S c é a l t a ó C h i a n a g u s ó C h ó n g a r .

*******************************

.

Tomás Mac Gabhann ar lár.

***************************

.

In eagrán Mheán Fómhair de “An tUltach” a léigh mé an droch-scéal a chéaduair, nó fógraíodh ansin, go raibh Tomás Mac Gabhann ar lár. Caithfidh mé admháil dhuit anois, gur bhain an scéal céanna sin stangadh asam, nó ní raibh mé ag súil lena leithéid. Déanta na fírinne, níor dhuine é Tomás s’againne, a shamhlófá an bás riamh leis, mar ba dhuine é a bhí chomh bríomhar, beoga sin, chuile lá riamh, nach gceapfá go bhfaigheadh a leithéid bás riamh. Ach, nach deacair do dhuine ar bith éaló ó chladhaire úd na speile caime, nó luath nó mall, tagann sé aniar aduaidh orainn uilig. Uaireanta, tagann sé mar a thiocfadh gadaí faoi choim na hoíche, agus uaireanta eile, ní bhíonn deifir ar bith air, ach fiú sa chás sin fhéin, ní bhíonn i gceist ach, mar a deir an seanfhocal,…galar fada ní abrann síoraí bréag….agus nach smaoineofá freisin ar an seanfhocal eile adeir….nach bhfuil luibh nó leigheas in aghaidh an bháis….. I gcás Thomáis áfach, tháinig an bás aniar aduaidh air, air fhéin is ar a bhean, ba chóir dom a rá, nó ní bris amháin a tharla sa chás seo, ach dhá bhris san aon bhris amháin, briseanna a d’fhág muid, mar náisiún, buartha, brónach, cráite, ina dhiaidh. Ach b’fhéidir gur chóir dom tosú ag tús an scéil, leis an bpictiúr iomlán a líonadh isteach dhaoibh.

I gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, a fuair mé fhéin mo chéad phost, mar mhúinteoir, i Meán Fómhair na bliana, 1951. Bhí mé ag smaoineamh ar phost a ghlacadh i gceann de Choláistí galánta cónaithe Shasana, ag an am. I ndáiríre, bhí chuile shórt reidh agam, an litir scríofa, mo theastais ullamh, agus m’aigne beagnach socair agam an bád bán a thabhairt orm fhéin, nuair a fuair mé scéala ón nDochtúir Ó Lachtnáin, Uachtarán Choláiste Mhuireadhaigh, ag an am, ag chur in iúl dom, go raibh post le fáil agam sa Choláiste sin, dá mbeinn sásta dul i mbun na Gaeilge a mhúineadh ann, teacht tús Mheán Fómhair na bliana sin. Ní gá a rá, gur ghlac mé le cuireadh caoin an Dochtúra chóir, agus go ndeachaigh mé i mbun oibre ar bhruacha méithe na Muaidhe, ar an lá spriocáilte, áit ar chaith mé seacht mbliana órga, óigeanta, i mbun mo cheirde. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo……

Ní raibh mé i bhfad i mbun oibre ansin, nuair a bhuail fear óg isteaah chugainn, lá amháin, agus ó tharla gur leabhair Ghaeilge a bhí idir chamáin aige, cuireadh fios ormsa, agus dúradh liom deighleáil leis. Chuireamar sinn fhéin in aithne dá chéile, mé fhéin agus Tomás, agus caithfidh mé a admháil gur snadhmadh caradas eadrainn ag an noimead sin, caradas a mhair thar na blianta. Ba é an gnó a bhí idir lámha aige ag an am áirithe sin, i dtús na gcaogaidí, nó ag taisteal ar fud na tíre seo, thar ceann Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag díol leabhar Gaeilge. Bhí veain aige, agus é lomlán le leabhair Ghaeilge de chuile chineál, agus bhí na leabhair sin á ndíol aige ar shladmhargadh, d’fhéadfá a rá. Sílim go bhfuil leabhar nó dhó den stór sin, áit éigin sa teach s’againne fós! nó cheannaigh mé roinnt áirithe uaidh, an lá sin, sin nó b’fhéidir gur thug sé saor in aisce dhom iad! Níos déanaí fós, chuaigh sé i mbun oibre leis an seachtanán, “Inniu”, agus arís bhíodh muid i dteangmháil le chéile faoi na cúrsaí sin. De réir a chéile, d’éirigh Tomás níos tábhachtaí, agus nios tábhachtaí fós, i nGluaiseacht na Teanga, mar a thugtaí uirthi, fadó. Spreag sé daoine, anseo is ansiúd, chun pinn, nó chun gnímh, ar son na cúise, agus ba é an difir a bhí idir Thomás agus Gaeilgeoirí eile, nó go mba charraig ar chiall é, chuile lá riamh. Bhí an-tuiscint aige ar chúrsaí, agus ba bheag rud a chuaigh thairis i saol na Gaeilge.

Ní gá dhom a rá, mar sin, gur bhain an píosa úd a léigh mé in “An tUltach” stangadh nár bheag asam. Féach mar a cuireadh é, i dtús an ailt chuimnithigh, le Pádraig Ó Baoighill, ar leathanach 27, d’eagrán Mheán Fómhair seo chuaigh tharainn…

Ba go tubaisteach a maraíodh Tomás Mac Gabhann agus a chéile ionmhuin, Treasa Ní Bhraonáin as Dumhthamhlachta, Contae Mhuineacháin, i bpléasc gáis ina theach cónaí i nDún Droma, i mBaile Átha Cliath, ar an 25 Meán Fómhair, 2003, agus ba mhian linn fíorchomhbhrón a dhéanamh lena theaglach, Siobhán, Máire, Ultan, Dara, agus a ngaolta go léir”

Ní gá a rá, go seolaimid ár gcomhbhrón fhéin chuig na daoine céanna sin, nó is mór go deo a mbris siúd. Tá laoch cróga eile de chuid na tíre s’againne caillte againn. Ní dhéanfar dearmad go luath ar a chomhrá caoin, gaoismhear, ar a racht croíúil gáire, nó ar a dhaonnacht lách, comharsanúil. Mar sin, níl le déanamh againn anois, ach síocháin na bhFlaitheas, agus leaba i measc na Naomh, a ghuí air fhéin is ar a bhean chóir, inniu agus i dtólamh.

.

Ceardlann Scríbhneoireachta.

*************************

Scéal agam freisin ó Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, ag cur in iúl dúinn, go bhfuil Ceardlann Scríbhneoireachta eagraithe acu, ag Culb Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. agus cuirtear in iúl dúinn go dtionólfar an Cheardlann chéanna sin, ar an Satharn, 29 Samhain, 2003, óna 10.30 a.m. go dtí 1.00 p.m. agus arís óna 2.00 p.m. go dtí a 5 p.m. san ionad thuasluaite. Gearrfar táille cláraithe 15 Euro don Cheardlann sin, (5 Euro do Mhic Léinn), agus Lón Beag + béile tráthnóna san áireamh sa táille sin.

Seol cóipeanna den saothar is mian leat a phlé; dán, gearrscéal, nó eile, go dtí 43 na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, nó chuig Pádraig Ó Snodaigh, Tigh Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Binn Éadair, Áth Cliath 13.

Seoladh leabhair .

***************

Fuair mé scéala, ar na mallaibh freisin, ó Sheán Ó Riain, Ambasáid na hÉireann, Berlin, ag cur in iúl dúinn uilig anseo, go rabhthas chun Bheathaisnéis Julius Pokorny, leis an Dr Pól Ó Dochartaigh, Ollscoil Uladh, a sheoladh in Ambasáid na hÉireann, Berlin, ar an Aoine, an 21 Samhain 2003, ag a 19.30. Ní gá a rá, go gcuirfí fáilte roimh chách, ar an ócáid stairiúil sin. Ní gá dhom a rá anseo, go bhfuil an beart sin déanta acu faoi seo, agus i ndáiríre, ní dóigh liom go rabhthas ag súil go raghainnse fhéin chucu, go Berlin, don ócáid ghradamach sin, ach ba é a bhí i gceist acu, nó a chur in iúl dúinn uilig, sa saol Gaelach anseo, go raibh an leabhar sin seolta acu, agus go mbeadh sé ar fáil feasta, ach a thuairisc a chur.

Rugadh an scoláire céanna sin, Pokarny, sa bhliain 1887, agus fuair sé bás sa bhliain 1970. Ní gá dhom a rá, go mba scoláire mór le rá é Julius Pokorny, i ngort an Léinn Cheiltigh, ó lár fhichidí na haoise seo caite, go dtí an bhliain 1935. Ach níor scoláire amháin é an Pokorny céanna sin. Scríobh, agus labhair sé, ar son Phoblacht na hÉireann freisin, agus chítear é i litríocht a chum James Joyce, Myles na gCopaleen agus Osborn Bergin.

Mionscrúdaíonn an t-údar, Pól Ó Dochartaigh, beatha agus saothar Pokorny, i gcomhthéacs polaitiúil agus acadúil na ré inar mhair sé.

Caithfidh mé a admháil, nár ró-mhór é m’eolas fhéin, ar an té úd, a bhí ina Ollamh le Focleolaíocht Cheilteach, in Ollscoil Bherlin, go dtí gur briseadh as an bpost sin é, sa bhliain 1935, i ngeall ar Dhlíthe Cine Nuremberg, ach dá ainneoin sin, lean sé air, ag obair mar eagarthóir ar an Zeitschrift fur Celtische Phililogie, agus go dtí an bhliain 1943, mar thaighdeoir príobháideach i mBerlin, ach sa bhliain sin, d’éalaigh sé leis ón nGearmáin chun na hEilbhéise, áit ar ligeadh isteach é, toisc go raibh víosa Éireannach ar a Phas aige, víosa a eisíodh i mBerlin, ar ordú de Valera.

Agus le críoch a chur leis an bpíosa beag seo, tagann cupla líne filíochta chugam aniar ó na seanlaethe, línte as dán Gaeilge, agus arís, caithfidh mé a admháil dhuit, go bhfuil an chuid eile den dán sin dearmadta agam! B’fhéidir go bhfuil léitheoir eicínt, amuigh ansin, a d’fhéadfadh mé a chur ar an eolas faoi. Seo an dá líne….

Muise caithimis i dtráth uainn Pokorny agus Brugmann

Is a leahair throma ghránna nárbh fhearrde an té a scrúd iad……..

Beidh mé chugaibh arís, an tseachtain seo chugainn, le tuilleadh faoi mo chuairt ar Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia. Go dtí sin……………

Slán…

.

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

en_USEnglish