“A Good American”
.
(This week we take a look at..………………………….………….
‘A Good American’…..by…..Alex George…..€17.35)
.
Meiriceánach Maith
Rugadh Alex George i Sasana, agus tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh mar dhlíodóir, thug sé na Stáit Aontaithe air fhéin, sa bhliain 2003, áit a bhfuil Comhlacht Dlí dá chuid fhéin aige anois i gColumbia, Missouri. Scéal faoi dheoraíocht agus faoi dheoraithe atá le hinsint ag an údar san úrscéal corraitheach, uilíoch, seo. Ní deoraithe ón tír seo ‘gainne atá i gceist sa scéal seo, ach deoraithe ón nGearmáin, ach i ndáiríre, is scéal é faoi dheoraithe ó thír ar bith, a shocraíonn ar dhul i bhfad ó bhaile, le saol sona, sásta, a chur ar fáil dóibh fhéin is dá sliocht. Féach mar a chuireann an t-údar seo tús lena scéal…..
“Always, there was music.
It was music – Puccini, to be precise – that first drew my grandparents into each other’s orbit, more than a hundred years ago.”
I Hanover na Gearmáine a tharla. Henriette Furst ab ainm don tseanmháthair sin, ach Jette a thugtaí uirthi de ghnáth. Bhí sí ard, téagartha, agus í ag siúl lei go rábach trí Gharraí na Cathrach, nuair a chuala sí guth breá firinn as taobh thiar de thor deas dealfa. Chuir sí suim sa ghuth agus, ar ball, sa té ar leis an guth taitneamhach sin.
“The voice that had halted Jette’s afternoon walk belonged to my grandfather, Frederick Meisenheimer. In fact, her intuition had been exactly right: he was singing just for her.
Thit an bheirt i ngrá, ach bhí ceataí sa scéal áfach, nó ní raibh máthair Frederick sásta le rogha a mic, agus ar ball, agus dá bharr sin, thug an lánúin óg Meiriceá orthu fhéin agus gan focal Béarla ag ceachtar acu! Ar Nua Eabhrac a thugadar aghaidh ar dtús, ach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, nó trí dheargthimpiste fiú, ba i mbaile Beatrice, i Missouri, a chríochnaigh siad. Bhí Jette ag iompar, agus rugadh mac dóibh sa mbaile sin. Ó tharla go raibh an gasúr cineál lag, mhol an dochtúir dóibh gan bogadh as Beatrice, go fóill beag, nó bhí baol ann, go gcaillfí an páiste, dá ndéanfaidís.
An “Knick-Nack”
Bhí go maith, agus ba é deireadh an scéil é nó gur thug an dochtúir céanna sin post do Frederick mar bhainisteoir ar a Theach Ósta, an “Nick- Nack”, ó tharla go mba leis-sean an Knick-Nack céanna sin. Sin mar a tharla gur shocraigh Frederick agus a bhean síos i mbaile Beatrice, i Missouri. Bhí an dochtúir sásta freisin, teach dá chuid a ligean ar chíos leo. Chuir Frederick, a bhean, agus a gclann fúthu sa mbaile sin Beatrice feasta. D’oibrigh Frederick fhéin go dian dícheallach ina phost nua, agus d’éirigh leis slí bheatha sásúil a bhaint amach doibh ansin. Ar ball, áfach, agus an chéad chogadh mór faoi lán-tseol, liostáil Frederick in Arm Mheiriceá, agus tar éis dó traenáil a dhéanamh don ghnó sin, bhain sé fhéin is a chomplacht an Eoraip amach, nó theastaigh uaidh an chomhairle úd a tugadh dó, tamall roimhe sin…bheith ina “Good American”…a leanúint.
Bás Saighdiúrtha
Bhuel, agus an cogadh beagnach críochnaithe, maraíodh Frederick bocht le piléar naoscaire. Ba dhian a chuaigh an chaill sin i bhfeidhm ar mhuintir Mheisinheimer.
D’fhan an chlann áfach, i mBeatrice, Missouri, agus trí chuile dhícheall a dhéanamh, d’éirigh leo teacht i dtír ina mbaile nua. D’fhás agus d’fhorbair an chlann, agus clann a gclainne, agus gan dabht ar domhan, ba mhaith an rogha a dhein Frederick agus Jette, nuair a shocraigh siad ar chur fúthu sa mbaile sin Beatrice, Missouri. Má theastaíonn uait stair agus eachtraí na nGearmáineach Meiriceánach sin a leanúint, agus a thuiscint, mholfainnse dhuit an leabhar iontach seo a fháil agus a léamh….An-leabhar….an-scéal….an-chur-chuige.
.
.
.
.