Tús Tuile….2

Peadar Bairéad

.

(We continue our review of a piece published here some time ago.)

.

Poll an Phíobaire

Chonaic muid, an tseachtain seo caite, gur dhein an Piarsach a dhícheall le roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó nach raibh aon rogha aige ach rogha an chircín rua fhéin, sé sin, tabhairt faoi’n ngnó é fhéin! Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, achor chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain sé úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.

Thaitin sé le XYZ

Thaitin an scéal le Sgeilg, (Seán Ó Ceallaigh), agus rinne sé léirmheastóireacht air san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é:-

“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”

Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard na spéire é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon aithne aige ar an údar óg, ach, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán úd ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.

Níor mealladh an tAthair Ua Duinnín, áfach!

or buaileadh aon bhob dá leithéid áfach, ar an Athair Ua Duinnín, an foclóirí. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,

“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”

“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”

Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saighead sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus dá chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air, in áit Poll an Phiobaire.

As an bhFoinse céanna !

Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé cé hé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as poll an phíobaire! Fair Play! don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air le duine a bhearradh! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneoir, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, sé sin, BA agus BL, nuair a thugadh sá, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dhúinn!

Ach faoi mar a scríobh Ruth Dudley Edwards ina beathaisnéis deascríofa,     deathaighdithe…..

“….but as with oratory so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”

Sea, ní raibh sa scéal sin i ndáiríre ach tús tuile.

B’fhéidir go bhfillfeadh muid ar an ábhar sin arís, amach anseo.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish