S A O I R E T H I A R .

.

***********************

.

Chaith mé seachtain saoire in Inis Crabhann, ar na mallaibh, agus caithfidh mé a admháil dhuit anois, gur bhain mé sult agus taitneamh as an tsaoire chéanna sin ar bhruach cháiliúil Chuan Chill Ala. Mar is eol duit, chaith mé seal ansin anuraidh freisin, agus is dócha gurbh iad cuimhní na saoire sin a mheall thar nais arís i mbliana mé. Ach níorbh é sin amháin a mheall siar ansin mé, nó ba mhinic mo chuairt ar an ionad saoire céanna sin, thart ar leathchéad bliain ó shoin, agus is é an bua is mó atá ag an ionad sin domsa, ach go háirithe, nó a laghad athrú atá tagtha ar an áit , nó ar a muintir, i rith na tréimhse fada sin. Tá na dumhacha, an trá, agus an baile fhéin fiú, díreach mar a bhí, agus mise ag teacht anseo im’ fhear óg. Ó, glacaim leis, gur tógadh roinnt mhaith tithe, agus foirgnimh feiceálacha eile, san idirlinn, ach ar bhealach eicínt nach dtuigim, níor athraigh na hathruithe céanna sin pearsantacht, nó anam, an bhaile álainn seo cois cuain, olc, maith, nó dona. Is dócha gurb iad an trá bhán, leathan, fhairsing, agus caiple Mhanannáin ag rás go buacach chun na trá, is cúis leis an gcuma do-athraithe seo a bheith ar Inis Crabhann cois cuain. Ó, sea, agus má tháinig aon athrú ar phobal an ionaid seo, is amhlaidh a mhéadaigh ar a gcairdiúlacht, agus ar a gcarthannacht, san idirlinn, agus cá bhfuil an dara ionad saoire eile sa tír álainn seo, a d’fhéadfá a leithéid a rá faoi? Cén áit eile sa tír, in a mbeannódh an oiread sin daoine leat, ar shráid, nó ar thrá, ar bhóthar nó ar bhealach, i siopa nó in oifig leat, is a dhéanann, chuile thráth, sa bhaile cairdiúil seo?

Dheamhan a raibh basctha dhe, i mbliana, ach an aimsir! Nó i dtús na saoire, ach go háirithe, bhí sé gruama, scamallach, bunús an ama, agus bhainfeadh an ghaoth ghéar, gháifeach, an tsrón anuas díot, a thúisce is a chuirfeá do shrón taobh amuigh den doras! Ach tá mé cinnte nach bhfuil san aimsir seo ach rud sealadach, agus tá súil agam, go mbainfidh an ghrian gheal na cótaí móra dínn, sul má dtí i bhfad.

Ná síl anois, gur choinnigh an aimsir chéanna istigh muid, nó níor choinnigh, nó baol air! Nó bhuaileamar amach ar fud na bhfud, cupla babhta, chuile lá, agus caithfidh mé a admháil, go mbeadh sé deacair áit níos oiriúnaí ná Inis Crabhann a fháil le siúlóid a dhéanamh, nó tá an áit leagtha amach ar bhealach a chuireann ar chumas an turasóra siúlóid bhreá, fhada, a dheanamh, gan dul i gcontúirt a anama, chuile bhabhta. Is féidir leis dul síos chun na céibhe, agus thart ansin go dtí an trá bhreá, fhairsing, a shíneann na mílte slí ón mbaile siar. Dá mbeadh trá chomh fairsing sin suite ar an gcósta thoir, tá mé cinnte go mbeadh tarraingt na mílte uirthi, chuile uair sa lá, Domhnach is Dálach. Briseann tonnta breátha, arda, cúrbhána, ar an trá seo isteach, agus chonaic mé fhéin, cheana, roinnt daoine amuigh ag “surfáil” ar na tonnta céanna sin. Cheapfá gur amuigh ar Bondi Beach, san Astráil, a bhí tú. Dár ndóigh, tá tonnta níos fearr fós le fáil, thíos an bóthar, in Iascaigh, agus tugann roinnt mhaith surfóirí aghaidh ar an mbaile iascaigh chéanna sin, leis an spórt is ansa leo a chleachtadh ansin.

Ar an Domhnach, chuaigh muid ar thuras chomh fada siar le Baile an Chaisil, agus arís, bheadh sé deacair an taobh tíre trínar ghabhamar a shárú, ar a háilleacht, ar a haduaine, nó ar a loime. Trí Bhéal an Átha is ea chuamar, agus ar dtús thar Dhroichead “Ham” anonn linn, agus thabharfadh duine faoi deara, an caoi ar deineadh uchtbhallaí an droichid ársa sin, maraon le bruacha na habhann, a mhaisiú, a fhorbairt agus a ghlanadh, thar mar a bhíodh, nuair a mhair mé fhéin sna bólaí seo, tarraingt ar leathchead bliain ó shoin anois. Thar Leacht Humbert linn, agus síos linn ansin Bóthar Chill Ala, síos thar Stáisiúin áille na gCros a tógadh ansin, ar imeall an bhaile, mar chuimhneachán, san áit ar bhaist Naomh Pádraig fhéin Taoiseach na Dúiche sin, gona chlann agus a theaghlach, i dtús ré na Críostaíochta in Éirinn. B’fhiú don turasóir seal gearr a chaitheamh ansin, le naofacht, agus iargúltacht, an ionaid sin a bhlaiseadh ina iomláine.

Chun tosaigh linn ansin, síos fan bhruach chlé na Muaidhe. Chuir an fás agus an forbairt atá curtha i gcrích sa limistéar sin ionadh agus áthas orainn, nó bheadh sé deacair áilleacht, dearadh, agus méad, na forbartha céanna sin a shárú, áit ar bith sa tír. Thíos sa dúiche seo freisin, fán Bhóthar Chill Ala, a tógadh na Mainistreacha cáiliúla sin, Mainistir na Maighne, agus Mainistir Ros Eirc, Mainistreacha a bhfuil áilleacht agus dínit neamhghnách ag baint leo fós, bíodh nach bhfuil iontu anois ach fothracha. Sin rud a thugann duine faoi deara sa taobh seo tíre, go bhfuil sé, an t-am ar fad, geall leis, ag taisteal cois ar chois leis na glúnta a chuir fúthu sa dúiche seo, le sinsearacht, sea, agus ag siúl na gcasán a shiúil siadsan fadó. Sea, bíonn cos amháin agat i saol corraitheach an lae inniu, agus an spág eile feistithe agat i ríocht ríoga na staire.

Ar ball, shroich muid Cill Ala, baile álainn, ársa, i mbéal Chuan Chill Ala. Bíodh gur éirigh leis an mbaile seo siúl isteach go spleodrach san aonú haois fichead, ag an am gcéanna, d’éirigh leis a chuma is a phearsantacht ársa a chaomhnú agus a chothú. A chonách sin orthu! nó níor éirigh le mórán bailte sa tír an t-éacht céanna sin a dhéanamh. I gcás roinnt mhaith bailte, is amhlaidh a leagadar an sean, le dúshraith a dhéanamh don nua, gníomh nach bhfuil inmholta i dtír shibhialta ar bith. Chun tosaigh linn ansin fan an chósta, agus bíodh nach raibh radharc againn ar an gcósta céanna sin, ach go hannamh, bhí fhios againn, ag an am gcéanna, go raibh sé gar dúinn, an t-am ar fad. Anois is arís, áfach, thagadh an cósta céanna sin faoi raon ár súl, agus geallaimse dhuit é, go mbainfeadh cuid de na radharcanna céanna sin an anáil díot, lena n-áilleacht, lena bhfiántas, agus lena n-éagsúlacht.

Shroicheamar Baile an Chaisil ar deireadh thiar, agus geallaimse dhuit é, gur deas, comharsanuil, teolai, an baile é, suite mar atá sé, os cionn na mara móire. Tháinig fás as cuimse air le tamall de bhlianta anuas. Fás na turasóireachta sa dúiche seo is cúis le sin, ní foláir, nó nach bhfuil an domhan mór is a mháthair ag tarraingt ar Achaidh Chéide,(“The Céide Fields”), le traidhfil blianta anuas anois. Sea, mh’anam! dheamhan mórán a fuair an taobh seo tíre seo ó úth bisiuil, silteach, an Tíogair Cheiltigh, ach is dócha gurb í an turasóireacht, a d’fhás as cuimse sa taobh seo tíre, a chuaigh i gcionn ar áiteacha cosúil le Baile an Chaisil, agus dár ndóigh, d’fhéadfadh duine a rá, gur de thoradh chuairt an Tíogair Cheiltigh chéanna sin, a tháinig an fás as cuimse sin ar thionscail na turasóireachta in ár measc.

Shocraigh muid ag an bpointe sin, go raibh ár ndóthain feicthe againn don lá sin, agus go bhfágfadh muid Achaidh Chéide do lá eicínt eile, nó theastódh lá iomlán, le taitneamh agus tairbhe iomlán a bhaint as an ionad ársa, stairiúil sin. Mar sin, ní raibh le déanamh againn, ach filleadh ar Inis Crabhann arís. An babhta seo áfach, chaitheamar tamall ag breathnú ar na tránna breátha, fairsinge, áille, atá thart le cósta, cóngarach do Chill Ala. Agus chomh maith le sin, bhíomar ag smaoineamh ar Bhliain mhí-ámharach úd na bhFranncach, agus an trup agus an fuirseadh a bhí thart ar na háiteacha sin, nuair a bhí na saighdiúirí Franncacha ag teacht i dtír ansin, agus ag fáil réidh do na cathanna, a bhí rompu amach. N’fheadar ar thaitin an radharcra leo? Nó an bhfaca siad a leath, nó níos lú fhéin, leis an bhfustar faobhrach a bhí thart orthu, chuile áit. Nach breá an smaoineamh é, comharthaí bóthair anois, ag tabhairt méar an eolais dúinn, ar bhealach Humbert, nó ar “Slí Humbert”, sé sin, an bóthar a lean arm Humbert, ar a mbealach go Béal an Átha.

Ar ais trí Bhéal an Átha linn, ach an babhta seo, thugamar cuairt ar Ardeaglais Mhuireadhaigh, sa bhaile sin, ionas go bhfeicfeadh muid, mar a deineadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh breá, feiceálach sin. Deineadh an-ghlanadh-suas ar an dtaobh amuigh, agus cuireadh bail cheart ar an ionad ar fad, ach níor dhada é sin i gcomparáid leis na deisiúcháin, agus an maisiú, a deineadh taobh istigh. Bhí chuile shórt istigh go deas, geal, spreagúil, ach bíodh go raibh, ag an am gcéanna, d’éirigh leo, sollúntacht chráifeach an tí bheannaithe sin, a choimeád. Rinneadar gloine dhaite na bhfuinneoga áille a athnuachan, a neartú, agus a chaomhnú, do na glúnta atá le teacht. Agus is ar éigean a d’aithneofá Stáisiúin na gCros, nó deineadh iadsan a ghlanadh go gairmiúil, agus geallaimse dhuit é, gur bheag tuairim a bhí againn, caoga bliain ó shoin, go raibh dathanna chomh beomhar, bríomhar, iontu, is atá le feiceáil iontu anois. Caithfidh mé a rá anois, go mbeidh fonn ormsa feasta, uair ar bith a bheidh mé sna bólaí sin, cuairt a thabhairt ar an Ardeaglais chéanna sin, nó thógfadh sé do chroí, is d’anam, seal a chaitheamh istigh ansin, ag paidreoireacht, nó fiú, ag suií síos ansin seal, ag smaoineamh ar chúrsaí an tsaoil seo.

Ach bhí sé in am dúinn dul abhaile go hInis Crabhann, agus ba ghearr an mhoill orainn ár dteach saoire a bhaint amach, agus ansin, thosaíomar ag pleanáil don chéad lá eile, nó sin mar a chaitheann muid ár saoire, muid ag dul ó lá go lá, agus go minic, tugann eachtraí an lae sin leide dúinn ar chéard ba cheart dúinn a dhéanamh, an lá dár gcionn. Ach leor sin don bhabhta seo.

Go dtí an chéad uair eile…

Slán…..

*********************

Peadar Bairéad.

********************

    .

en_USEnglish