T o g h c h á n a n Á i r .

*************************

.

“Ar deireadh thiar, tá sé thart!” B’in an chéad rud adúirt mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, agus muid beirt socraithe go sásta istigh i gCailleach (snug) an Smugairle Róin, an oíche faoi dheireadh, tar éis do mhuintir Chill Manntáin a gcomhaireamh-san a chríochnú, agus Mildred Fox a fhógairt tofa, tar éis dóibh breis is seachtain a chaitheamh i mbun an chomhairimh chéanna sin.

“Céard é fhéin? Céard tá thart?” Arsa mise, agus mé ag ligint orm, nár thuig mé céard a bhí ar siúl ag Séimí cóir, agus mé tar éis an nuacht chéanna sin a chloisint ar an teilifís, achar gearr roimhe sin.

“An Toghchán, céard eile? A leibide!” arsa Séimí go mífhoighdeach, nó b’fhacthas dó gur chóir go mbeadh a fhios ag amadán ar bith céard faoi a raibh sé ag caint.

“Ach nach bhfuil an toghchán sin thart le breis mhaith is seachtain anois,” arsa mise, á thochrais suas, mar adeir lucht an Bhéarla.

“Nach tú tá smeartáilte anois! ach más ag magadh fúm atá tú, ba chóir duit smaoineamh ar an seanfhocal a bhíodh ag daoine fadó, ‘An té a bhíonn ag magadh, bíonn a leath faoi fhéin’. Sea, agus smaoinigh freisin, nach mbíonn toghchán thart go mbíonn an comhaireamh deiridh críochnaithe, nó go gcanann an bhean ramhar, mar a chuireann lucht an Bhéarla arís é.”

“Fair Play dhuit, a Shéimí, níor chaill tú riamh é. Ach cogar mé seo leat, an raibh tú fhéin sásta leis an toghchán, agus lena thoradh?”

“Is fusa ceist a chur ná ceist a fhreagairt, mar adeirtí sna seanlaethe. Ní call dom a rá, go raibh mé sásta leis an toghchán fhéin, agus leis an gcomhaireamh, tríd síos, nó deineadh an chuid sin den ghnó go cruinn, ceart, éifeachtach, ach, ar an dtaobh eile den scéal, ní dóigh liom, gur thaitnigh an toradh a bhí ar an toghchán céanna sin, go huile is go hiomlán, liom.”

“Ach a Shéimí, ní raibh de thoradh ar an toghchán ach an toradh a theastaigh ó na vótóirí. Agus, dár ndóigh, caithfear glacadh leis, gur ag na vótóiró a bhíonn iomlán na cumhachta, lá an toghcháin.”

“Tá sin go breá ar fad, chomh fada is a theann sé, ach, má a théann tú go cnámh na huilinne leis an scéal sin, feicfear dhuit, gur beag cumhacht, i ndáiríre, atá ag an vótóir aonair. Téann sé amach agus caitheann sé a vóta, sin an méid. Ní thuigtear dó go bhfuil cumhacht ar bith aige fhéin, sa chás sin, ach gur ag na vótóirí eile atá an chumhacht, agus is dócha gurb é an scéal céanna acusan é. Mar sin, níl i gcumhacht na vótóirí ach cumhacht dall, bhodhar, bhalbh, a oibríonn trí sheans.”

“Nach ait, mar sin, go dtagann an oiread sin daoine ar chomhthuairim, lá an toghcháin?”

“Is ait, gan dabht ar domhan. Ach nuair a labhraíonn iriseoirí faoin chaoi ar chaith na vótóirí Fine Gael i dtraipisí i dToghchán seo Áir, níl ansin ach tuairim gan aon ró-thaca, mar nach bhfuil fhios ag madraí an bhaile, nár tháinig na vótóirí le chéile, roimh ré, le socruithe dá leithéid a dhéanamh. Trí thimpiste a tharla sé, bíodh go raibh roinnt iriseoirí ag iarraidh na vótóirí a shaighdeadh síos an bóithrín sin. D’fhéadfadh duine a rá, is dócha, nach bhfuil sa chineál daonlathais atá againne ach cur i gcéill, sa mhéid go n-éioríonn leis an lucht polaitíochta dallamullóg a chur orainn, nuair a chuireann siad ar ár súile dúinn go bhfuil cumhacht iomlán ag na vótóirí, lá an toghcháin. Fastaíom! Ní bhíonn de chumhacht againn an lá sin ach go gceadaítear dúinn vóta a chaitheamh, agus an tuiscint againn, nach mbeidh tionchar dá laghad ar an vóta sin ar an toradh a bheidh ar an toghchán.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine, go mbíonn an chumhacht iomlán againne, lá an toghcháin, nó ní féidir le duine ar bith cumhacht a láimhseáil mura bhfaigheann sé an chumhacht sin ó na vótóirí, lá an toghcháin.?”

“Bhuel! breathnaigh air mar seo. Má fhanann an vótóir sa bhaile, lá an toghcháin, an mbeidh tionchar ar bith aige ar an toradh sin?”

“Bí cinnte dhe nach mbeidh. Tuige a’ mbeadh? Nár fhan sé taobh amuigh den phróiseas ar fad, dá dheoin fhéin?”

“Ó! tagaim leat sa mhéid sin, d’fhan sé taobh amuigh den phróiseas ar fad, ach nuair a bhreathnaíonn sé ar na torthaí, ar ball, agus nuair a scrúdaíonn sé na huimhreacha a fuarthas ina dháilcheantar fhéin, tuigtear dó, go cinnte, nár dhein a neamhláithreacht puinn difríochta , agus sa tslí chéanna, nach ndéanfadh a vótasan puinn difríochta, ach oiread. Thoghfaí na daoine céanna, Cuma cé ann nó as dósan.”

“Ar bhealach, tagaim leat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, dá ndéanfadh chuile vótóir mar a dhein an vótóir úd, atá idir chamáin againn, ansin dhéanfaí praiseach den chóras ar fad. Ní oibreodh sé a thuilleadh.”

“Tá an ceart agat, chomh fada is a théann sé, ach i ndáiríre, níl aon chumhacht gur fiú trácht air, ag an vótóir aonair, agus níl sa teoiric, go dtagann chuile chumhacht pholaitíochta ó na daoine, ach mearú súl, agus mealladh, sa chaoi go mbeidh na vótóirí sásta cead rialaithe a thabhairt don lucht polaitíochta, go háirithe dóibh siúd a bhuann suíocháin, lá an toghcháin. Le fírinne, tá cead ag na vótóirí teachtaí a thoghadh, ach an bhfuil cead acu diúltú do chuile iarrthóir ar an liosta?”

“Ach ní hé seo ach é siúd. Céard é do mheas ar an ár a deineadh ar Pháirtí Fhine Gael?”

“Bhuel, caithfidh mé a rá, gur fágadh gan focal mé, nuair a chuala mé faoin sléacht a deineadh ar an bpáirtí céanna sin, nó tríd is tríd, is páirtí ciallmhar, stuama, dáiríreach, iad, agus páirtí a dhein leas an náisiúin, am ar bith ar tugadh an chumhacht rialaithe dóibh. An babhta seo áfach, d’éirigh an pobal frí chéile ina gcoinne, agus rinneadar ár gan áireamh orthu. Chaill siad thart ar scór suíochán sa toghchán sin 2002. Ba bheag nár chaill siad leath dá dTeachtaí, san aon choimheascar polaitíochta amháin sin.”

“Ach, nach mar sin a léirítear toil an phobail. Ní chaithfí amach iad, mura n-éireodh na vótóirí amach ina gcoinne, leis an méid sin díobh a ghlanadh, scun scan, amach as Teach Laighean.”

“Ach, nach ‘in atá á rá agam, le tamall anois. Níor aontaigh an pobal le sin a dhéanamh. Níor tháinig siad le chéile, roimh ré, le plean dá leithéid a dhréachtadh, nó a chur i ngníomh. I ndáiríre, ní raibh ann ach timpiste gur bheartaigh an oiread áirithe sin vótóirí vótáil ina gcoinne, san olltoghchán áirithe sin.”

“Ach nach raibh na pobalbhreitheanna á thuar, le scathamh maith anuas, go mbrisfí ar Fhine Gael, san olltoghchán sin?”

Aontaím leat go raibh, ach arís, is beag é mo mheas fhéin ar phobalbhreitheanna, agus raghaidh mé níos faide ná sin, agus déarfaidh mé, go gcuirfinn fhéin críoch leo, dá mbeadh an chumhacht sin agam. Ach ó tharla nach bhfuil a leithéid de chumhacht agam, caithfhidh mé cur suas leo, ach ní hionann sin is a rá go dtaitníonn siad liom. Níl iontu ach cleas eile le meon an phobail a cheansú, agus a mhúnlú, le toil lucht an airgid a dhéanamh, lá an toghcháin. Sna seanlaethe, bhíodh an Tiarna Talaimh istigh sa bhoth vótála, lá an toghcháin, le brú a chur ar a thionóntaithe vótáil ar bhealach áirithe, Is é an cleas céanna atá á oibriú ag lucht na bpobalbhreitheanna. Feiceann an chosmhuintir go bhfuil an pobal ar fad, geall leis, ag dul ag vótáil ar bhealach áirithe, agus cuireann sin brú orthusan an tréad a leanúint, nó theastaíonn ó chuile dhuine bheith i measc na mbuaiteoirí.”

“Ach nach mar sin a oibríonn an córas. Buann duine amháin, agus cailleann duine eile.”

“Nach é sin atá á rá agam, ach ag an am gcéanna, ta mé ag maíomh, nach bhfuil ann ach timpiste, go mbuann an duine seo, agus go gcailleann an duine úd eile. Ní rud é a bhearthaigh na vótóirí. Agus breathnaigh ar an scéal, nóiméad amháin eile. Cé caithfeadh amach as an Dáil daoine cumasacha, eolgaiseacha, ábalta, cosúil le cuid de na teachtaí a caitheadh i dtraipisí, in olltoghchán 2002? Sea, mh’anam, agus breathnaigh ar chuid de na daoine a thoigh siad, le móramh mór, in áiteacha eile, agus i bpáirtithe eile. An é an dá mhar a chéile é.”

“An é atá á rá agat, a Sheimí, nach bhfuil tú fhéin ró-shásta leis an gcóras daonlathais atá againn anseo i dtír na hÉireann?”

“Sin é díreach ata á rá agam. Bheadh sé deacair córas níos mí-éifeachtaí, a shamhlú, fiú amháin. Níl ann ach cur i gcéill, caimiléireacht, agus dallamullóg ó thús deireadh.”

“Ar chóir dúinn, mar sin, córas eile a bhunú anseo i dtír na hÉireann? Ar chóir dúinn Ríocht, nó Deachtóireacht, a chur sa tsiúl anseo, in áit an chóras daonlathais ata againn i láthair na huaire seo?”

“Níor chóir, fiú, smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh, nó cé go bhfuil an córas atá againn lochtach go maith, is measa i bhfad na córais eile. Tá an córas s’againne lochtach, míchuibhiúil, go dtí go smaoiníonn tú ar chomharba a fháil dó. Is ansin a thuigtear duit, nár chóir dúinn an córas seo a chaitheamh uainn fós, ach gur chóir dúinn, ár ndúthracht a chaitheamh, ag iarraidh é a fheabhsú, agus a chur in oiriúint don todhchaí. Tá mé cinnte, go bhfuil sin indéanta, ach cur chuige.”

“Is dócha go bhfuil, a Shéimí, ach cogar, céard é do thuairim fhéin faoi uimhir na Neamspleách, uimhir atá ag meadú in ár measc, mar fhás aon oíche, ó bhliain go chéile anois?”

“Caithfidh mé a admháil dhuit, gur beag é mo mheas ar roinnt bheag acu. Nó i ndáiríre, is ionann cuid acu sin agus cearrbhaigh, iad ag súil, ar an gcéad ásc, go dtoghfaí iad, agus ansin iad ag súil go dtarlódh sé, go mbeifí ina dtuilleamaí, le Rialtas a chur i dtoll a chéile. Chonaic muid sa Dáil deiridh, an chumhacht díréireach a bhí ag Neamhspleáigh áirithe, agus an chaoi a bhféadfaidís brú a chur ar an Rialtas, fábhar a dhéanamh, agus airgead, thar an meán, a chaitheamh ina ndáilcheantar fhéin. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil an nós sin frithdhaonlathach, nó má éiríonn leis na Neamhspleáigh sin, airgead, thar an meán, a fháil dá ndúiche fhéin, ansin luíonn sé le réasún, go mbeidh dúichí eile thíos leis an gcinneadh sin. Níl sé ceart, cóir, nó feiliúnach, go ndéanfadh Páirtí Polaitíochta ar bith margadh dá leithéid le Neamhspleách ar bith. Ach tá faitíos orm nach mar sin a tharlaíonn sa saol s’againne, nó téann tart na cumhachta i gcionn ar Pháirtithe áirithe, nuair a fheiceann siad seans le greim a fháil ar luamháin na cumhachta.”

“An é an scéal céanna é i gcás na bPáirtithe beaga, faoi mar atá ag tarlú i láthair na huaire seo le Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach?”

“Ní dóigh liom gurb é, nó sa chás sin, ní hé a theastaíonn ón bPáirtí Daonlathach, tuilleadh airgid a chaitheamh i ndúiche faoi leith. Is é a theastaíonn uathu, i ndáiríre, nó an oiread agus is féidir leo, dá bpolasaí fhéin a chur i gcrích, trí dhul i gcomhar le Fianna Fáil. An leas náisiúnta atá idir chamáin acu, agus ní leas a ndáilcheantair fhéin thar aon dúiche eile sa tír, atá uathu, agus i ndáiríre, is cuspóir inmhianaithe í sin. Ach sin ráite agam, ní hé mo thuairim, gur rud inmhianaithe é, an méadú ollmhór atá ag teacht ar pháirtithe beaga, inár measc, le tamall anuas. Im thuairimse, lagaíonn sin ár ndaonlathas, agus is deacraidc é Rialtas a chur i dtoll a chéile. Níl dabht ar domhan, ach gurb é an leagan amach is fearr, nó dhá pháirtí mhóra a bheith ann, maraon le cupla páirtí beaga, ach faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire seo, is é is dóichí nó nach bhfuil ar na cartaí ach Comhrialtas Fianna Fáileach, agus ní dóigh go bhfuil sin inmhianaithe, mar shocrú fadtéarmach, nó b’fhearr go mbeadh rogha i gcónaí ag na vótóirí, nó ní daonlathas go rogha”

“Ach sin toil an phobail agat, a Shéimí, agus caithfear cur suas leis.”

“Ar an drochuair caithfear, ach bhfuil fhios agat, cad dúirt Mártan an Tairbh liom, thíos ag an droichead, an lá cheana?”

“Níl muis! Céard dúirt sé leat?”

“ ‘Bhuel! a Shéimí’, ar seisean, ‘bhfuil fhios agat go bhféadfaí toradh díreach chomh maith a fháil gan toghchán ar bith?’ ‘Conas a d’fhéadfaí a leithéid a dhéanamh gan toghchán’, arsa mé fhéin leis. ‘Nach bhféadfaí é a chur ar chranna’ arsa mo Mhártan cóir. Agus nach raibh sciar maith den cheart aige sa mhéid sin.

Ach, go bhfóire Dia orainn uilig! An bhfeiceann tú an t-am?

Maróidh Naipí s’againne mé, nó bíonn sí ag súil liom, thart ar a hocht a chlog, agus féach go bhfuil sé ag tarraingt ar a naoi, cheana féin. Slán, agus oíche mhaith!”

“Slán abhaile” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, nó bhí sé glanta leis an doras amach, faoin am ar labhair mé, agus mise fágtha liom fhéin sa Chailleach, agus gan le déanamh agam, ach mo ghloine a dhiúgadh go tóin, agus mo mharana a dhéanamh. Ach d’fhág, Séimí na mire, ábhar an ailt seo agam, agus bhí mé buíoch, beannachtach, dá bharr.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

      .

.

en_USEnglish