Éan beag ar iarraidh!

Peadar Bairéad

.

Le tamall de bhlianta anois d’fhás dlúthcharadas idir mé fhéin agus spideoigín álainn, péacach, a éilíonn seilbh dó fhéin ar thalamh mo gharraí beag cluthar fhéin. Níor chuir mé tada ina choinne san éileamh céanna sin, nó tá mé lánsásta an garraí céanna sin a roinnt leis. Tuigtear dom anois, gur bhreathnaigh ormsa mar ghiolla, nó mar bhuachaill aimsire, a bhí ag brath airsean le greim mo bhéil a shaothrú, trí leas a bhaint as a gharraí seisean. Dá bharr sin, choinníodh sé súil seabhaic ormsa, am ar bith a mbínn ag romhar nó ag giotáil liom, amuigh faoin aer, ag saothrú a ghabhaltais-sean. Ar an dtaobh eile den scéal, tá mé cinnte go mbaineadh sé taitneamh nár bheag as bheith ansin do mo mhaoirseacht, i rith an achair sin. Sheasadh sé ansin os mo chomhair amach, agus cuma na sástachta air, fad is a bhí sé ag scrúdú chuile scaobán cré a chaithinn uaim, agus é ag cur na súl géar tríd, ag súil le péist le héadáil dá leithéid a nochtú, tráth bhriseadh an chré bhog bhriosc. Nuair a tharlaíodh a leithéid, chaitheadh sé trí léim táilliúra ansin os mo chomhair amach, lena shástacht a chur in iúl dom.

Cluichí á n-imirt

Ghlacadh sé páirt liom freisin, i gcluichí eile, amuigh ansin sa gharraí. Dá mbeadh triomach mór ann i lár an tSamhraidh, théinn fhéin amach ag spraeáil braoinín uisce ar na bláthanna a bhí ag sleabhcadh sa teas mí-nádúrtha. Thagadh mo spideoigín bocht ar an bhfód, féachaint céard a bhí ar siúl agam, agus féachaint freisin, an mbeadh sé fhéin in ann leas ar bith a bhaint as mo chuid spraeála. Ligfinn dó teacht i mo chóngar agus ansin steallfainn scaird uisce ina threo, agus cé go bhfliuchfainn minic go leor é, ní chuirfeadh sin aon lagmhisneach air, nó rithfeadh sé ón uisce, ach ba ghearr go mbeadh sé ar ais arís go dubhshlánach, ar an bhfód, ag súil go scaoilfinn steall eile ina threo, agus é ag feadail go gear, feadh an ama agus ag léimnigh le mórtas nuair a d’éiríodh leis éaló óm’ urchar. Ach, bíodh go mbaineadh sé anspraoi as cleas úd an uisce, b’fhearr leis gor fada bheith ag fanacht ar na scaobáin chré a chaithinn ar an iomaire nuathógtha, nó d’fheicfeadh sé go soiléir, ansin os a chomhair amach, péisteoga breátha, ramhra, súmhara, faighte aige saor in aisce, trí bheith ag fanacht go foighdeach im chomhluadar.

Comhluadar Comharsanúil

Sea! Níl dabht ar domhan ach go mba bhreá comharsanúil an comhluadar é mo spideoigín aerach, agus ní gá dhom a rá go mbíodh sé ina aonair, chuile bhabhta, agus is dócha go raibh seisean den tuairim chéanna fúmsa! Ansin, cupla bliain ó shoin, gan fógra, gan rabhadh, d’imigh sé faoi mar a shlogfadh an talamh é, agus ní fhaca mé a thuilleadh é, thíos, thuas, nó thall. Ní gá dhom a rá gur mhothaigh mé uaim é, agus mothaím fós uaim é, nó ba bhreá spraoiúil, spóirtiúil an páirtí domsa é, moch nó déanach, amuigh ansin sa gharraí, agus caithfidh mé a admháil, nach mbíonn an fonn céanna garraíodóireachta ormsa uaidh sin amach. B’fhéidir gur mhaith leat an dáinín a chum mé, mar chaoineadh, dom spideoigín aerach sin. Bhuel! seo chugat é…..          

Spideoigín caillte!

Ní fhaca mo chara ó laethe na Nollag,

Is mothaím uaim a chairdeas.

Thagadh sé chugam gach uile mhaidin

Ag éileamh a dhéirc’ is a fháltais.

.

Ba bheag é a mheas ar éin eile sa gharraí,

An lon, an gealbhan, nó an préachán,

Ach d’fhanadh leis fhéin, scartha ón ealta

Ag súil le héadáil mar dhéirc uaim.

.

Dá bhfeicfeadh sé faillí á dhéanamh ‘gam airsean,

Is mé ag tál ar dhruid nó ar chéirseach,

imfeadh go taghdach ar lic na fuinneoige

Lena mhíshástacht a léiriú os ard dom.

.

Slán agus beannacht go ill leat, a chara,

A spideoigín álainn gan éalang.

Is ná raibh rath ar chat nó ar sheabhac

A sciob uaim mo spideoigín aerach.

.

********************************

en_USEnglish