an t-eiteachas, refusal; Ag ligint orainn, pretending; Teach na Scoile, the schoolhouse; sna preaba tintrí, like lightning; bhí se fánach aige, he failed; trácht, traffic; fianaise, evidence; tranglam tráchta, traffic tangle

.

I m B é a l a n P h o b a i l

.

Timpiste a chonaic mé

Peadar Bairéad

“The Mocks”

Ó tharla go raibh na mílte gasúir ag déanamh na “Mocks”, cupla seachtain ó shoin, agus ó tharla gur iarr gasúr amháin orm fhéin, cabhrú leis píosa a scríobh faoi thimpiste a chonaic sé. Bhuel! ní fhéadainn an t-eiteachas a thabhairt dó, agus dá bharr sin, seo chugaibh anois an píosa a chuireamar beirt le chéile, ar an ócáid sin, agus muid ag ligint orainn, go raibh muid ar an bhfód, nuair a tharla an timpiste, sa chaoi go mbeadh sé mar chabhair ag éinne eile a theastódh a leithéid uaidh, nó uaithi, amach anseo………….

.

Timpiste a chonaic mé

.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo na ndeor ar an dtimpiste a chonaic mé, agus mé ar mo bhealach abhaile ón scoil, tráthnóna inné. Thíos ag cúinne an bhóthair, cóngarach do Theach na Scoile a bhí mé, nuair a tharla sé. Chonaic mé fhéin gluaisteán mór dubh ag gluaiseacht sna preaba tintrí amach Bóthar an Phiarsaigh, ach má chonaic, ní fhaca an ghirseach seo nó a comrádaí é, nó bhí an péire acu ag siúl leo go socair sásta trasna an bhóthair, díreach ag an am gcéanna sin.

Too Late

Nuair a bhí sé ró-dhéanach, chonaic tiománaí an Jaguar mór dubh iad. Luigh sé ar na coscáin, ach bhí sé fánach aige, nó bhí sé ró-chóngarach do na girseacha ag an am. Phléasc scréach na hadhairce, agus sianaíl chaointeach na gcoscán ciúnas na maidine agus d’éirigh scamall toite ó ruibéar dóite na mbonn. Chuala mé fhéin scread scannraithe, chluas-phléascach, na gcailíní, agus ag an nóiméad céanna beagnach, chonaic mé an péire acu á gcaitheamh in airde san aer, faoi mar ba bhréagáin éadaigh iad.

Everything stopped still

Stop an gluaisteán, i ndeireadh na preibe. Bhailigh slua daoine timpeall. Stopadh an trácht. Cuireadh fios ar na gardaí agus ar an otharchárr, agus ba ghearr go raibh carr na ngardaí ar an bhfód, agus ní raibh moill ar bith orthusan dul i mbun a gcuid oibre. Triúr acu a bhí ann. Chuaigh duine acu le haire a thabhairt don bheirt a gortaíodh, agus thosaigh an bheirt eile ag tógáil toisí ansin ar an mbóthar, agus ag fáil fianaise ón lucht féachana.

Ag an bpointe sin, chualamar sianaíl ghéar, léanmhar, an otharchairr, ag teacht in ár dtreo le luas lasrach. Stop siad san áit a raibh an garda i mbun na ndaoine gortaithe. Beirt acu a bhí ann, agus geallaimse dhuit é, nár chuir siad aon am amú, ach iad ag brostú leo ina dtreo, ar a míle dhícheall. Scrúdaigh siad an bheirt a bhí sínte, lag, ar thaobh an bhóthair, thug siad instealladh an duine dóibh, lena bpian a mhaolú, agus ba ghearr go raibh an bheirt chéanna sin ar bord an othair cháirr agus iad ar a mbealach go dtí Ospidéal an Chontae, sna preaba, sea, agus garda ar ghluaisrothar os a gcomhair amach, ag déanamh slí dóibh trí thranglam trachta an tráthnóna.

Rumours spread

Cuireadh an Jaguar mór dubh isteach ar thaobh an bhóthair, agus nuair a bhí chuile shórt, ag ionad na tionóisce, socruithe ag na gardaí, thógadar tiománaí an ghluaisteáin duibh leo, i gcarr na ngardaí. Bhí ráfla ag dul sa timpeall, go raibh tiománaí an chairr dhuibh dallta le hól, agus imithe as a mheabhair le drugaí, ag an am gcéanna bhi ráfla eile adúirt nár leis an Jaguar in aon chor, ach gurbh amhlaidh a ghoid sé é i gcarrchlos lárchathrach, agus má bhí aon fhírinne sna ráflaí sin, chuile sheans nach mbeidh seisean ag tiomáint aon chairr go ceann tamaill mhaith arís, nó seans go gcaithfidh sé cupla bliain ag déanamh málaí poist don Stát, agus é faoi ghlas istigh i bpríosún eicínt.

Nobody died

Chuala mé, an tráthnóna sin, go dtiocfadh na girseacha as, agus cé go raibh cosa duine acu briste, agus cé go raibh easnacha an chailín eile brúite, basctha, briste, tuigeadh ag an am gcéanna, nach mbeadh clóic orthu, amach anseo, cé go mbeidh orthu, gan dabht ar domhan, tamall maith a chaitheamh sínte ar fhleasc a ndroma in Ospidéal an Chontae.

Mo chuidse de, tá súil agam, nach bhfeicfidh mé tionóise dá leithéid arís go leagfar na hordóga orm, agus tá súil agam, nach amárach, nó amanathar, a tharlóidh a leithéid! Nó déanata na fírinne, níl mé tagtha chugam fhéin fós, agus déarfainn go dtógfaidh sé scathamh maith eile le cuimhne na tionóisce sin a dhearmad, ach ag an am gcéanna, tuigtear dom nach bhfuil le déanamh agamsa ach ceirín na díchuimhne a chur leis, agus treabhadh liom trí choraí crua an tsaoil anróitigh seo, mar nach bhfuil an scéal i bhfad Éireann níos measa ag tiománaí an ghluaisteáin duibh, agus ag an mbeirt úd a gortaíodh chomh dona sin sa timpiste úd? Ní dócha go ndéanfaidh duine ar bith acusan dearmad ar an lá cinniúnach sin go brách na breithe. Ba é adúirt an seanfhear a bhí ina sheasamh im’ aicese, ag láthair na tionóisee, nó,

“Buíochas mór le Dia nach bhfuair éinne bás ar an ócáid, mar níl luibh nó leigheas in aghaidh an bháis.”

.

.

en_USEnglish