I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(Memories of Christmases Past return at this time of year)

Nollaigí m’Óige .

Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí m’óige, tagann na cuimhní chugam go mall, míchruinn, doiléir, i dtosach, ach tar éis tamaill a chaitheamh ag iascaireacht i loch doimhin na mblianta, tagann na cuimhní céanna sin ar ais chugam ina rabharta cruinn, soiléir. Rabharta, a chuireann an t-anam ag rince ar lic, sa chroí istigh ionam.

Tar liom, mar sin, siar go deireadh na bhfichidí, go tír álainn ghlé m’óige, go hIorras na nIontas. Is iad na cuimhní a shnámhann isteach chugam anois, ar thonn úd na gcuimhní nó páirceanna loma, scéirdiúla. Ar scáileán na cuimhne, feicim coinlíní geala aníos trí chré dhubh, bhriosc, Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, ár laethe réamhNollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín – agus caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil againn sna páirceanna scéirdiúla céanna sin. Ba é a cheapainnse fhéin nó go dtéadh dreoilíní Iorrais i bhfolach, an tráth sin bliana, ar eagla na heagla! Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, céirseacha agus a leitheid. Annamh mar sin, a d’éiríodh linne teacht ar dhreoilín, in am do Lá ’le Stiofáin, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againn ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, sa bhundlaoi.

Is soiléir a thagann cuimhní an ullmhúcháin do Lá an Dreoilín chugam anois. Aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú. Bataí, boscaí, agus buataisí á gcuardach. Amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh. Ó, sea, agus gúnaí, hataí, agus bibeanna ár ndeirfiúracha, á dtógáil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín.

Bhímis ar ar gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, nó ollmhaitheas na comharsanachta a bhailiú chucu fhéin, mar chreach Nollaigiúil. Bhíodh tús bóthair againne orthu, agus bhímis sásta i gcónaí lenár gcreach, i ndeireadh an lae thiar. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní airímse aon fhuacht, nó sioc, nó sneachta, riamh. Boige, úire, agus Earrachas, a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna sin

But let's drop it as a story, and let's return to those Christmases of memory, Christmases of dreams, because it was on them that I drew the story, in the first place. When I think of them now, I think first of the Christmas Season. That season, for us, began on the first day of December. On that day, we started with an old Irish custom, the ‘Áibhéanna’ custom. We believed that the one who said five thousand "Aibhés" between then and Christmas Day would get his wish. We were saying them everywhere, at school, at home, on the road and travel, yes, and we would give that wish as a gift to Mom, on Christmas Eve, when she was tired, exhausted, after buying and dressing the Christmas for us.

Other memories that come to me now are:-

 Aonach Mór na Nollag i mBéal an Mhuirthead, ar an 15 Nollaig.
 Margadh Mór na Nollag, ar an Satharn roimh Nollaig, ’chuile bhliain.
 Tine Mhór na Nollag, b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag.
 Cácaí na Nollag, na cácaí a dhéanadh Mam a fhuint is a bhruith don Nollaig, cácaí a mbíodh rísíní, spíosra, agus deasa deasa eile iontu, lenár gcroí a thógáil, i séasúr beannaithe na Nollag.
 Teas na cistine, maisiúcháin, carthannacht, agus thar aon rud eile, coinneal mhór daite na Nollag.
 Bhí nós beag eile againne, páistí, in Iorras freisin, an t-am sin. Gheobhadh muid boscaí beaga stáin, agus dhéanaimis iad a ghlanadh is a sciúradh, ansin thugadh Mam giota beag taois dúinn as a cáca mór Nollag, agus chuireadh muidinne na giotaí sin á mbácáil dúinn fhéin sa ghríosach. Sa tslí sin, bhíodh ár gcácaí beaga Nollag fhéin againn!

Ní bhíodh aon chrann Nollag againn, nó ní bhíodh crann ar bith ag fás sa dúiche, ag an am, gan trácht ar chrann Nollag. Bhíodh caint ar Dhaidí na Nollag fhéin, nó ar “Santy”, mar a thugtaí air, ach le fírinne, bhí sé éasca go maith dó an beart Nollaigiúil a dhéanamh thiar, na laethe sin, nó níor ró-throm an mála a bhíodh le hiompar aige, ar a thuras chugainne!

Chrochfadh muidinne, páistí, stocaí, cóngarach do pholl a’ bhaic, agus bhíodh éadáil de chineál eicínt le fáil againn iontu maidin lae Nollag…glac milseán, úlla, rísíní, oráiste, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go bhfaighfeá féirín beag siopa, ar nós guinnín, ná cairrín, nó a leitheid.

Nár dheacair aon chodladh ar fónamh a fháil Oíche Nollag? Ach, sa deireadh, thitfeadh néal orainn, agus néal eile..agus an chéad rud eile, bheadh na daoine fásta ina suí, agus iad ag fáil réidh don Aifreann!

An stoca! Cuardach i ndorchadas an tseomra! Stoca lán! Ba chuma céard a bhí ann, bheadh cogaint agus spórt againn, i ndiaidh an Aifrinn, agus bhí “Santy” beo fós, cruthú eile go raibh seasmhacht agus buaine sa saol thart orainn, murab ionann is na laethe seo, nuair nach bhfuil buaine ag baint le tada. Ach bhí chuile dhuine ag fáil réidh don Aifreann faoi seo. Ní raibh aon chaint ar bhricfeasta, nó bhí chuile dhuine againn ag dul ar Aifreann ina throscadh. Nár dheas caoin é solas an lampa pairifín an mhaidin bheannaithe sin?

Bhí sé in am bheith ag triall ar an Séipéal anois, mar bhí muintir an bhaile ar a gcois, cheana féin, agus iad ag triall ar an séipéal ina mbuíonta beaga tostacha, agus bhí sé in am dúinne an cleas céanna a dhéanamh.. Ní cuimhin liom báisteach nó sneachta riamh ar mhaidin Nollag; sioc, cinnte; agus spéir lom-lán de réaltóga geala lonracha. Bhí naofacht agus diagacht rúnda ag baint leis an bhfuacht agus leis na réaltóga. Bhí láithreacht Dé le mothú iontu.

Chasadh mná an bhaile orainn. Iad sona, sásta, ag filleadh abhaile ón Aifreann luath, le dul i mbun cócaireachta. Gé a bhíodh againne don Nollaig, an t-am sin. Ní raibh an turcaí i mbéal an phobail, an uair úd. Ní raibh aon chultúr iasachta imithe i bhfeidhm orainn, an tráth sin. Nós trasatlantach is ea nós an turcaí, nach raibh glactha leis fós in Iorras.

Agus i gcás an tséipéil sin, sa Gheata Mór, ní raibh suíocháin ann ach do shiopadóirí, do mhúinteoirí, agus do dhaoine deisiúla eile an pharáiste, ach d’fhanadh an chosmhuintir ar a gcosa! Ach nár chuma. Ba é Teach Dé é, agus fáilte is fiche aige i gcónaí roimh chuile dhuine, pe bocht saibhir é. Ní raibh de sholas sa séipéal sin ach solas na gcoinnle, na coinnle sin a thug solas bog, buí, órga, dúinn, solas a raibh boige, cineáltas, agus teas, ann, solas a raibh draíocht na sástachta ag baint leis.

Deireadh an Aifrinn, agus breacadh an lae, ag teacht i bhfochair a chéile.

Bhuel, sin mar is cuimhin liomsa é.

Bheadh an chuid eile den lá faoi’n dtor againn, faoi mar adeireadh Peig Sayers fadó. Féasta, agus spórt go hoíche againn, agus bí cinnte freisin, go mbeadh a ghuinnín gé fhéin ag beirt againn, i ndiaidh dúinn slán a fhágáil le gé mhór na Nollag, mar, faraoir géar! ní bhíodh ar ghé ar bith ach an dá sciathán!

Agus nach mbeadh lá fada, tuirsiúil romhainn leis an Dreoilín, an lá dár gcionn?

Nár mhéanar a bheith beo, ach nár neamhaí bheith óg, na laethe úd fadó in Iorras thiar, agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!

.

*******************************************

N O L L A I G N A h Ó I G E .

Um Nollaig, is na réaltaí ag rince,

Mar a rinc siad i mBeithil fadó,

Filleann chugam smaointe ina dtáinte,

Mar aingil ag canadh a dtráth.

.

An choinneal mhór ghorm ar lasadh

I bhfuinneog na cistineach glé,

Le teaghlach na Maighdine a mhealladh

Trí shioc is trí shneachta na ré.

.

Mo Mham i mbun cácaí is cístí,

Ag fuint is ag bácáil gan stró,

Agus sinne ag spraoi is ag comhrá,

Sa teach beag ceann tuí úd fadó.

.

An tine mhór ghorach dom mhealladh,

Le teas is le bladhairí go hard,

Dom shuaimhniú, dom chiúnú, dom spreagadh,

Lena físeanna geala gan chrá.

.

.

An dtiocfadh San Nioclás ar chuairt chugainn,

San oíche is an réalt Nollag thuas,

Nó an dtiocfadh an Naí is a Mhamaí,

Nuair a luífeadh an teaghlach faoi shuan?

.

Filleann chugam cuimhní na hóige,

Anocht fhéin, is an aois uaim ar strae,

Is molann an gasúr im chroíse

An leanbh a luigh sa mháinséar.

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

en_USEnglish