“Athbhliain faoi Mhaise dhaoibh!

.

Peadar Bairéad

.

( This week we consider the dying year and its successor)

.

Clingigi libh a Chloga buile

.

Le tamall anuas anois, bhí de nós agam úsáid a bhaint as línte as an dán corraitheach caointe úd, In Memoriam, a scríobh Alfred Lord Tennyson fhéin, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, mar sa dán sin, tharla go bhfuil línte breátha, ag fágáil slán leis an mbliain a bhí ag imeacht isteach in umar na staire, agus ag fáiltiú roimh an bhliain úr agus le hathrú saoil, ag an am gcéanna. Mar sin, shocraigh mé arís, i mbliana ar úsáid a bhaint as línte Tennyson agus muid ag fágáil slán ag 2015 agus muid ullamh le fáilte a chur roimh an bhliain úr, 2016. Seo chugaibh, mar sin, ceathrú as an dán sin, le hatmosféar oiriúnach a chruthú don ócáid….

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain 2015 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú i lár na hoíche, clingigí amach, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú.

B’fhéidir anois nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith níos fearr. Tuige a ndeirim a leithéid, an ea?

Bhuel, cuimhnigh anois ar ar tharla ó Lá Caille 2015 anuas, agus ná bacadh éinne leis an sean-nath sin a bhíodh ag na Rómhánaigh fadó….

…De mortuis nil nisi bonum…

Ach ar dhein sí aon rud as an mbealach, le linn a ré?

Anfa agus tuilte

Bhuel, caithfear a chuimhneamh gurbh í an bhliain seo a thug droch aimsir agus tuilte ar an mórgóir dúinn. B’í a sheol na mílte agus na mílte teifeach agus deoraí thar theorainn na hEorpa isteach chugainn, agus tá’s ag an Lá fhéin go gcruthaíonn sin fadhbanna iomadúla san Aontas Eorpach ar fad.

“Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.”

Ná déantar dearmad, ach oiread, ar na hionsaithe danartha a deineadh ar dhaoine áirithe, i dtír na Fraince, agus in áiteacha eile freisin ó cheann ceann na cruinne. Tá freisin, ag feidhmiú, i measc na náisiún, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta atá ullamh, réidh, le gníomhartha barbartha a chur i gcrích, ar mhaithe lena ndearcadh fhéin a chur chun cinn.

Smaoinigh freisin ar na mílte agus na mílte a sciobadh uainn i rith na bliana sin 2015, agus ar na tubaistí uilig sin a chráigh an cine daonna lena linn. Sea, agus guímis freisin go dtuigfidh an bhliain úr go mbeifear ag súil go gcuirfidh sí srian ar na tubaistí, agus ar na huafáis úd uilig a chráigh ár gcine sa bhliain 2015.

Útóipe chugainn?

Tá faitíos orm, nach bhfuil ré na síochána domhanda buailte linn fós, ach ag an am gcéanna, tugann muid faoi deara go bhfuil comharthaí dóchais le léamh againn freisin ar phár ár staire. Tabhair faoi deara, gur tháinig tarraingt ar dhá chéad náisiún le chéile i bPáras i mbliana, agus gur aontaigh siad uilig ar chonradh a shíniú go ndéanfaidís a ndícheall, le críoch a chur leis an mbaol a bhí ann, go ndéanfaí an t-atmosféar a théamh iomarcach, sna blianta atá romhainn amach, rud a dhéanfadh dochar do-leigheasta d’aeráid ár bplainéid, sa todhchaí. Chomh maith le sin, ba chóir dúinn aird a dhíriú ar na pleananna atá ar bun sa tír seo, le hÉiri Amach na Cásca 1916 a chomóradh go cuí, i rith na bliana seo chugainn. Cúis áthais agus ócáid mórtais dár bPoblacht uilig.   

.

Sea, i nDomhnach! déanaimis uilig iarracht ar ghruaim, ar bhuairt, agus ar sheacht gcúramaí an tsléibhe a ruaigeadh as ár saol laethúil feasta, agus ina      n-áit, cuirimis romhainn áthas, gliondar, agus lúcháir an tsaoil mhóir seo, a cheiliúradh, Domhnach agus Dálach. Tá’s ag an saol, nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh, ach cuirimis romhainn é mar rún athbhliana.

.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dár léitheoirí uilig.

.

.

en_USEnglish