáiste, a bhaineann le saorántacht, tuillte ag an té sin, a thugann a dhílseacht dár Stát, agus dár bpobal. Ní hionann sin uilig is a rá nach bhfuil chuile cheart ag an inimirceach sin a bheith dílis freisin, dá mhuintir fhéin, agus dá thír fhéin, agus dá chultúr fhéin, chomh fada is nach bhfuil easaontas bunaidh idir an dá dhílseacht sin.

Mar sin, fáiltimis ó chroí roimh ár saoránaigh nua, agus guímis saol fada agus bás in Éirinn dóibh.

.

.

en_USEnglish