L e a b h a r C o n s p ó i d e a c h !****************************

Stupid White Men………….Céadchló Penguin sa Bhreatain………..2002.

Le

Michael Moore……………………………………………………………………….11.95 Euro.

************************

Ar mo bhealach go Meiriceá a bhí mé, i Lúnasa na bliana seo caite, nuair a thug mé faoi deara, agus mé ag aerfort Átha Cliath, nach raibh a dhath le léamh agam ar bord an eitleáin. Anois, nílim ag rá anseo, go léim an t-uafás ar fad, agus mé craptha, dingthe, leath-scanraithe, i mo chúng-shuíochán ar eitleán, ach ag an am gcéanna, níor mhaith liom bheith ar bord, gan leabhar de chineál eicint, a bheith faoi mo láimh agam, ar eagla go mbuailfeadh fonn léitheoireachta mé, agus mé cupla míle os cionn na talún, nó ní bheadh sé ró-aisiúil, ag an bpointe sin, dul ag cuardach leabhair, tharla nach mbíonn siopa leabhar, de chineál ar bith, le fáil ar thaobh shráideanna an aeir. Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, agus ó tharla nach raibh an oiread sin ama le spáráil agam i mbun an ghnó, phioc mé suas an leabhar thuasluaite, “Stupid White Men” le Michael Moore, nó cheap me, go ndéanfadh sé cúis, an babhta sin. Thug mé faoi deara freisin, ón méid a bhí maíte acu ar an gclúdach, go raibh sé roghnaithe mar Leabhar na Bliana ag British Book Awards, cibé ciall atá le baint ag duine as an méid sin? agus chomh maith le sin, bhéic fógra beag eile, ar choirneél an chlúdaigh cheanna sin, The Number 1 Bestseller. Agus murar leor sin do dhuine ar bith, cuireadh in iúl dom freisin, gurbh é tuairim Time Out go raibh sé…”Furious and funny. A great book”

Caithfidh go raibh mé sásta leis an moladh sin ar chlúdach an leabhair, nó rinne mé é a cheannacht, ar an toirt, gan aird dá laghad a thabhairt ar a raibh le rá ag ár seanfhocal fhéin, i gcás dá leithéid, sé sin, gan leabhar a cheannacht riamh ar a chlúdach! Thug mé mo €11.95 dóibh ar an sladmhargadh seo, agus chun bealaigh liom, agus an rí-leabhar sin, go mórtasach, faoi m’ascaill agam.

Rinne mé a raibh le déanamh agam roimh dhul ar bord dom, agus ansin, ghlac mé m’áit sa scuaine a bhí ag fanacht le dul ar bord Eitilt EI 145, Eitilt de chuid Aer Lingus s’againne. Tuigeadh dúinn nach mbeadh orainn fanacht ró-fhada, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó in áit dhul ar eite ag a 11.45 r.n. níor éirigh linn éirí den talamh go dti a trí a chlog san iarnóin! Níor insíodh tada dhúinn faoin mhoill sin go dtí 2.30 i.n. agus míníodh dúinn ansin, gurbh é an ceo bradach ba chúis leis an trioblóid ar fad, agus déanta na fírinne, d’fhéadfadh cúrsaí a bheith i bhfad níos measa, nó ba é ár n-eitiltne an eitilt deiridh a chuaigh ar eite an tráthnóna beannaithe sin. Ach, is é atá i gceist agam anseo, nó go raibh mo sháith ama agam, le mant maith mór a bhaint as Stupid White Men, sula ndeachaigh muid ar eite, an tráthnóna sin.

Ní call dom a rá, gur leabhar an-neamhghnách é an leabhar céanna seo, agus ón aithne atá faighte againn ar Mheiriceánaigh, ní bheifeá ag súil go scríobhfadh Meiriceánach ar bith leabhar chomh frithMheiriceánach leis an leabhar seo. Ní hé sin amháin é, ach scríobhadh an leabhar seo sna míonna roimh 11/ 9/ ’01, agus bhí 50,000 cóip den chéad eagrán clóite agus réidh le dul ar an margadh, tráthnóna an 10 Meán Fómhair, 2001, ach mar adeir an t-údar ina Réamhrá……

“I wrote Stupid White Men in the months preceding September 11, 2001. The first 50,000 copies of it came off the presses on the evening of September 10. Needless to say, those books were not shipped out to bookstores across the nation on the following day as had been scheduled.”

Theastaigh ón údar moill cupla seachtain a chur ar dháileadh an leabhair. Thoiligh na foilsitheoirí chuige sin, agus dúradar leis go dtiocfadh siad ar ais chuige, ar ball. Bhuel, d’imigh na seachtainí, agus níor chuala sé faic ó na foilsitheoirí, agus nuair a chuir sé scairt orthu, ag fiafraí cathain a chuirfí an 50,000 cóip úd den leabhar ar díol sna siopaí?

Ba é freagra a fuair sé, ar ball, nó nach bhféadfaidís an leabhar a chur ar an margadh faoi mar a bhí sé scríofa, toisc go raibh aeráid pholaitíochta na tíre athraithe ó cuireadh cló air, ach

1.dá mbeadh sé sásta a leath a athscríobh,
2. tagairtí géara don Uachtarán Bush a fhágáil ar lár,
3.a dhearcadh frithRialtais fhéin a mhaolú, agus ansin,
4.thart ar $100,000.00 a íoc leis an gComhlacht, as an 50,000 cóip úd a athfhoilsiú,
5.agus, chomh maith le sin, dá bhfágfadh sé cupla caibidil ar lár,
6. Ansin, bheadh siad sásta a leabhar a chur ar an margadh.  

Ní call dom a rá nach raibh an t-údar sásta a leithéid a dhéanamh dóibh, agus féach mar a chuir sé sin in iúl dóibh, ina fhreagra chucu….

“I am not going to change 50 percent of even one word of this book. I can’t believe what you are telling me. You already accepted this book and printed it! Now you are afraid – or worse, you are trying to censor me to conform to the corporation’s political philosophy…..

Ní gá a rá, nach raibh na foilsitheoirí, HarperCollins le Mr Rupert Murdoch, sásta géilleadh puinn don reibiliúnach seo, Michael Moore,

“Things rested so”…ar feadh tamaill, agus ansin, thug an t-údar caint uaidh, ar an gcéad la de Mhí na Nollag, 2001, áit eicint….off the New Jersey Turnpike, i seomra ina raibh thart ar chéad duine. Mhínigh sé don lucht eisteachta, nach raibh fonn air, an óráid a bhí ullamh aige, a thabhairt dóibh, agus tugadh cead dó a scéal fhéin, faoina leabhar, Stupid White Men, a insint dóibh. Bhí go maith. Chuaigh sé i gcionn go mór ar a lucht éisteachta, agus tharla go raibh leabharlannaí mná ar an bhfód, agus shocraigh sise an scéal a chur ar an idirlíon dá comhleabharlannaithe. Bhí toradh céatach ar a scéal, agus ba ghearr gur thosaigh leabharlannaiathe na tíre ag scríobh chuig na foilsitheoirí, ag áiteamh orhtu, go gcuirfí leabhar Moore ar díol láithreach. Le scéal gairid a dhéanamh de, shocraigh siad ar an 50,000 cóip úd a chur ar an margadh, ach dúirt siad nach ndéanfaí é a phoibliú, sna meáin chumarsáide. Ach dá ainneoin sin, chuaigh an t-údar fhéin ar an idirlíon, lena scéal a chur i láthair an phobail, agus ba é toradh a bhí air sin, nó gur díoladh an 50,000 cóip sin, taobh istigh de chupla uair a chloig. Faoin chúigiú lá ina dhiaidh sin, bhí an leabhar ina naoú chlóbhualadh, agus é ar bharr liostaí na leabhar mór-ráchairte, ar nuachtáin ghradamúla Mheiriceá. Sea, agus d’éirigh leis sin a dhéanamh, gan aon chabhair ó na Foilsitheoirí, nó ó na meáin, frí chéile. Ansin tharla rud ait. Thosaigh an leabhar ag baint amach an chéad áit ar liostaí na leabhar mór-ráchairte sa Bhreatain. Conas a tharla sin, an ea? Bhuel, bhíothas ag ceannacht na leabhar i Meiriceá, ar phraghas an-ard. Le freastal ar an trá sin, chuir na Foilsitheoirí eagrán speisialta ar fáil don Bhreatain agus d’Éirinn, agus é sin daor go maith freisin.

Ar ball, tháinig “Penguin” i gcabhair ar an údar, agus shocraigh siadsan, ar eagrán Penguin den leabhar a chur ar an maragadh, sa Bhreatain agus in Éirinn dó….

Well I am now free of the Murdoch machine – and to my aid have come the good people at Penguin Books in the UK with their offer to publish the foreign paperback edition of this book. Their letter to me was one of the most generous and powerful shows of commitment to my work that I have ever seen and I am very grateful for their support.

Bhuel, b’in mar a tharla go raibh an t-eagrán Penguin seo den leabhar le ceannacht agamsa, i siopa leabhar an Aerfoirt, i mBaile Átha Cliath, an mhaidin sin, an t-ochtú lá de Lúnasa 2003, agus sin an fáth gur cheap mé, gurbh fhiú dhom scéal an leaahar fhéin a insint daoibh anseo, nó ar bhealach, tá an scéal sin chomh spéisiúil leis an scéal atá á insint sa leabhar fhéin. Ach sin ráite, caithfidh mé a rá, gur bhain mé an-phléisiúr as an leabhar céanna sin, nó léiríonn an t-údar seo, de shliocht Gael, léiríonn sé misneach agus crógacht, sa tslí a ionsaíonn sé George W. fhéin, agus Rialtas agus Údaráis na Stát Aontaithe, gan fiacail a chur ina bhfuil le rá aige!

Mar sin, má theastaíonn uaitse, an scéal seo, ó údar, atá, mar adeir an…blurb…

Stupid White Men tells you everything you need to know about how the great and the good screw us over. It reveals – among other things – how ‘President’ Bush stole an election, aided only by his brother, cousin, his dad’s cronies, electoral fraud and tame judges; how the rich stay rich while forcing the rest of us to live in economic fear, and how politicians have wh**ed themselves to big business…..

A hilarious must-read for anyone who wants to know what the con is and how ‘they’ get away with it….

Agus rud is iontaí fós, nó go bhfuil an leabhar seo ag baint áite amach fós, ar liostaí na leabhar mór-ráchairte, abhus is thall.

Léigh é, agus faigh amach duit fhéin conas a d’éirigh leis an údar seo an lámh in uachtar a fháil ar Fhoilsitheoirí, ar Rialtas, agus ar Údaráis, ní hamháin thall, ach abhus, freisin.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

en_USEnglish