Timpeallán Síoraí an Ghrá

.

Rotha Mór an Ghrá………..Soinéid Shakespeare

le…..Muiris Sionóid………………………………………20 Euro

Céadchló…………………………………………………………..2006

.

I mbliain an Tiarna, dhá mhíle a sé, a cuireadh cló, a chéaduair, ar an rí-leabhar léannta seo, agus is é Muiris Sionóid, a chaith a dhúthracht leis, thar thréimhse blianta, a chuir i dtoll a chéile dúinn é. Chaith mé fhéin agus Muiris seal ar an bhfón ag caint faoin saothar scolártha seo, agus ó tharla gur spreag a chuid cainte mé, dúirt mé leis gur mhaith liom píosa a scríobh faoina leabhar, sa cholún seo. Bhuel, thosaigh mé ag léamh liom, agus ba ghearr gur tuigeadh dom, nár ghnáth leabhar a bhí anseo againn, ach leabhar nár cheart thar chupla dán, nó trí, as, a léamh, d’aon iarracht, agus sa tslí sin, déarfainn go dtógfadh sé tréimhse ó Shamhain go Bealtaine orm an leabhar ar fad a léamh, sea, ach smaoinigh ar an dtaitneamh ar fad atá le baint agam as, á léamh, agus á athléamh, ar an luas seilide sin!

An tÚdar fhéin

Ach, céard faoin údar fhéin?

Rugadh agus tógadh Muiris i gContae Loch gCarman, ar learga Chnoc Fhiodh na gCaor, agus b’an a chónaigh sé go dtí go raibh na trí bliana déag sáraithe aige. D’aistrigh an teaghlach ansin go dtí an Muileann gCearr, áit a bhfuil cónaí air go dtí an lá atá inniu ann. Bíodh gur le Matamaitic agus Eolaiocht a chaith sé bunús a shaoil ghairmiúil mar mhúinteoir, chaith sé seal freisin, i mbun na Gaeilge, agus ní call a rá, go bhfuil suim, agus dhá shuim, aige i litríocht agus i gcultúr an Ghaeil. Fear pósta isea é agus seachtar clainne air. Is mór an spéis a chuireann sé freisin sna cluichí náisiúnta. Tá an t-eolas sin uilig, agus tuilleadh, le fáil faoi, ar chlúdach an leabhair iontaigh seo, agus ní call a rá, gur chuir sé suim, agus dhá shuim, i soinéid Shakespeare freisin, nó bhailigh sé iad, agus ansin, rinne sé iad uilig a aistriú go Gaeilge, agus a fhoilsiú le chéile, sa leabhar breá ildánach seo.

Ní Gobán a Ghaibhnigh

Tabharfaidh an té a léifidh an bailiúchán soinéad seo faoi deara, nárbh aon ghobán a ghaibhnigh na haistriúcháin chéanna seo, nó trína léamh, is féidir leis an léitheoir dul díreach go croí chuile dháin acu, gan bualadh isteach tigh an Bhaird, chor ar bith, agus ní féidir moladh níos airde a thabhairt d’aistriúchán fileata ar bith. Ach céard faoina raibh le rá ag ár Rí-Éigeas fhéin, ag Máire Mhac an tSaoi, ina Réamh-mheas, idtús an leabhair seo……

“Mairfidh fiúntas na hiarrachta éachtaí seo i bhfad. Sa chéad leath den gcéad dheireannach, thuig an dáimh acadúil nach raibh aon chleachtadh b’fhearr chun máistreacht a fháil ar scríobh na Gaeilge ná aistriú ón mBéarla. Tá dhá thráigh á bhfreastal anseo ag Muiris Sionóid. léiriú ar leithead chumas na Gaeilge agus feabhsú mór ar ár dtuiscint ar Bhéarla Shakespeare agus ar mheon an ama lenar bhain seisean.”

Deacair dul thar an moladh sin.

Saothar Ollmhór

Nach mór go deo an saothar atá déanta ag an údar ildánach seo agus thart ar chéad caoga soinéad de chuid Shakespeare aistrithe aige, ó Bhéarla Shakespeare go Gaeilge fhileata den scoth. Agus chomh maith le sin, tugann sé athchuimriú ar chuile dhán acu sin, maraon le gluais chuimsitheach, acraí a chuireann go mór le tuiscint an léitheora. Chuir mé fhéin suim faoi leith i ndearcadh Shakespeare i leith na háilleachta daonna, nó déanann sé tagairt arís agus arís eile, d’fhear óg dóighiuil a ghráigh sé, agus an chaoi a mholann an Bard dó, gan an áilleacht uilig sin a ligean le sruth. Ba chóir dó sliocht a fhágáil ina dhiaidh, nó sin an t-aon bhealach amháin leis an áilleacht daonna a chosaint agus a chaomhnú ar an mbuanaí míthrócaireach, an tAm. Féach mar a chuirtear é i nGaeilge Mhuiris…

“Crainn mhaorga nuair a chím lom gan duilliúr,

Don tréad ón mbrothall b’fhoscadh fionnuar tráth,

is glaise an tsamhraidh i bpunann righin, gan snua

Ar chróchar fómhair faoi cholgfhéasóg bhán.

Áilleacht an tSaoil seo

Sin ceathrú a léirítear mar a chailltear an áilleacht faoi ionsaí ghéar an Ama, ach féach anois, mar a cheanglann an Bard punann an dáin sin i leathcheathrú seo an dáin…….

Aon chosaint níl ar speal an Ama chrua

Ach sliocht mar dhúshlán ‘s é dod’ bhreith chun siúil.

Ar bhealach, chuirfeadh an bhéim sin uilig ar an áilleacht línte an Phiarsaigh s’againne i gcuimhne do dhuine………

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass”

Ach tharla nár tháinig an Piarsach ar leigheas an scéil, tráth ar éirigh leis an mBard dhá leigheas a leagan os ár gcomhair amach, mar chom maith leis an gceann thuasluaite, deir sé freisin, go bhfuil ar a chumas fhéin áilleacht an fhir óig a bhuanú trína véarsaí fhéin faoi.

Leagann an t-údar scór de na soinéid is cáiliúla os ár gcomhair, i dtosach báire, le sinn a mhealladh chun an fhéasta filíochta atá réidh, ullamh, aige dúinn, a chaitheamh ina chomhluadar. Agus ní call dom a rá, go bhfuil féasta dá leithéid réidh agus ullamh aige, nó ní hamháin go bhfuil fáil ag an léitheoir anois ar shoinéid an Bhaird, i dteanga na nGael, ach ag an am gcéanna, tá culaith fheiliúnach, nua, táilliúraithe go cliste, ealaíonta, fileata, ag Muiris dóibh. Sea, aigne Shakespeare gléasta i véarsaí Mhuiris.

.

Téada eile freisin

Ná ceap anois nach bhfuil téada eile á seinm ag Shakespeare ar chláirseach a chuid soinéad, nó tá, agus caitheann sé roinnt mhaith ama ag gearán faoin chaoi ar sciob an fear dathúil óg úd, a raibh meas an domhain aige air, faoin chaoi ar sciob seisean a leannán mná uaidh fhéin. Agus bíodh gur dhein an fear úd a ghráigh sé, bíodh gur sciob sé a leannán uaidh, ní air go díreach a leagann sé an milleán sa soinéad seo, ach ar an mbean, a deir sé a mheall uaidh é, ar mhaithe lena toil fhéin a imirt ar an bhfile….

“Is liom beirt ghrá, m’éadóchas is sólás,

Mar bheirt sprid ’ chránn le cathú mé de shíor;

An t-aingeal maith is fear é, slachtmhar breá;

An ainsprid, baineannach, ar olc a lí.”

Ní chaillfidh an file a mheas ar an óigfhear sin riamh, agus dósan, fanfaidh sé i mbláth a óige i gcónaí. Féach mar a chuirtear é, ar leathanach a 317..

“Mar shnáthaid grianchloig bíonn an áilleacht, ámh,

Ag éalú óna suíomh ‘s nach léir a siúl;

‘S do shnua róchaomh, cé seasta im’ radharc tá,

Tá siúlach, ‘s tharlóidh meallta aige mo shúil;

.

.

‘S a ghlúin gan bhreith, cluin seo uaim; roimh do ré,

Roimh ghealú di, samhradh na scéimhe d’éag.”

Cóngarach go maith do dhearcadh an Phiarsaigh s’againne ansin…

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass..”

Leabhar Riachtanach

D’fhéadfainn tuilleadh ama a chaitheamh anseo, ag leagan saothar an údair os bhúr gcomhair, agus ag cíoradh téada binne eile, ar ar sheinn an Bard a fhoinn éagsúla, ach nach bhfuil ar bhúr gcumas fhéin sin a dhéanamh, as bhúr stuaim fhéin! Sea, agus sa bhealach sin, beidh ar bhúr gcumas taitneamh agus pléisiúr a bhaint as an ngnó ar fad. Mar sin, seo leabhar riachtanach do chuile leabhragán Gaeilge, leabhar a d’fhéadfá a tharraingt ort fhéin, am ar bith, agus cupla ceann de na greamanna beadaí atá folaithe dúinn ann, a bhaint as. Níl dabht ar domhan ach go gcuirfidh fiúntas fileata agus cruinneas cúramach na n-aistriúchán seo sciatháin áthais ar do chroí, mar is beag nach gceapfá go mba dhánta a chéadchumadh i nGaeilge iad, ach dár ndóigh, tá an t-údar seo, Muiris Sionóid, molta agus mise i mo thost.

Nach leor nod don eolach? Agus ná lig do leas ar chairde, mar adeireadh an tseandream fadó.

.

.

en_USEnglish