I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad  

In Am an Ghátair

In am an ghátair a aithnítear na cairde. Nuair a bhíonn chuile shórt ag dul ar aghaidh go breá dhuit, ní bhíonn gá le cabhair nó le cúnamh ó éinne, ach scéal eile ar fad é nuair a tharlaíonn i gcruachás thú, nó sa chás sin, ní fhanann dílis dhuit ach na fíorchairde, agus má tharlaíonn a leithéid a bheith agat, bhail! Ní théann siadsan isteach i bpoll miongáin uait, ar eagla go n-iarrfá cabhair uathu, ach na fíorchairde sin, fanann siadsan dílis dhuit, agus iad sásta i gcónaí teacht i gcabhair ort in am do ghátair.

Céard tá ag dó na geirbe agam an babhta seo, an ea?

Céard eile ach an sean scéal céanna i gcónaí, cúrsaí polaitíochta, céard eile a bheadh ag dó na geirbe agamsa na laethe seo?

Conas a tharlaíonn go gcuireann cúrsaí polaitíochta isteach chomh mór sin orm,s ea?

Bhuel! Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin go bhfuil an tír s’againne i ngátar, agus i gcruachás, i láthair na huaire seo, agus i gcás dá leithéid, nach gceapfá go gcuirfeadh muid uilig le chéile, agus go leanfadh muid ár gceannairí tofa, fad is atá siadsan ag iarraidh teacht ar phlean, a sheolfadh muid slán as an sáinn seo ina bhfuil muid gafa, le cupla bliain, nó trí, anois?

An mar sin a tharlóidh, an ea?

Bíodh trí splaideog céille agat! Is féidir leat a bheith cinnte, nach ea, nó a mhalairt ar fad a bheidh fíor. Nuair a shocraíonn an Rialtas ar scéim le sinn a thabhairt slán as an ngábh seo ina bhfuil muid sáinnithe, tosaítear láithreach ag earcú léirseoirí le dul i gcoinne scéim sin an Rialtais, agus le cruinnithe a eagrú ar shráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le míshástacht an phobail a léiriú, agus i laethe mar seo, nuair atá cúrsaí eacnamaíochta na tíre go holc, níl sé ró-dheacair a leithéid a dhéanamh. Ach, an bhfuiltear cinnte nach bhfuil siad ag treorú na léirseoirí seo isteach i bpoll slogaide, fad is atá cumhacht an Rialtais á bhearnú acu. Tá sin uilig dona go leor nuair is baill den ghnáthphobal atá i mbun na gcleas sin, ach nach measa i bhfad Éireann an scéal é, nuair is baill tofa de Dháil Éireann a théann i mbun bheartais dá leithéid?

Ach ní fhéadfadh a leithéid titim amach sa tír s’againne, nó an bhféadfadh?

Bí cinnte go bhféadfadh, agusid ann adeir go bhfuil a leithéid ar siúl, i láthair na huaire seo. nach bhfuil an corrTheachta ag moladh do dhreamanna áirithe neamhshuim a dhéanamh de dhlithe na Dála céanna sin agus léirsiú ina gcoinne. Bí ag caint ar shiúl ar dhá thaobh na sráide! Sea, agus nach bhfuil leagan oiriúnach acu sa Bhéarla fhéin adeir, gur rud do-dhéanta é ‘To run with the hare and to hunt with the hounds.’ Is dócha go dteastaíonn ó na Teachtaí céanna sin éacht dá leithéid a chleachtadh!

Ach níor chóir dom an milleán ar fad a chur ar na Teachtaí thuasluaite, nó tá dreamanna eile ag iarraidh ceol a bhaint as bianna an mhaide siúil chéanna sin freisin?

Cé tá i gceist agam sa mhéid sin, an ea?

Tá, roinnt áirithe de lucht na meán cumarsáide réidh lena maidí a chur sa bhfeamainn freisin, mar nach bronntanas Nollag ó Dhia dá lán acu teacht ar ábhar chomh conspóideach, corraitheach sin, i mbéal an dorais acu? Sea, agus bí cinnte dhe, nach ligfidh siad an fhaill chéanna sin tharstu gan úsáid a bhaint aisti. Ionsaíonn siad baill an Rialtais, thall agus abhus. Cuma céard deir siad, baineann na boic, nó na boicíní seo, a gciall fhéin as, cuma fíor bréagach é. Bheadh sin dona go leor, ach nuair a smaoiníonn tú air, tuigfidh tú go bhfuil seans maith ann go dtabharfadh daoine cluas dá bhfuil á spalpadh acu, agus sa tslí sin, déanann siad gnó an Rialtais beagnach do-dhéanta. Sea, agus feidhmíonn siad faoi mar ba Theachtaí tofa an phobail iad, agus é de cheart acu, agus de dhualgas orthu, Airí Rialtais a ionsaí agus a dhíspeagadh.

Anois,nuair a bhreathnaíonn tú ar an mbail atá ar an dtír s’againne, i láthair na huaire seo, tuigfidh tú go bhfuil gá le ‘cur le chéile’, nó mura n-aontaíonn muid in am seo an anachain, is féidir leat a bheith cinnte, nach n-éireoidh linn, sinn a ardú as an bpoll slogaide seo ina bhfuil muid sáinnithe. Mura gcoinníonn muid orainn go seasmhach buan, ní eireoidh linn. Tá sé chomh simplí le sin.

ceap anois, go gcreidim gur chóir dúinn tacú leis an Rialtas chuile bhabhta, fiú nuair a tuigtear dúinn iad a bheith imithe ar fán. I gcás dá leithéid, tá chuile cheart ag an saoránach a dhearcadh a chur in iúl, trí léirsithe a eagrú, ach go ndéanfaí a leithéid taobh istigh de theorainneacha an dlí. Sa chaoi chéanna, tá an ceart céanna ag Teachtaí na Dála a dtuairimí fhéin a chur in iúl ar bhealach a bheadh ceadaithe ag rialacha a bpáirtí agus ag cur chuige na Dála, sea, agus gan aon dabht, tá an dualgas céanna sin ar lucht na meán, nó tá an pobal ag brath orthusan le botúin an Rialtais a nochtú go hoscailte, ach go macánta freisin, sa tslí go bhfuil údarás eicínt acu dá dtuairimí, in ionad tuairimí a mbeadh a din leo, a leagan os comhair an phobail, ag dúil go gcuirfeadh sin i gcoinne an Rialtais iad agus go n-éireodh leosan cáil gan taca a bhaint amach dóibh fhéin.

Agus sin uilig ráite, admhaithe, againn, níor chóir críoch a chur leis an bpíosa seo gan tagairt a dhéanamh don dualgas atá ar Rialtas ar bith feidhmiú go macánta, agus chuile iarracht a dhéanamh i gcónaí, críoch a chur le camastaíl agus le camailéireacht, agus Clothrom na Féinne a thabhairt do chuile shaoránach, cuma cé hé fhéin. Tá sé thar am againn críoch a chur le chuile ghé de ‘postanna do na gaolta agus do na cairde’Jobs for the lads!”. ”Fair Play don Éireannach”, chuile bhabhta. Sin an mana! Sin an ticéad!!!

.

en_USEnglish