I m B é a l a n P h o b a i l .

.

August Monday. 2.

Ar Lá Saoire Lúnasa, shocraíomar ar gheábh a thabhairt siar go Dún Chaoin, le go bhfeicfimis arís, áilleacht agus éagsúlacht na dúiche sin. Ní dheachamar amach thar na sléibhte an babhta seo, faoi mar a dheineamar ar an nDomhnach, ach is amhlaidh a thugamar an bóthar trí Abhainn na Scáil orainn fhéin, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh sa Daingean, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, leanamar orainn i dtreo Fionn Trá, agus uaidh sin arís i dtreo Cheann Sleibhe, mar a raibh an Fharraige Mhór ar thaobh na ciotóige, agus Sliabh scanraitheach an Fhiolair ar thaobh na láimhe deise againn. Nach deachair do thiománaí ar bith súil a choinneáil ar an mbóthar roimhe amach, agus é ag treabhadh leis trí dhúiche chomh hálainn sin? Cinnte, d’fhéadfadh duine stopadh anois is arís, agus béile na háilleachta sin a chaitheamh ar a shástacht, ach ag an am gcéanna, nach deacair dul thar radharcra chomh corraitheach sin gan lán na súl a bhaint as, anois is arís, fiú. Ach, sa lá atá inniu ann, agus an oiread sin tráchta sin ar bhóithre dá leithéid seo, ní bhíonn an dara rogha ag duine, ach na súile a choinneáil dírithe ar an ród a shníonn roimhe amach.

Slea Head .

Nach álainn, amach is amuigh, an tír sin a shíneann ó Cheann Sléibhe go Dún Chaoin? An féidir na radharcanna mara is sléibhe sin a shárú, áit ar bith ar domhan? B’éigean dúinn stopadh ag na Leataobhanna speisialta tamall, le deis a thabhairt dúinn na radharcanna céanna a thabhairt faoi deara i gceart. Ach bíodh gur chaith muid tamall maith i mbun an ghnó sin, i ndáiríre, níor chucu a bhíomar. Ba é an ceann scríbe a bhí socraithe againn don lá áirithe sin nó “Ionad an Bhlascaoid Mhóir”, atá suite cóngaraach do bhaile Dhún Chaoin fhéin. Níorbh í seo an chéad uair againn cuairt a thabhairt ar an Ionad céanna seo, ach caithfidh mé a admháil, go n-éiríonn leis mé fhéin a chur faoi gheasa, agus mé a mhealladh ar ais chuige, chuile uair a tharlaíonn sna bólaí céanna sin mé.

The Great Blasket Centre .

Ar deireadh, shroicheamar an tIonad. Pháirceáil muid an gluaisteán in ionad páirceála an Ionaid, agus ar aghaidh linn isteach. Nuair a bhí mé ansin, roinnt blianta ó shoin anois, tuigeadh dom, nár ró-fháiltiúil an áit í, agus lena chois sin, mhothaigh mé nach raibh aon ró-fhonn ar fhoireann an Ionaid an Ghaeilge a labhairt liom, ach an babhta seo, a mhalairt ar fad a bhí le tabhairt faoi deara agam. Bhí togha na Gaeilge blasta le fáil ag an té ar theastaigh a leithéid uaidh, sea agus flúirse di freisin. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin sin go mór liom. Fuaireamar ár dticéid, agus isteach linn san Ionad álainn dea-thógtha, dea-fheistithe, sin.

Bhí daoine óga linn, agus bhí ceisteanna acusan le cur orainn, agus thug sin deis dúinne, scéal an oileáin agus a phobail a mhíniú dóibh, chomh fada is a d’fhéadfaimis é sin a dhéanamh, agus chuamar ar thuras leo, ó sheomra go seomra, le scéal uilig an oileáin a léamh, agus a fheiceáil sna pictiúir iomadúla a bhí crochta chomh cliste sin ar fallaí na seomraí céanna sin. I lár na hoibre sin go léir, tugadh leid dúinn, go raibh an Scannán Faisnéise faoi’n mBlascaod ar tí tosú san Amharclann álainn atá acu san Ionad Mínithe sin. Thugamar cluas don leid chéanna sin, agus thugamar aghaidh ar an Amharclann. Ní raibh ann ach go raibh muid suite go deas, compórdach, istigh ansin, nuair a cuireadh tús leis an Scannán sin faoi Oidhreacht an Bhlascaoid. Ní bréag ar bith a rá, gur thaitin an seó sin thar barr linne. Fuaireamar an-tuiscint ar phobal an oileáin, agus ar a slí bheatha agus maireachtála, sular chuir eacnamaíocht an fichiú haois críoch lena ré mar oileanáigh, agus mar iascairí, a bhí sásta dul i ngleic le cumhacht agus le fíochmhaireacht na Farraige Móire, lá i ndiaidh lae. B’fhearr, agus ba shoiléire ár dtuiscint, ar shaol agus ar shaothar mhuintir an Bhlascaod, tar éis dúinn an scannán úd a fheiceáil. Chuamar isteach ansin i seoimrín eile, agus istigh ansin, bhí mionsamhail an oileáin fhéin, leata os ár gcomhair amach, ar bhord. B’éasca dúinn ansin, cósta, cé, tithe, páirceanna, bóithre, agus eile, a thabhairt faoi deara ansin, agus arís, chuir an mhionsamhair sin lenár dtuiscint ar an timpeallacht inar mhair oileanáigh cháiliúla úd an Bhlascaoid. In áit eile fós, bhí scéal na n-oileánach úd a thug an tOileán Úr orthu fhéin, tráth raibh ré a n-oileáin fhéin thart. Bhainfeadh na pictiúir chéanna sin deoir asat, nó thuigfeá, dá mbeadh an gustal ag an tír s’againne, an tráth úd, nár chóir dúinn saibhreas na hoidhreachta sin uilig a ligean le sruth, ach nach ‘in an saol agat a mhiceo!

Beautiful Dún Chaoin .

Ní call dom a rá, nach bhfuil ansin ach roinnt an-bheag den mhéid a bhí le feiceáil againn in Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid, Ionad álainn a tógadh ansin i nDún Chaoin, agus é ag breathnú amach ar an mBlascaod Mór agus ar an ál oileán atá scaipthe thart air, amuigh ansin i ngiorracht fad urchar méaróige don tír mhór, faoi mar a cheapfá. Sular fhágamar an tIonad, chaitheamar seal ag breathnú ar na leabhair, agus ar na cuimhneacháin uilig, atá ar díol ansin i siopa an Ionaid, le freastal ar na cuairteoirí iomadúla a mbíonn a dtrial ar an Ionad céanna sin, le linn séasúr na cuartaíochta. Chhomh luath is a d’fhágamar Dún Chaoin, ar ár mbealach arais, d’ísligh dlúthchheo draíochta anuas ar mhuir is ar tír, ionas nach raibh radharc le fáil againn a thuilleadh, ar oileán álainn an Bhlascaoid, nó ar na hoileáin eile a mhaireann faoina scáth. Ach, nár chuma linne, nach raibh ár ndóthair feicthe againn don lá áirithe sin, agus nach mbeidís uilig ansin, nuair a d’fhillfeadh muid an chéad bhabhta eile.

Ar ár mbealach ar ais ar an gCom, bhuaileamar isteach tigh Phaudí Uí Shé, i bhFionn Trá, agus geallaimse dhuit é, gur cuireadh cóir mhaith orainn sa tigh céanna sin, nó chaitheamar lón breá, sásúil, ann, lón a chuir cúl ar ár dtart agus ar ár n-ocras, go ceann scathaimh mhaith, ach go háirithe. Thugamar cuairt ar Sháipéal Chaitlíona atá in aice láimhe, agus chuir áilleacht agus atmosféar ciúin,síochánta, an tSaipéil cheanna faoi gheasa sinn.

The Son of the Virgin Lives !

Chuireamar an-spéis go deo sa phictiúr atá deartha go healaíonta taobh thiar den altóir, sa tSáipéal céanna sin.

Cén pictiúr, an ea?

Coileach, ina sheasamh ar imeall phota, agus é ag glaoch….. “Mac na hÓighe Slán.” Sea, agus bhí daoine sa timpeall, sa phictiúr sin freisin, agus ionadh an domhain orthusan, cheapfá. Ní call dom a rá, gur smaoinigh mé láithreach ar Pheig Sayers, agus ar an scéal atá le léamh ag duine, sa leabhar sin “Peig”, faoin aiséirí. Nach cuimhin leat, nuair adúirt mo dhuine, go raibh sé ina scéal imeasc a dheisceabal in Iarúsailéim, go n-éireodh Íosa ó mhairbh, agus an freagra a tugadh airsean, go raibh an seans céanna ag an gcoileach a bhí á bhruith sa phota, a bhí crochta os cionn na tine, éirí as an bpota sin, is a bhí ag Íosa éirí ó mhairbh. Ag an bpointe sin, d’éirigh an coileach de léim ar imeall an phota, agus chuir glaoch as, ach in ionad a ghnáthghlaoch, ag fógairt an lae, a dhéanamh, b’amhlaidh a scread sé “Mac na hÓighe Slán”. Nach breá mar a shníomhadh an scéal sin ón mbéaloideas isteach sa phictiúr sin, le croíthe daoine a thógail, agus scéal na hAiséirí a chur i gcuimhne dóibh, chuile uair a bhreathnóidís ar an altóir, agus ar an dtaibearnacal.

I ndiaidh an tsosa sin i bhFionn Trá, thugamar aghaidh arís ar an gCom, agus ní haithristear scéala ar bith orainn gur bhaineamar ceann ár scríbe amach. Agus le sin, cuirfidh mé críoch le scéala ár saoire ar an gCom, i Lúnasa na bliana seo. Mar chríoch, seo cupla véarsa a chum mé, i bhfad siar, i seascaidí na haoise seo caite, faoi thigh Pheig Sayers.

.

Tigh Pheig Sayers.

Tigh Pheig Sayers sa Bhlascaod tréighte, Náire shaolta do chine Gael, Fothrach fuar go hainnis spréite, Anuas ar theaghlach geal na scéal.

Díon lag lúbach, pollta réabtha, Doras gíoscach, cistin lom, Fuinneog dhallta, a mogall caillte, Os cionn mórmhara ard na dtonn.

Ach tógtar Músaéim in iarthar tíre I mbuanchuimhne lucht scríofa scéal Músaéim daonna, d’óg is d’aosta, San oileán cianda, i dtigh Pheig Sayers.

Peadar Bairéad.

.

en_USEnglish