.

T u r n a m h B h e r l i n .

.

*************************

.

B E R L I N

THE DOWNFALL 1945…………………………….foilsithe ag Viking………2002.

Le

ANTHONY BEEVOR…………………………………………………………………£25.00.

.

.

**************************

.

Ní call dom a rá, gur leabhar mór-ráchairte é an leabhar seo is déanaí ó pheann Anthony Beevor, nó is údar, é a bhfuil a ainm in airde i measc lucht taighde, as a bhfuil déanta aige le tóirse a scile a dhíriú ar thréimsí, nó ar eachtraí áirithe, de shaol an fichiú haois. Breathnaigh ar chuid de na teidil atá curtha de aige, cheana féin…”The Spanish Civil War”, “Inside the British Army”, “Crete: the Battle and the Resistance”, agus leabhar breá eile, ar an dtéad céanna leis an gceann seo is déanaí uaidh, is ea “Stalingrad.” Chuala ó roinnt daoine, nach raibh sárú an leabhair sin “Stalingrad” le fáil. Féach mar a scríobh léirmheastóir amháin faoin leabhar céanna sin…

“A superb re-telling of the saga. Beevor combines a soldier’s understanding of war’s realities with the narrative techniques of a novelist…. This is a book that lets the reader look into the face of battle.”

Nár dheacair an teist sin a shárú, agus d’fhéadfainn fhéin a rá anois, tar éis dom “ B E R L I N The Downfall 1945” a léamh, d’fhéadfainn a rá, gur éirigh leis an t-éacht céanna a dhéanamh uair amháin eile, nó sa leabhar seo, is beag nach bhféadfá análú na saighdiuirí céanna sin a chlos, le linn duit bheith ag taisteal, cois ar chois leo, trí choillte na Gearmáine, nó trí shráideanna na cathrach daortha, dóite sin, Berilin.

Ní hionadh ar bith, gur chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sa leabhar seo, – bíodh go bhfuil sé i bhfad níos toirtiúla ná an cineál leabhair a léim, de ghnáth, mar tá thart ar 490 leathanach idir chlúdaigh an leabhair seo, – nuair a chuireann tú san áireamh, go raibh mé fhéin im’ fhear óg, ag an am nuair a bhí scéal thurnamh na cathrach céasta sin le léamh ar nuachtáin an domhain mhóir. Ach caithfear a chur san áireamh anseo, nach raibh an fhírinne le léamh i gcónaí ag duine, le linn an Chogaidh Mhóir sin, nó le linn cogaidh ar bith, dá ndéarfainn é. Ach, anois, tar éis dom an leabhar mór seo a léamh, is féidir liom a rá, go cinnte, gur bheag, i ndáiríre, a thuig mé, ag an am, faoin ár gan áireamh a deineadh ar an gcathair bhródúil chéanna sin. Ach scaoilimis tharainn na cuimhní sin, agus fillimis ar an leabhar fhéin.

Insíonn an t-údar dúinn, ina réamhrá, mar a tharla gur chuir sé roimhe, a chéaduair, an leabhar seo a scríobh faoi thurnamh Bherlin. Seo mar a chuireann sé ina réamhrá é, agus é ag cur síos ar thitim an “Third Reich” …

“The Nazis’ enemies had first been able to visualize their moment of vengeance just over two years before. On 1 February 1943, an angry Soviet colonel collared a group of emaciated German prisoners in the rubble of Stalingrad. ‘That’s how Berlin is going to look’ he yelled, pointing to the ruined buildings all around. When I read those words some six years ago, I sensed immediately what my next book had to be.”

D’fhéadfá a rá, go dtosaíonn an t-údar a scéal lena chur síos ar chúrsaí i mBerlin, um Nollaig na bliana 1944, nó faoin am sin, bhí roinnt mhaith den chathair sin scriosta ag aer-ruathair na gComhghuallaithe, na Meiriceánaigh, agus na Sasanaigh, ach go háirithe. Féach mar a chuireann an t-údar tús lena scéal, ar leathanach a haon…

“Berliners, gaunt from short rations and stress, had little to celebrate at Christmas in 1944. Much of the capital of the Reich had been reduced to rubble by bombing raids. The Berlin talent for black jokes had turned to gallows humour. The quip of that unfestive season was, ‘Be practical: give a coffin’ ”

Níor thuigeadar, ag an am, fírinne shearbh, uafásach, an mhagaidh chéanna sin. Faoin am sin, bhí fórsaí iomadúla na Sóivéide ag slógadh ar theorainneacha thoir an Reich. Bhí, adeirtear, 6.7 milliún saighdiúir slógtha ag an tSóivéid ar an bhfronta thoir, ón Aidriad go dtí an Bhailt, agus iad armtha, éidithe, réidh chun catha, agus fonn maraitheach díoltais ar chuile dhuine de na saighdiúirí céanna sin. Féach mar a chuir an Ginearál Reinhard Gehlen é, ina chuntas seisean ar na cúrsaí sin….

“Gehlen calculated that around 12 January the Red Army would launch a massive attack from the line of the River Vistula. His department estimated that the enemy had a superiority of eleven to one in infantry, seven to one in tanks and twenty to one in artillery and also in aviation.”

Nach mbeadh sé deacair arm dá leithéid a choinneáil amach ó theorainneacha an Reich? Bhí an t-arm sin do-stoptha, agus rinneadar a slí i dtreo chroí an Reich, Cathair Bherlin, gona daonra de thart ar thrí mhilliún, faoi mar a bheadh saighead dírithe ar chroí an bheithigh allta úd, ba namhaid ag na Cumannaigh. Níl dabht ar domhan ach go raibh arm na Rúise saighdte go nimhneach i gcoinne na nGearmánach. Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir. Bhuel, níl dabht ar domhan ach gur chaith na Gearmánaigh go fíor-dhona leis na Rúisigh, le linn dóibh bheith ag ionradh na tíre fairsinge sin. Ba é toradh a bhí ar sin, nó gurbh é polasaí Stalin, agus a chomhairleoirí, Gearmánaigh a scrios agus a bhascadh chomh luath is a gheobhaidís an deis chuige sin. Bhuel, bhí am an díoltais ag druidim leo, gan aon agó, luath go leor i mbliain chinniúnach sin an áir 1945.

Agus ní hé amhain go raibh an oiread sin saighdiúirí bailithe acu ar an bhfronta thoir, ach bhí na fórsaí sin faoi cheannas na nginearál ba chliste, ab’ oilte, agus ba chleachtaí, ar chogaíocht a dhéanamh sa chineál sin aeráide, ar an gcineál sin talaimh, agus i gcoinne an chineál sin airm. Bhí an sean-sionnach glic úd, an Marascal Zhukov, nó faoi mar a bhaist Rúisigh air, i ndiaidh an chogaidh, naomh Seoirse s’againne, Seoirse Konstantinovich Zhukov, naomhphátrún Mhoscú. Ansin bhí an Marascal Rokossovsky, agus an Marascal Konev, sea, agus tuilleadh fós, a raibh ainm in airde orthu, as a n-ábaltacht, agus as a gclisteacht, mar throdairí ar an bhfronta thoir, le scaitheamh maith roimhe sin. Ach bíodh go raibh an oiread sin ceannairí cliste acu, níor lig Stalin fhéin srian le duine ar bith acu, ach é i gcónaí á stiúradh, agus é ag iarraidh duine acu a shaghdú i gcoinne an duine eile, fad is a bhí sé á ngríosadh uile i dtreo Bherlin, nó theastaigh uaidh Berlin a ghabháil, toisc gurbh iad na Rúisigh a thuill an onóir sin, as a ndíograis troda i gcoinne arm Hitler, ach bhí cúis eile lena dheifir chun na cathrach sin freisin, nó is amhlaidh a theastaigh uaidh, idir eolaithe, agus fearais déantúsaíochta na tíre sin a tharlú leis go Moscú, ionas go mbeadh ar chumas na Rúise feasta, airm rúnda, agus a leithéid, a bheadh ar chomhchéim le hairm Mheiriceá, a dhéanamh feasta sa Rúis. Sea, agus b’in an fáth ar thimpeallaigh airm na Rúise an chathair sin, le deis a thabhairt dóibh sin a dhéanamh, agus b’fhéidir freisin, go bhféadfaidís teacht ar Hitler fhéin, agus é a ghabháil mar phríosúnach cogaidh. Nár bhreá an churadhmhír é sin, dá dtiocfadh leo breith air ina bheatha? Bhí aidhm eile fós ag Stalin, agus b’in sluaite Gearmánach, idir fhir is mhná, a ghabháil agus iad a thiomáint soir chun na Rúise ina sclábhaithe, le bailte agus cathracha scriosta na Rúise a atógáil. I ndáiríre, ba é a theastaigh uaidh, nó deireadh a chur le cumas cogaíochta na nGearmánach, agus fhad is a bheadh sin á dhéanamh aige, bheadh sé ag cur le neart ollmhór a impireachta fhéin. Níl dabht ar domhan, ach gur chuir sé dallamullóg cheart, chríochnaithe, ar Roosevelt agus ar Churchill freisin, ach caithfidh tú an leabhar a léamh le sin a thabhairt faoi deara i gceart.

Ní gá dhom a rá, gur éirigh le harm na Sóivéide cath a bhriseadh ar fhórsaí na nGearmanach, agus gur éirigh leo, i ndeireadh thiar, Berlin a ghabháil. B’uafásach an díoltas a d’agair siad ar mhuintir na cathrach céasta sin, agus ar Ghearmánaigh eile a tháinig faoina smacht freisin. Deineadh ár gan áireamh ar, idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh. Ba é an rud ba mhó a theastaigh ó na saighdiúirí Sóivéideacha nó Gearmánaigh a mharú, agus dheineadar sin, go dóighiúil, lena ngunnaí, lena dtancanna, agus lena mbuamaí. Bhí éigniú, agus drong-éigniú, ar siúl de ló agus d’oíche, agus an rud ba mheasa ar fad, nó nár dhein a n-oifigigh airm mórán iarrachta le stop a chur leis an gcleachtadh barbartha mídhaonna sin. Arís, fágfaidh mé fút fhéin é an scéal uafásach sin a léamh.

Chuir Hitler, agus cuid dá lucht leanúna, lámh ina mbás fhéin, agus ar ball, ghéill an Reich, agus b’éigean do thaoisigh na tíre sin an géilleadh neamahchoinníollach sin a shíniú, ar an 8ú Bealtaine, 1945. Bhí an t-ár agus an bhúistéireacht thart, nó an raibh? Cinnte, cuireadh roinnt mhaith daoine chun báis, i ndiaidh an chogaidh, toisc gur dheineadar seo, nó siúd, i rith an chogaidh. Baineadh díoltas amach. Níor dhein daoine dearmad ar ar deineadh d’éagóir orthu, le linn an chogaidh. Sea, bhain siad sásamh amach. Rinne saighdiúirí na Gearmáine chuile iarracht géilleadh do na Puncáin, nó do na Sasanaigh, ach ní raibh an oireadh sin foinn orthusan glacadh lena ngéilleadh, rud a d’fhág, nár dheineadar iarracht ró-mhór ar Phrague nó Vienna a ghabháil, roimh na Rúisigh, nó theastaigh uathusan an oiread talaimh agus ab fhéidir a ghabháil, sára ngéillfeadh na Gearmánaigh.

B’fhéidir gur chóir dom tagairt amháin eile a dhéanamh do Hitler, nó mar is eol dúinn, chuir sé lámh ina bhás fhéin, agus bhí orduithe tugtha aige, roimh ré, go ndófaí a chorp fhéin, agus corp Eva Braun, a bhean, in éineacht leis, iar bhás dóibh. Deineadh mar a d’ordaigh sé, agus cuireadh a raibh fágtha, i gcuas pléascáin. Ar ball, tháinig na Rúisigh ar na coirp sin, agus choinníodar an scéal faoi rún, ach chinntíodar i dtosach, gurbh é corp Hitler a bhí faighte acu, ach fágadh na Comhghuallaithe dall ar an scéal sin, agus fiú amháin, an Marascal Zhukov fhéin, ní bhfuair seisean amach gur fritheadh an corp go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin!

Ba bheag suim a bhí ag Stalin ina shaidhdiúirí fhéin, agus bhíodh sé sásta, de ghnáth, iad a dhíothú, ar mhaithe le cuspóir cummanach a bhaint amach…Féach ar seo…

Stalin and his marashals paid little regard to the lives of their soldiers. The casualities for the three Fronts involved in the Berlin operation were extremely high, with 78,000 killed and 274,184 wounded. Russian historians now acknowledge that these needlessly high losses were partly due to the race to get to Berlin before the Western Allies, and partly to packing so many armies into the assault on Berlin that they were bombarading each other.

Sea, a mhaisce! ba mhinic Rúisigh á marú ag a ngunnaí fhéin, nó ag “Friendly Fire” mar a thugtar ar bhotúin dá leithéid, na laethe seo. Agus ní haon ionadh é sin, nuair a chuireann tú san áireamh an méid gunnaí móra a bhí in úsáid acu, ar an bhfronta sin. Féach mar a bhí, i gcás duine de na ginearáil a bhí in arm an Mharascail Zhukov….

General Kazabov had 8,983 artillery pieces, with up to 270 guns per kilometre on the breakthrough sectors, which meant a field gun every four metres, including 152mm and 203mm howitzers, heavy mortars and regiments of katyusha rocket launchers. The ist Belorussian Front had a stockpile of over 7 million shells, of which 1,236,000 rounds were fired on the first day.

Ní gá a thuilleadh a rá faoi na cúrsaí sin. Ach cuimhnigh ar an torann, agus ar an raic uilig a tógadh, nuair a thosaigh na gunnaí móra sin ag pléascadh leo, agus cuimhnigh freisin, mar a scal na Sóivéidigh na mílte spotsholas i súile na nGearmánach, le radharc na súl a bhaint díobh ag nóiméad sin na cinniúna, le buntáiste a fháil orthu sa tslí sin, agus tá pictiúr eicínt faighte agat ar an gcineál ifrinn a bhí fan an fhronta thoir sin, lá úd an léin.

Leabhar scanraitheach, ar bhealach, leabhar a léiríonn go cruinn, soiléir, olc ifreanda na cogaíochta, sea, ach leabhar, ag an am gcéanna, a chuireann a gheasa fhéin ar dhuine, sa tslí gur deacair an leabhar a chur uait, go háirithe, má tharla gur mhair duine i dtreimhse chinniúnach sin ár staire. Léirionn an leabhar seo nach bhfuil ridireacht ar bith ag baint le cogaíocht, nó níl ann ach olc, cleasaíocht, agus búistéireacht do-áirithe, á ndéanamh ar dhaoine daonna, daoine neamhurchóideacha, den chuid is mó.

Sea, agus nár bheag an tionchar a bhí ag creideamh, nó ag moráltacht, nó ag diagacht fhéin, ar na cúrsaí sin uilig. Nach gceapfá, amannta, go raibh an saol bocht seo tréigthe ag an bhfear thuas é fhéin, le linn don ár sin uilig a bheith á dhéanamh? Ach, an méid sin uilig ráite, déarfainn gur fiú an tairbhe an trioblóid, nó tugann an leabhar seo léargus do dhuine ar laethe uafásacha, cinniúnacha, an chogaidh, léargus nach bhféadfadh duine a shamhlú fiú, dá uireasa.

An-leabhar, an-léamh, an-oscailt-súl. Tabhair faoi, má fhághann tú an deis chuige !

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

.

.

en_USEnglish