I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(This week, the Irish Column reviews

The Confession” by John Grisham)

.

Úrscéal corraitheach eile

Leabhar nua eile ó pheann líofa John Grisham, agus arís, is féidir linn a rá, gur cúrsaí dlí agus cirt atá idir chamáin aige sa scéal seo. Ní hé seo an chéad leabhar a leag an t-údar seo os ár gcomhair amach, nó cheana féin, tá breis agus scór úrscéal curtha i gcló aige. Donté Drumm, – fear a daoradh chun báis as dúnmharú chailín ghil, óig, Nicole Yarber, agus fear a bhfuil naoi mbliana caite aige, faoin am seo, i gcillín an bháis, i Stát Texas, – is príomhcharachtar sa scéal fíorspéisiúil seo. Ba ghormach é Donté, agus réalt peile den chéad scoth. Gabh na póilíní é, agus tar éis dóibh chuile bhrú níos déine ná a chéile a chur air, le linn dóibh bheith á cheistiú, shínigh sé faoistin a d’admhaigh, gurbh eisean a mharaigh an dalta ardscoile sin. D’admhaigh sé, gur éignigh sé í, gur mharaigh sé í, agus gur chaith a corp thar dhroichead isteach in abhainn. Anois, bhí sé sásta an fhaoistin sin a shíniú, toisc nach raibh páirt ar bith aigesean sa choir uafásach sin, agus tuigeadh dó, go bhfaigheadh na póilíní amach, ar ball, nárbh eisean a rinne an marú, agus ansin, go ligfí saor é, gan smál ar a charachtar. Ghlac na cúirteanna áfach, le fírinne na faoistine sin, agus daoradh Donté chun báis, agus d’aontaigh an chúirt athchomhairc leis an mbreith bháis chéanna sin.

Scéal Travis Boyette

Tráth a raibh naoi mbliana i ndáil le bheith caite ag Donté i gcillín an bháis, agus nuair a bhí chuile iarracht déanta ag dlíodóirí Donté, ar a neamhchiontacht a chruthú, tháinig coirpeach cruthanta, Travis Boyette, ar chuairt chuig an Urramach Keith Shroeder, i Kansas, agus d’inis a scéal dó. D’admhaigh sé don Urramach, gurbh eisean a mheall, a d’éignigh, agus a dhúnmharaigh an cailin óg úd, tarraingt ar dheich mbliana roimhe sin, agus b’eisean freisin, a d’adhlaic in áit rúnda i bhfad ó bhaile í, agus anois, ó tharla go raibh sé i mbéal an bháis, toisc go raibh a sceachaill intinne i mbéal a phléasctha, tuigeadh dó gur chóir dó a scéal a insint. D’éirigh leis an Urramach a chur ar a shúile dó, gur chóir dó dul go Texas lena scéal a phoibliú agus le féachaint chuige, nach gcrochfadh Stát Texas fear neamhchiontach, agus go scaoilfí saor Donté Drumm. Bhail! D’éirigh leis sa bhfionar sin, agus tar éis dó Boyette a iompar go Texas, agus go dtí oifig an dlíodóra a bhí ag déanamh chuile iarracht le Donté a chosaint, agus a shábháil ón tsnáthaid mharfach. Rinne an dlíodóir sin a dhícheall, trí athchomharc in aghaidh bhreith na cúirte, a chur i láthair na n-údarás cuí, ach, ar chúis amháin nó ar chúis eile, thug na húdaráis cheanna sin éisteacht na cluaise bodhaire dó, agus crochadh Donté, ar an lá, agus ag an am spriocáilte.

Argóint an údair in aghaidh phionós an bháis is mó a thugann muid faoi deara sa scéal seo, agus leagann Grisham fíricí na cúise sin os ár gcomhair sa chuid deiridh den úrscéal spéisiúil seo, áit a bhfeiceann muid toradh dhaille, agus dúire, na n-údarás sa chás seo.

An-léamh, an-scéal, an-stíl. B’fhiú do dhuine é a léamh.

en_USEnglish