L e a b h a r m ó r – r á c h a i r t e e i l e .
***********************
.
The Last Juror …………………..céadchló……………….. 2004 .
le………………………………………………………………………………….
John Grisham ……………………………………………………€22.99.
.
*************************
.
Níl sé chomh fada sin ó shoin ó bhí píosa le léamh anseo agaibh faoi “Bleachers”, leis an údar chéanna sin, agus níl dabht ar domhan, ach go bhfuil ag éirí leis an údar ildánach seo leabhair den chéad-scoth a chur ar fáil dúinn, go rialta, nó seo an seachtú úrscéal déag curtha ar fáil aige, ó thosaigh air ag scríobh dúinn, tamall gearr de bhlianta ó shoin anois. Ba le dlí a chuaigh Grisham i dtosach, ach tar éis dó tamall a chaitheamh i mbun na ceirde sin, agus tar éis dó leabhar mór-ráchairte a chur ar an margadh, fuair sé amach, go mbeadh ar a chumas teacht i dtír go rábach ar cheird na scríbhneoireachta. Ní call dom a rá, go raibh an ceart aige sa chinneadh céanna sin. Ní call a rá, ach oiread, go raibh ar a chumas, a chuid eolais ar chúrsaí dlí a úsáid ina cheird nua, agus dá chomhartha sin, bhunaigh sé bunús a chuid scéalta ar an ndlí, ach corr-uair, éalaíonn sé ó ghort casta sin na dlí, agus tugann faoi scéal a bhunú ar ábhair eile. D’éirigh leis sin a dhéanamh sna leabhair sin, A Painted House, Skipping Christmas, agus Bleachers, ach má sea, tá sé tar éis filleadh arís, sa leabhar seo is déanaí uaidh, ar chúrsaí dlí, le scéal corraitheach, suimiúil, lán-teannais, a fháisceadh as an ábhar sin, a bhfuil an oiread sin eolais aige faoi, bíodh go bhfuil a lán téamaí eile fite fuaite trí shnáitheanna na dlí aige, sa leabhar seo, The last Juror.
Is é Willie Traynor, iriseoir, an príomhcharachtar sa scéal seo, agus is trína shúile siúd a fheiceann muid gníomhartha agus forbairt an scéil seo. Suítear an scéal seo i Ford County, Mississippi, i seachtóidí na haoise seo caite. Nuair nár éirigh leis go ró-mhaith i mbun Céime san Iriseoireacht, in Ollscoil Syracuse, chinn a sheanmháthair, BeeBee, gan é a mhaoiniú a thuilleadh, sa bhfeachtas sin, agus mhol sí dó post oibre a fháil dó fhéin. D’éirigh leis post a fháil i Clanton, Mississippi.
After five years at Syracuse my grades were irreparable, and the well ran dry. I returned to Memphis, visited BeeBee, thanked her for her efforts, and told her I loved her. She told me to find a job.
Sea, bean chiallmhar ba ea BeeBee, de réir dealraimh. Fuair sé post mar iriseoir ar fhoireann an Ford County Times, páipéar a raibh a phort beagnach seinte, ag an am sin. Ba é Wilson Caudle, eagarthóir an pháipéir sin, agus ba í a mháthair siúd úinéir agus foilsitheoir an nuachtáin sin. Bhí Wilson ina sheachtóidí, agus bhí an mháthair trí bliana déag is ceithre scór, ag an am sin. Briseadh a ngnó, sa bhliain 1970, agus fágadh an fhoireann ar an mblár folamh. Fuair Willie Traynor amach, go mbeadh sé éasca go maith an páipéar sin a cheannacht, agus tar éis dó cuairt a thabhairt ar BheeBee, d’éirigh leis dóthain airgid a mhealladh óna sheanmháthair leis an ngnó a cheannacht dó fhéin, nó tuigeadh dó, go bhféadfaí carn airgid a dhéanamh as gnó dá leithéid.
Ní raibh sé i bhfad i mbun oibre mar eagarthóir agus úinéir ar an Ford County Times, nuair a tharla éigniú agus dúnmharú uafásach cruálach ar an mbaile sin, Clanton. Ba í Rhoda Cassellaw, an bhean a bhí thíos leis, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, maraíodh í os comhair a beirt pháistí. D’éirigh le Willie freastal ar an dtrá sin, agus sa tslí sin, d’éirigh leis díol an pháipéir sin a mhéadú as cuimse, ionas go raibh a theacht isteach ón ngnó sin ag dul i méad, ó sheachtain go seachtain, agus ó mhí go mí. Caitheann an t-údar roinnt mhaith spáis ag cur síos ar an ndúnmharú céanna sin, agus ar an ndúnmharfóir, Danny Padgitt, duine de threibh a mhair in áit iargúlta, do-ionsaithe, agus treibh nach raibh meas mhadaidh fhéin acu ar dhlí nó ar reacht.
Thart ar an am sin, chuir an t-eagarthóir nua aithne ar bhean ghorm, Calia H. Ruffin, bean a raibh seachtar clainne uirthi, agus chuile dhuine acu sin, ach an t-aon duine amháin, agus a chéim dochtúireachta bainte amach aige i mbrainse eicínt léinn. Bhuel, bhí deacrachtaí iomadúla ag baint le roghnú an ghiúiré, agus do bharúil, nárbh í an gormach mná sin, an giúróir deiridh a roghnaíodh don chúis áirithe do-scaoilte sin i gcoinne Danny Padgitt, agus is dócha, gurbh é sin ba chúis le “The Last Juror” a bhaisteadh ar an leabhar seo.
Four hours later, Calia H. Ruffin became the last juror chosen – the first black to serve on a trial jury in Ford County. The drunks up in the Bar Room had been right. The defense wanted her because she was black. The State wanted her because they knew her so well.
Ní haon ionadh go raibh sár-aithne ag daoine uirthi, nó nach raibh sraith aistí scríofa fúithi fhéin, is faoina clann, ag Willie, agus gan dabht ar domhan, bhí an-mheas ag Willie ar Callie H Ruffin, nó ba chócaire thar na bearta í, agus ba dhuine é, a bhí thar a bheith beadaí, an Willie céanna sin, agus nach mbíodh sé ar chuireadh tigh Calia, chuile Dhéardaoin, le bia beadaí a bhlaiseach, ag bord na mná uaisle, neamhghnáthaí chéanna sin.
Bhíothas ag súil go ndaorfaí Danny chun bháis, ach má bhí fhéin, bhagair Danny ar na Giúróirí go maródh sé chuile dhuine acu, dá bhfaighidís ciontach é.
As he was about to step out of the witness box and return to the defense table, he suddenly turned to the jury and said something that stunned the courtroom. His face wrinkled into pure hatred and he jabbed his right index finger into the air. “You convict me.” He said, ”and I’ll get every damned one of you.”
Sea, mh’anam, níorbh aon doithín é, an Danny céanna sin, geallaimse dhuit é.
I ndeireadh na dála, daoradh Danny, agus uaidh sin, éiríonn leis an údar dul i gcionn go hiomlán ar an léitheoir, sa chaoi go gcuirtear faoi gheasa é, ag scil draíochta an údair ildánaigh seo, agus é ag sníomh na bhfocal, agus na smaointe, ina ngréas greanta, greamaitheach. Ach, níl fúmsa an scéal iontach seo a mhilleadh ortsa, agus fágfaidh mé fút fhéin é, taitneamh agus pléisiúr iomlán a fháisceadh as an scéal seo, as do stuaim fhéin.
Is é mo thuairim fhéin, gurb é an scéal seo, an ceann is fearr fós, ó pheann an údair ildánaigh, corraithigh, seo.
An-scéal, agus é inste le scil, le draíocht, agus le teannas a thhógfadh an ghruaig ar bhaic do mhuiníl. Más duine thú, ar mór aige John Grisham mar úrscáalaí, tapaigh do dheis, agus faigh greim ar an leabhar draíochta seo, ar an dá luathas, nó beidh a chathú ort, amach anseo.
.
**************
Peadar Bairéad.
**************