Níor loic siad, they didn’t fail; athlua, quote; caint gháirsiúil, bawdy talk; eiseamláir; model; scagadh, refine; sraith, series; macalla, echo; Lá Philib a’ Chleite, Tibb’s Eve; bolscaireacht, propaganda; tuairteáil, crash.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

Áilleacht an tSaoil seo 2A

Peadar Bairead

Ní raibh aiféala ar bith air gur chuir sé cath ar an Impireacht, i ndáiríre bhí áthas air gur dhein, Ní raibh an cluiche caillte fós, ach dár leis, dá ndiúltóidís cath a chur, ansin bheadh an cluiche caillte acu. Ionann troid agus bua, sa chás áirithe seo, dár leis, nó níor loic siad ar na glúnta a d’imigh rompu. “Má bhriseann sibh orainn anois, éireoimid arís leis an gcath a athchur.”

Rinne mé athlua ar fhocail an Phiarsaigh, sa ghála deiridh, lena dháiríreacht iomlán dá chúis a léiriú, agus níl dabht ar bith agam, ach gur dhein sé mar adúirt sé, agus ansin, gur chuir sé roimhe, é fhéin a chur in oiriúint don ród aonarach a bhí le taisteal aige.

The O’Donovan Rossa Oration

Féach mar a dúirt sé ag uaigh Uí Dhonabháin Rosa, agus an óráid cháiliúil sin á thabhairt aige..

Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy.

Sea, chuir an Piarsach roimhe, mar aidhm, bheith ullamh dá ghairm, mar a chonachtas dósan é. Breathnaigh ar an taifead, mar adéarfá. Níor ól sé. Níor chaith sé tobac. Choinnigh sé smacht daingean ar a chuid cainte, agus níor nós leis caint gháirsiúil, nó tada dá leithéid, a chleachtadh riamh, agus i gcás na mban, b’eiseamláir é ar uaisleacht, ar dhílseacht, agus ar dháiríreacht, ina iompar, ina chuid cainte, agus ina dhearcadh.

He Walked with Death

Shiúl an bás cois ar chois leis, fan chasán a bheatha, rud a thug sollúntacht neamhghnách dá laethe, agus a scal trí chuile shórt dár dhein sé. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh leis a smaointe ar réabhlóideachas a scagadh, agus a athscagadh, chun iad a chur in oiriúint d’eitic na Críostaíochta, faoi mar a chonacthas dósan é.

The Complete Revolutionary

Theastaigh uaidh chuile ghné den saol a thabhairt faoi anáil an réabhlóideachais chéanna sin, agus chuige sin, chuir sé roimhe, a smaointe a chur i mbéal an phobail, trí dhrámaí, trí dhánta, agus trí scéalta a scríobh, agus chomh maith le sin, theastaigh uaidh dul i gcionn ar ár gcóras oideachais, trí scoil dá chuid fhéin a bhunú. Sea, agus ar deireadh thiar, chuaigh sé le saighdiúireacht, nó is dócha gur tuigeadh dó go mbeadh gá leis an scil sin, dá dteipfeadh ar chuile shórt eile. D’fhág sé ina dhiaidh, mar oidhreacht, scríbhinní a spreagfadh na glúnta a thiocfadh ina dhiaidh, sa chaoi, dá dteipfeadh air fhéin ina chúis, go dtiocfadh glún eile ina dhiaidh, leis an ngnó sin a chur i gcrích.

Thoughts Reviewed

B’fhéidir gur leor sin, do thuras na huaire seo, agus b’fhéidir nár dhochar ar bith é, breathnú siar ar a raibh le rá agam, sa dara gála, den tsraith seo. Caithfear scríbhinní, agus caint, an Phiarsaigh, a thuiscint, mar mhacalla ar smaointe agus ar dhearcadh roinnt mhaith de cheannairí Éirí Amach, a Sé Déag. Thuig sé, agus thuig na daoine thart air, nach dtiocfadh athrú ar bith ar an leagan amach sin, go La Pilib a’ Chleite, ach bhí breall orthu, nó diaidh ar ndiaidh, chreim luchóga na mblianta, agus leamhain an réadachais, na putóga as teoiric an réabhlóideachais, mar a tuigeadh dóibhsean é, sa chaoi, nach bhfuil an oiread sin daoine suas anois, a chreideann, gurbh fhiú an braon fola é. Tuige ar tharla a leithéid, a d’fhiafródh duine b’fhéidir?

Bhuel, níl dabht ar domhan ach gur éirigh leis an teilifís, agus leis an raidió, sciar maith den románsachas a bhaint as cúrsaí cogaíochta. Bhí toradh na mbuillí, agus rian na bpiléar, le feiceáil go soiléir ag daoine ar scáileán a dteilifíseán, ina dtithe fhéin istigh.

Táid ann freisin, adéarfadh, gur éirigh leis an mBreatain, trí bholscaireacht, dearcadh na nÉireannach, ar chúrsaí dá leithéid, a athrú. Ar aon nós, caithfear glacadh leis, gur tháinig athrú ar dhearcadh na cosmhuintire, san idirlinn, agus dá bhri sin, níl an oiread sin daoine sa timpeall, a thiocfadh le fealsúnacht an Éirí Amach, sa lá atá inniu ann, agus don lá atá inniu ann. Ní haon ionadh mar sin, go mothaímid, cineál neirbhíseach, fiú, agus smaointe an Phiarsaigh á láimhseáil againn. Eagla orainn, faoi mar a bhí ar an Yeatsach mór fhéin, b’féidir, nuair a labhair sé faoin bhfaitíos a bhí air …..

……That some words of his sent out young men the British shot……

A Good Man

Bíodh sin uilig mar atá áfach, caithfear a admháil nár dhrochdhuine é an Piarsach, ach go mba dhea-dhuine é, a thuig ina chroí istigh, go raibh leas a mhuintire á dhéanamh aige, agus go raibh sé réidh le báire na fola a imirt, thar a gceann.

Ar an dtaobh eile den scéal ansin, caithfimid cur san áireamh, an meas atá ag tíortha, cosúil leis na Stáit Aontaithe, agus an Fhrainc, ar na laochra a throid ar mhaithe le saoirse a bhuachan dóibhsean.

Mar bhuille scoir, sa phíosa seo, is dócha nár chóir dearmad a dhéanamh ar naoi a haondhéag, ar “nine eleven”, mar a thugann na Puncáin air, nó d’éirigh le himeachtaí an lae cinniúnaigh úd, cúrsaí an tsaoil mhóir a athrú, go bunúsach, chomh fada is a bhain sé le ceannairc agus le héirí amach. Sa lá atá inniu ann, tá sé an-deacair an difir idir sceimhlitheoirí agus saighdiúirí na saoirse, a thabhairt faoi deara. Nach féidir linn uilig an t-athrú a tharla i gcás Eirí Amach na bPailistíneach a thabhairt faoi deara. Roimh naoi a haondhéag, ba throdairí ar son na saoirse iad, dár le roinnt mhaith daoine, ach i ndiaidh an lae chinniúnaigh úd, tuigeadh do roinnt mhaith daoine eile go mba sceimhlitheoirí ba ea iad, agus is dócha, gur éirigh le daoine áirithe iad a chur san aon abairt leis na daoine úd a rinne na heitleáin a thuairteáil isteach i dTrádthúir an Domhain, i gcathair ollmhór Nua Eabhrac.

Tá muidinne inár gcónaí i ré athraithe ó bhun go barr, agus sin cúis eile, gur chóir dúinn breathnú siar, agus breith chóir a thabhairt ar na laochra a d’imigh romhainn, ach sa mbreith sin, caithfear an bhreith a bhunú ar na rialacha, ar na dlithe, agus ar an dearcadh, a bhí i bhfeidhm, ina lá siúd.

   .

.

en_USEnglish