Dearcadh úr ar an saol

.

Oighear……………….céad chló……………………2017

le

Doireann Ní Ghríofa………………………………..€8.00

.

Súile na Samhlaíochta

Éiríonn leis an file seo na sramaí a bhaint dár súile dúinn sa tslí gur féidir linn ansin na laincisí agus na buaríní a scaoileadh dár samhlaíocht, an tríú súil sin, a chuireann ar chumas ár dtuisceana éirí, ar sciatháin chleiteacha ár n-anama, go bruacha do-shroichte na bhFlaitheas fhéin. Bua neamhghnách é seo nach dtugtar do mhórán draoithe focal, i ré staire ar bith, ach chreidfinn fhéin go bhfuil an bua seo le sonrú i saothar an fhile seo, agus dá chomhartha sin, féach ar an oiread sin duaiseanna atá buaite aici, cheana féin, agus ina measc sin, tá Duais Rooney, do Litríocht Éireannach, Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide, Sparántacht Ollamh Filíochta na hÉireann, agus chuile sheans nach bhfuil sa mhéid sin ach tús tuile.

Breathnaigh ar an gcéad dán sa olaim Dána seo, Oighear, Marginalia a bhaist sí air…

Marginalia (foraois nach feidir)

.

Ní fheiceann

tusa anseo

.

ach seomra

folamh,

.

ach

in adhmad

.

an chláir sciorta

feicimse foraois

.

faoi dhraíocht,

foraois nach féidir

.

dul tríthi,

agus ar ghéag

.

ann, tá

ulchahán

.

aonair

faoi cheilt…………….”

.

Sin an cineál ruda a bhí i gceist agam thuas, nuair a scríobh mé faoi chumas na samhlaíochta…an tríú súil sin a chuireann ar chumas ár dtuisceana éirí ar sciatháin chleiteacha ár n-anama, go bruacha do-shroichte na bhFlaitheas fhéin. Léiríonn an file seo, go bhfuil an bua sin aici tríd an ulchabhán draíochta sin a fheiceáil sa chlár sciorta, trí shúile a samhlaíochta..

Agus féach uirthi arís, sa dán deiridh sa Diolaim. Leictreachas Statach, a bhaist si ar an dán sin. Tá an file tar éis a páistí a fhágáil ag geata na scoile. Imíonn na gasúir sin isteach sa scoil uaithi, agus níor phóg sí iad, fiú, nó bheadh náire ar an scoláirí sin dá bhfeicfí a Mam á bpógadh. D’imigh sí abhaile, agus tháinig sí ar a clann arís ansin sa triomadóir éadaigh, áit a raibh a gcuid éadaigh i bhfastó ina chéile ansin, agus iad snaidhmthe i mbarróg ina geansaí fhéin

.

“Fillim abhaile im aonar

agus tagaim orthu sa triomadóir éadaigh,

a ngéaga snaidhmthe ina chéile, fite fuaite

le leictreachas statach, a gcuid léinte fillte

i mbaclainn mo gheansaí, fáiscthe le m’ucht.”

.

Nár dheacair a leithéid a shárú? Sin agat bua na samhlaíochta daonna, samhlaíocht a chuireann ar ár gcumas, domhan spioradálta a chruthú, díreach ansin, i gcistin ár n-anama.

Agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, ba mhaith liom bhur n-aire a dhíriú ar thrí dhán eile, amach sa leabhar, agus seo iad, ‘(i) Triptic: Obair Bhaile’, ‘(ii) Cliseadh Cuimhne’, agus ‘(iii) Foraois Bháistí, aistí simplí i gcruthú saol úd na samhlaíochta, a thagann chomh réidh sin don bhfile seo. Cuimhní a fhilleann, agus a lasann irse, a scalann ar shaol a bhí, agus ansin, fíonn sí snáithe na gcuimhní sin, le cúrsaí a saoil fhéin, le muabhrat, thar a bheith spéisiúil, a dhathú di fhéin agusitheoirí freisin.

Fágfaidh mé an chuid eile fút fhéin, a léitheoir, agus tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an ngnó sin.

.

en_USEnglish