Ceiliúradh Na gCeithre Scór !
.
.
“Bí ag caint ar an bhfuaimbhac, mar theorainn
‘dir luas fuaime is luas tá níos mó,
Ach ar thrasnaigh tú aoisbhac na mblianta Nuair a sháraítear bac na gceithre scór?”
.
.
“Níl i gceist a’d ach breithlá ’mháin eile,
Is tá cleachtadh maith faighte agat ar sin.
Ní fheictear fís aoise nó ama,
Nuair a chuirtear bliain eile ar an gclog.”
.
.
“Nach breá réidh a thagann an chaint chugat,
Is nach fial thú le comhairle na ndall,
Ach má sháraíonn tú fhéin na gceithre fichid,
Athróidh tú do phort agus d’fhonn.
.
.
Thrasnaigh mé an díog sin, le déanaí,
Is dár m’fhocal ! ’sí ’tá doimhin, lán brí,
Níl mé tagtha chugam fhéin fós ’na dhiaidh,
Nó ní fearrde mé an aoisbhac a chlaoi.
.
Ach cá bhfuil an ghaois a níos blianta?
Nó cá bhfuil an meas ar an aois?
Nuair a thrasnaíonn tú díog na gceithre scór
Níl meas feasta ag éinne ar do ghaois.
.
.
Do-fheicthe, do-chloiste, do-thuigthe,
Tabharfar an chluas bhodhar ar do chiall,
Ní fheicfear an áilleacht tá ceilte
Faoi roic is faoi shlad úd na mblian.
.
.
Ach tuig seo, a dhuine id’ bhlianta,
A bhfuil ionatsa tairbhe is toirt,
Ná caitear do ghaois uait go fánach,
Mar dhéanfaí í a shatailt sa mhoirt.”
.
.
*******************************
.