SEO SLÁINTE NA BÓ 1

Peadar Bairéad.

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris society, in the last century.)

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as. Tógfaidh sé roinnt seachtainí leis an tsraith aistí ar fad a fhoilsiú

Mór idir inné is inniu!

Nach iomaí sin athrú atá tagtha ar stíl bheatha na ndaoine le breis is ceithre scór blianta anuas. Nach iomaí sin athrú a tháinig ar a sanna, ar a gcreideamh, ar a dtalmhaíocht, ar a n-iascaireacht, agus ar a gcaitheamh aimsire, ó bhíos-sa óg.

Do thuras na huaire seo, áfach, tógfaidh mé an bhó mar shlat tomhais ar na hathruithe atá tagtha ar an saol sin, le mo linn. I mo thuairimse, tá níos mó athruithe feicthe agamsa ná mar atá feicthe ag a lán eile in Éirinn, i rith an ama sin. Tógadh mise i mbaile na Druime, baile beag, seascair, iargúlta, i bParáiste na Cille Móire, i mbarúntacht Iorrais, i gContae ollmhór Mhaigh Eo, agus d’fhás mé suas sa dúthaigh sin, i bhfichidí, agus i dtriochaidí an ocrais agus an ghorta. Nuair a dhúnaim mo shúile feicim anois é, mo bhaile dhúchais fhéin. Na tithe seascaire, aoldaite, ceann tuí. Feicim freisin, na péintéirí a tháinig chugainn ón iasacht, agus feicim na pictiúir a dhathaigh siad dár mbaile-ne, iad ansin ar sheastáin i lár an bhaile, agus b’in é ár mbaile, mar a chonacthas do choimhthigh é.

Bhíodarsan cairdiúil, cneasta…

Dúradarsan go raibh sé go hálainn. Ní mar sin a chonacthas domsa é áfach. Ní fhaca mise aon áilleacht sna tithe sean-nósacha, ceann-tuí úd. Níorbh é an baile fhéin a bhí go hálainn, dár liomsa, ach na daoine a bhí ina gcónaí ann. Bhíodarsan cairdiúil, cineálta, cneasta. Ollchlann shóisialta amháin a bhí ionainn. Ní fhágfaí éinne ocrach inár measc. Roinnfí gach nuaíocht. Bhí comhar na gcomharsan, agus an mheitheal, mar dhúshraith dár saol eacnamaíoch, agus nuair a smaoiním anois air, bhí an saol eacnamaíoch sin bunaithe, cuid mhaith, ar an mbó. B’in mar a bhíodh imeasc na gCeilteach, riamh anall. Nach iomaí sin seanfhocal in ár dteanga atá bunaithe ar an mbó chéanna?

onn adharca fada ar na buaibh thar lear.

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní bhíonn siad féarmhar.(do na ba)

Is fearr an tsláinte ná na táinte.

Is cara gach comharsa go dté do bhó ina gharraí.agus tuilleadh.

Smaoiním freisin ar thábhacht na bó im óige fhéin mar bhí meas thar chuimse agamsa orthu, meas a mhaireann liom go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

Mór idir inné agus inniu

Samhlaítear dom, mar sin, nárbh olc an smaoineamh é cuntas a scríobh anseo thíos ar áit na bó i saol mo mhuintire, nuair a bhí mise ag fás aníos.

Mar adúirt mé anois beag, ba dhoiligh áit ní b’iargúlta na Iorras d’fháil nuair a bhí mise ag fás suas ann, i bhfichidí agus i dtriochaidí ocracha na haoise seo caite. Ó! a dhiabhail!, nach mór idir inné agus inniu? Sin an smaoineamh a bhuail mé tráthnóna, agus mé amuigh ag binn an tí s’againne, ag éisteacht le hinneall crúite ag crónán leis go sásta, gan stró, gan sine a fháisceadh, gan mhealladh, gan shniugadh, gan chrónán, na tada, gan lámh dhaonna a leagan orthu.

Nach é an saol atá athraithe, arsa mise liom fhéin, agus m’aigne ag sleamhnú siar thar dhroichead stuach na mblianta, siar, síos, Bóithrín na Smaointe, agus isteach i ngort grianmhar, taitneamhach, na hóige, agus os ar bha agus ar chrú, a tharraing mé an scéal seo, tosóidh mé ag tochrais ar an gceirtlín sin an chéad bhabhta eile.

………….Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn………….

en_USEnglish