The House of Special Purpose…………2009

By

John Boyne……………………………………£14.99

.

Scéal Corraitheach

Mar bhronntanas a fuair mé an leabhar seo, ar na mallaibh, agus déanta na fírinne, is fada an lá ó léigh mé leabhar chomh corraitheach leis. John Boyne a chuir an leabhar breá seo i dtoll a chéile. In Éirinn a rugadh is a tógadh an t-údar seo, a bhfuil sé húrsceal curtha dhe aige, cheana féin, agus an leabhar mór-ráchairte, The Boy in the Striped Pyjamas, ina measc. Tá fáil ar a úrscéalta i gcúig theanga is triocha, faoin am seo. Tá cónaí ar an údar ildánach seo i mBaile Átha Cliath. Ach le filleadh ar an leabhar corraitheach seo…..

Tosaíonn an scéal seo sa bhliain 1981, agus príomhcharachtar an scéil, agus fear inste an scéil freisin, Georgy Daniilovich Jachmenev, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. Nach ait mar a chuireann sé chun bóthair siar…

“My mother and father did not have a happy marriage. Years have passed since I last endured their company, decades, but they pass through my thoughts almost every day for a few moments, no longer than that..”

Bóithrín na Smaointe

Tá sé ina sheanfhear anois, é dhá bhliain is ceithre scór d’aois. Insíonn sé dúinn faoina thuismitheoirí, faoina óige, faoina shaol i seirbhís an Sáir, mar chaomhnóir ar Alexei, an Sárevich, agus faoi thréimhse na réabhlóide, nuair a scriosadh an tsean-ré, agus nuair a d’éalaigh Georgy ó thír a dhúchais. Níor fhill sé ar an dtír sin riamh ina dhiaidh sin. Ní hionann sin is a rá nach smaoiníonn sé orthu, corruair…

“It has been more than sixty years since I last laid eyes on any member of my blood family. It’s almost impossible to believe that I have lived to this age, eighty-two, and spent such a small proportion of my given time among them……….”

D’fhág sé na seanlaethe ina dhiaidh, agus thug aghaidh ar an saol mór amuigh. Tréimhse i bPáras na Fraince, agus an chuid eile dá laethe i Londain Shasana. Phós sé Zoya i bPáras, agus mhaireadar ar scáth a chéile ón lá sin anall. Ach, tháinig ailse ar Zoya, agus faoin am áirithe seo, tá sí do-leigheasta, agus í ag fanacht go foighdeach ar Ridire an Chorráin. Cuireann sé críoch lena thuras sin siar bóithrín na smaointe…

“Of course, I was not always this old and weak. My strength was what led me away from Kashin. (a bhaile dhuchais) It is what brought me to Zoya in the first place.”

Seolann an smaoineamh sin siar go laethe a óige é, siar go háirithe, go dtí an bhliain, 1915.

Ré na Sár

Is é cúlra stairiúil an scéil seo, nó Rúis na Sár, ón mbliain 1915 i leith. Ba é an Dara Nioclás, Sár na Rúiseanna uilig, a bhí i gcumhacht, ag an am, agus an tír ollmhór sin sáite go dtí na cluasa i gcogaíocht, thart ar an mbliain chinniúnach úd, 1915. Tharla ag an am sin, go raibh príomhcharachtar an scéil seo, Georgy Daniilovich Jachmenev sé bliana déag d’aois, agus é ag cur faoi in áit a dtugtaí Kashin air. Tharla ag an am sin díreach, go raibh colceathair an tSáir, An Diúc Nioclás Nicolaievich, ar a bhealach go dtí Palás an Gheimhridh, i St. Petersburg, príomhchathair Ríocht na Rúise, ag an am. Ar a bhealach trí Kashin, rinne cara Georgy iarracht ar an Diúc a lámhach, ach d’éirigh le Georgy an Diúc a shábháil trí theacht sa mbealach, d’aon ghnó, idir an Diúc agus an piléar, agus ba é toradh a bhí ar an ngníomh misniúil sin, nó gur crochadh a chara, agus gur tógadh Georgy fhéin go St. Petersburg, le bheith ina chosantóir pearsanta, nó ina chaomhnóir, ag an Sárevich Alexei, nach raibh ach ina ghasúr, d’aon bhliain déag, ag an am.

Níl dabht ar domhan, ach gur chuir a ghníomh cróga i Kashin, an lá úd, cor ina chinniúint, nó ón lá sin amach, níor leag sé spág leis ar thalamh Kashin go deo arís, nó níor chas éinne dá mhuintir leis, tiomanta dá dheirfiúr, Asya, a thaistil chomh fada le St. Petersburg, ag súil go mbeadh a deartháir ábalta post eicínt a fháil di san Ardchathair. Ach ní raibh. D’éirigh go maith le Georgy sa Winter Palace, agus bhí saol i bhfad níos fearr aige ann, ná mar a bhí ag a mhuintir, thiar ag an mbaile. Ní mhaireann an rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an dála céanna ag Georgy s’againne é, nó i ndeireadh na dála, chuir na Bolsheviks cos i bpoll leis an Sár agus lena chlann, taobh amuigh d’Anastasia, an iníon ab óige den ál. D’éirigh le Georgy cúnamh a thabhairt di éaló óna naimhde, agus an choigríoch a thabhairt uirthi fhéin, agus i gcás Georgy fhéin, d’éirigh leis-sean Páras na Fraince a bhaint amach, áit ar chaith sé blianta, ag obair i siopa leabhar, agus áit ar phós sé a chailín bán, Zoya.

I Londain Shasana

Ar ball, thréigeadar beirt Páras, agus thugadar Londain Shasana orthu fhéin, áit ar shocraigh siad síos, agus áit ar chaith siad an chuid eile dá saol. Fuair Georgy post mar leabharlannaí, i Leabharlann Iarsmalann na Breataine. Bhí iníon amháin orthu, ach fuair sise bás, ach d’fhág mac ina diaidh. I ndeireadh a laethe thiar, tráth a raibh na ceithre scór bailithe ag Georgy, bhuail an ailse Zoya, ach shocraigh sí ar dhul ar thuras, sár a bhfaigheadh sí bás, turas siar ar thír….

Ach, le tuilleadh eolais a fháil faoi dturas, agus faoi chúrsaí saoil na beirte sin, sea, agus faoi rún diamhair an scéil fhéin, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar a fháil agus a léamh, ach geallaimse dhuit é, nach mbeidh a chathú sin ort, nó tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair is fearr, agus is spéisiúla dár léigh mé fhéin, le fada an lá.

.

en_USEnglish