S a o l t a a g A t h r ú .

***********************

.

Nach nádúrtha an rud é, an tráth seo bliana, agus muid ag bogadh linn go misniúil isteach i mbliain 2002, súil a chaitheamh siar, ar na hathruithe atá tagtha ar an saol, go nuige seo, ach go háirithe, ó thosach na bliana seo 2001, agus nach bhfuil sé díreach chomh nádúrtha, an tsúil eile a chaitheamh romhainn, féachaint cad iad na hathruithe atá le teacht, nó is féidir linn uilig a bheith cinnte de rud amháin, nach bhfanfaidh an saol ina stad, ach go leanfaidh sé ag síor-athrú ó lá go lá, ó bhliain go chéile, agus ó aois go haois.

Cé chreidfeadh, bliain ó shoin, go leagfaí na Túir Thrádála Domhanda sin i gcathair Nua Eabhrac, agus go gcaillfí na mílte san ár gan áireamh úd, a imríodh ar phobal Mheiriceá, ar an lá cinniúnach úd an 11, Meán Fómhair, 2001?

Cé chreidfeadh, ach oiread, go bhfógrófaí cogadh buan ar sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, de bharr an áir chéanna sin, gan choinne, a deineadh i dtír úd na saor?

Ní gá a rá, nach bhfuil an cogadh sin ach tosaithe, agus n’fheadar éinne againn go díreach cá bhfuil cónaí ar an namhaid, a bhfuiltear sa tóir air, sa chogadh neamhghnách seo, nó níl fhios againn, ach oiread, cathain a bheidh an troid sin críochnaithe, ach faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, is cosúil go leanfaidh an troid chéanna sin píosa fada eile. Is dócha gurb é an cineál cogaidh a bheidh ann, nó cath á chur anseo, agus síocháin tamall dá éis, agus ansin cogadh á fhógairt san áit úd eile, go dtí sa deireadh, go mbeidh críoch curtha leis an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta sin, a raibh sé de chuspoir aici, cos i bpoll a chur leis an tsibhialtacht, faoi mar a bhfuil aithne againne uirthi.

Ní gá a rá, gur tháinig athruithe eile ar chúrsaí, le tamall anuas. Is dócha go bhféadfaí a rá, gur tháinig feabhas ar chúrsaí ó thuaidh, le scathamh anuas. N’fheadar an bhfuil baint ar bith ag an gcogadh úd a fógraíodh ar an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta leis an maolú a tháinig ar an gcogaíocht ó thuaidh. Ní féidir a shéanadh, ag an am gcéanna, go bhfuil buíonta áirithe ann fós, nár thug aird dá laghad ar pholasaí Mheiriceá agus a Chomhghuallaithe Idirnáisiúnta i leith na sceimhlitheoireachta, mar ghléas polaitíochta, le troid a chur ar Stát oifigiúil, a bhfuil aitheantas faighte aige ón gcomhluadar idirnáisiúnta.

Ní gá a rá, ach oiread, go bhfuil athruithe bunúsacha tagtha ar chúrsaí sa Mheán-Oirthear, ó thús na bliana seo, fiú. I dtús na bliana seo, bhí daoine ag ceapadh, go raibh na trioblóidí sa limistéar sin ag druidim chun críche. Bhí iarracht eicínt á déanamh le socruithe áirithe a choimhlíonadh, ar an dá thaobh, agus ansin, níorbh fhada gur cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh daoine áirithe sásta leis an méid a bhí le fáil ag a dtaobh fhéin, agus ní raibh bealach ar bith eile acu le tuilleadh a éileamh ach trí filleadh ar an mbuama agus ar an bpiléar. Pléascadh buamaí i mbailte agus i gcathracha Iosrael, agus mar a tharlaionn i gcás dá leithéid, bhain Iosrael díoltas amach, gan aon ró-mhoill. Ba é toradh a bhí ar an ndíoltas sin nó tuilleadh buamaí agus tuilleadh piléar. In olcas atá na cúrsaí sin ag dul, i láthair na huaire seo, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, dá bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, thaobhaigh Uachtarán Mheiriceá, George W. Bush, le Rialtas Iosrael, á dhearbhú go raibh an ceart acu smacht a chur ar na sceimhlitheoirí, agus ag moladh freisin dá chomhghuallaithe, cúnamh a thabhairt dóibh, sa bhfiontar sin. B’fhéidir nach raibh an dara rogha aige, sa chás seo, nó dá ndéarfadh sé gur chóir d’Iosrael éirí as an gcogaíocht, agus slí na síochána a lorg feasta, d’fhéadfadh Iosrael a rá leis, nach raibh á dhéanamh acusan sa Mheán-Oirthear ach díreach mar a bhí á dhéanamh ag an gComhghuallaíocht i dtír na hAfganastáine, sin nó b’fhéidir go ndéarfadh Príomhaire Iosrael leis dul ag feadaíl! Céard d’fhéadfadh an tUachtarán Bush a dhéanamh i gcás dá leithéid, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh, go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh cúnamh Iosrael ag teastáil go géar uaidh, amach anseo, nuair a bheidh cath eile, sa chogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, le bualadh.

Nach ait freisin mar a tháinig Meiriceá agus an Rúis níos cóngaraí dá chéile, le bliain anuas. I láthair na huaire seo, is comhghuallaithe iad, ag cur catha ar fhórsaí na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta. Bí ag caint ar athrú! Ní hathrú go dtí é! An tír a scanraigh an t-anam asainn uilig, ar feadh tarraingt ar dhá scór bliain, breathnaigh uirthi anois, agus ár seasamh uilig uirthi i gcoinne fhórsaí ár mbasctha. Sea, is ait an mac an saol, gan aon agó! Agus nach ait freisin a rá is go raibh an domhan i bhfad níos sábháilte, nuair a bhí na Stáit Aontaithe agus an Rúis in adharca a chéile, ó lá go lá agus ó bhliain go bliain! Tharla sin toisc nach raibh meá na cumhachta ag stát acu thar an stát eile, agus dá bharr sin, bhí eagla orthu, go bhfaigheadh an fear eile an lámh in uachtar orthu i gcoimheascar ar bith a tharlódh eatarthu. Sea, agus muidinne ag ceapadh, go mbeadh linn, dá bhféadfaí an Rúis a chloí! Sea, ait an mac an saol, geallaimse dhuit é.

Leanamar linn, sa tír seo, ag fáil tuilleadh amach faoi na daoine a bhí thuas, tamall de bhlianta ó shoin. De réir a chéile, tá sé ag éirí soileir, nach raibh i roinnt mhaith díobh ach scabhaitéirí den chéad ghrád. Gan dabht ar domhan, d’éirigh leo dallamullóg ceart críochnaithe a chur orainn, tráth raibh chuile chamastaíl níos measa ná a chéile é dhéanamh acu. Sea, mh’anam, agus níorbh iad na sagairt amháin a bhí ag baint a bhfaic amach. Níorbh ea, muis, bhí chuile dhream, níos ghradamaí ná a chéile, ag briseadh chuile riail ina mbunreacht fhéin, ar mhaithe leo fhéin, faoi mar a dhéanann an cat crónán! Ach uisce faoin droichead é sin uilig anois, agus scaoilimis tharainn é.

B’uafásach an bhliain í, ar bhealach eile, nó cé go raibh an tíogar Ceilteach fós ag guairdeall thart inár measc, agus ag líonadh sparáin anseo is ansiúd, ag an am gcéanna, tháinig an galar crúb is béil, le sinn a chrá. Cuireadh rialacha dochta i bhfeidhm ar fud an Stáit uilig, agus caithfear a rá, gur deineadh pobal amháin dínn i gcoinne an anachain, agus de bharr an chur le chéile uilig sin, d’éirigh linn cosc iomlán a chur le leathadh na bhfrídíní diobhálacha sin, sa tír seo. Ba mhór an t-éacht é sin, i dtír chomh beag leis an tír s’againne, ach ní gan dua a deineadh sin, nó chaill roinnt mhaith daoine cibé sochar a bhainfeadh siad amach, de ghnáth, an tráth sin bliana, ina n-iarrachtai, le srian a chur le leathadh an ghalair dhiabhalta sin. Táid ann adéarfadh nár íoc na feirmeoirí an comhar leis an bpobal s’againne, nuair a chuir siad stop iomlán le forbairt ár bhfostruchtúir, i gcás na mbóithre ach go háirithe, go dtí go bhfuair siad an craiceann is a luach, mar íocaíocht as a gcuid talaimh. Ach sin an saol agat adeirtear, mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis, nó sin an áit a bhainfidh tú an phingin is airde amach air, agus níor dhein ár bhfeirmeoirí ach mar a dhéanfadh duine ar bith eile sa stát seo ‘gainne, dá dteastódh ón Rialtas beart a dhéanamh a mhillfeadh, nó a bhearnódh a slí bheatha, nó sin mar a tharlaíonn go minic, nuair a chuirtear bóthar nó bealach mór trí lár feirme. Níor chóir go mbeadh trioblóid ar bith againn feasta i dtógáil bóithre sa tír seo, agus nach mór an gar é sin, dúinn uilig?

Athrú ollmhór eile a chuirfear i gcrích, tús na bliana seo chugainn, 2002, agus sin breith an Euro ( € ), nó ó Lá Coille na bliana sin, beidh an Euro céanna ina airgead reatha, ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh, geall leis, nó tá cupla tír san Aontas, nach bhfuil réidh le páirt a ghlacadh sa bhfiontar sin, go fóill beag. Cheana féin, tá muid uilig ar na mine ghéire ag ullmhú don athrú ollmhór céanna sin. Ní call dom a rá, go mbeidh deacrachtaí ag baint leis an léim seo sa dorchadas, go háirithe, do na daoine atá imithe anonn sna blianta, ach, “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, mar adeireadh an seandream fadó, agus mar a gcéanna linne, caithfimid glacadh leis an athrú Alpach seo. Tá dream amháin sa tír, dár ndóigh, agus ní chuirfidh athrú dá leithéid stró ar bith orthu, nó nach bhfuil cleachtadh laethúil acusan ar bheith ag deighleáil le hairgead ó thíortha éagsúla a láimhseáil go cruinn éifeachtach, agus do bharúil, nach bhfuil lab airgead le fáil acusan as deighleáil leis an athrú seo ón bPunt s’againne go dtí an Euro! Agus ar smaoinigh éinne ar lab beag, fiú, a bhronnadh ar an gcosmhuintir s’againne, a bhfuil a n-airgead reatha á chur ar ceal, agus airgead nua á thabhairt dóibh ina áit. Nach mbeidh sé i bhfad níos deacra dóibhsean deighleáil leis an ollathrú seo, ná mar a bheidh sé ar lucht na mBanc? Céard a tharlódh, dá ndéarfadh an chosmhuintir, nach raibh fúthusan glacadh leis an airgead nua seo, mura ndéanfaí cúiteamh a thabhairt dóibh ann? An bhféadfaí a leithéid a dhéanamh? Cinnte, d’fhéadfaí, ach cur chuige. Sea, agus bheadh toradh ar bheart dá leithéid freisin, agus nach bhfuil fhios ag an saol Fodlach, gurb iad an chosmhuintir chéanna sin a dhéanfar a lomadh, amach anseo, de bharr an athraithe chéanna seo. Deirimse ‘Cothrom na Féinne’ leat! Ní fhaigheann éinne dinnéar saor ar an saol seo, nó ní call a rá, go mbíonn ar dhuine eicínt íoc as, i ndeireadh na feide.

B’fhéidir go bhfuil mo sháith chlamhsáin déanta agam don bhabhta seo, ach ó tharla go bhfuil bliain nua romhainn uilig anois, nár mhaith an rún athbhliana againn uilig é, súil ghéar, súil an tseabhaic fhéin, a choimeád orthu siúd a dhréaachtann, agus a dhéanann na dlithe dúinn, nó nár chóir dúinn uilig féachaint chuige, go ndéanfadh an dream céanna na dlithe céanna sin a choimeád, go cruinn, pointeáilte, agus gan a bheith ar nós an Tréadaí úd, a ndéanann Shakespeare tagairt dó, an Tréadaí sin, a mholann an tslí chaol, anacair, chun na bhFlaitheas dá thréad uilig, fad is a leanann seisean fhéin casán sámh, éasca, an phléisiúir.

Ní gá dhom a rá, go leanfaidh mé fhéin nós an ‘Chéadchoisí’, nó an “firstfooter” arís i mbliana. Nós ba ea é sin, a thóg m’athair abhaile leis ó Albain, mar ar chaith sé blianta a óige ag náibhíocht. Sé sin, rachaidh mé amach as an teach, díreach roimh mheánoíche, agus ansin, tiocfaidh mé isteach arís tar éis bhuille an mheánoíche, le rath, agus ádh, na bliana úire a thabhairt isteach liom. Is dócha go gceapfá nach bhfuil ansin ach amaidí, agus pisreoga, ach nach doiligh críoch a chur le nós a lean mé ar feadh mo laethe, agus ar lean m’athair romham? Ná déan nós agus ná bris nós, mar adeirtí fadó. Beidh mé ag smaoineamh oraibhse freisin, agus an bhliain úr sin á thabhairt isteach agam, agus beidh mé ag guí chuile shonas oraibhse freisin, ag an nóiméad sin, a bheidh ina dhroichead idir dhá bhliain.

Níl le déanamh agam anois, ach athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghuí orainn uilig. Go mbeirimid beo ag an am seo aris, agus gura seacht fearr a bheidh chuile dhuine againn, bliain ó anocht.

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

en_USEnglish