óráidí, orator; a shnasú, to polish; buaic, high point; adhmholadh, panegyric; iontaofacht, reliability; inchreidteacht, credibility; feannta go dtí an cnámh, stripped to the bone; athlua, quote; comhleacaí, colleague; béal bán, flattery.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo

Peadar Bairéad

Pearse the Orator

Mór idir inné agus inniu. Bhí tráth ann, agus ní fhágfadh duine ar bith ceann dár scoileanna, gan tagairt eicínt a chlos faoi Óráid an Phiarsaigh ag Uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, ach sa lá atá inniu ann, ní déarfainn gur mar sin atá, nó tá an iomarca airde againn, le tamall de bhlianta anuas, ar neodracht i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí sóisialta, agus i gcúrsaí creidimh freisin, rud a fhágann, nach mbíonn fonn ar mhúinteoirí, ach go háirithe, tagairt a dhéanamh do phaisiún, nó do mhothúcháin, na laochra úd. Ach ní chuige sin atá mé inniu. Is é atá á mheas agam inniu, nó cumas an Phiarsaigh mar óráidí. Agus san alt seo, déanfaidh mé mo dhícheall ar aistriúchán cruinn a dhéanamh, ar ar dhúirt mé i mBéarla, ag Daonscoil Osraí, anseo i gCill Chainnigh, sa bhliain 1979, cúig bliana is fiche díreach ó shoin anois.

Beginnings.

Nach minic a dhéantar dearmad ar chumas an Phiarsaigh mar óráidí, faoi mar nár den tábhacht é, a scil san ealaín sin a scrúdú agus a mheas. Caithfear a chur san áireamh, go mbíonn ar an óráidí céanna sin, a óráid a scríobh, agus a athscríobh, a snasú, a bearradh, agus a cur in oiriúint do chluas a lucht éistreachta. Chuir an Piarsach tús lena scil san ealaín seo le linn a óige, nó ba iad a chlann fhéin a chéad lucht éisteachta. Ba dhia beag ag a dheartháir Willie é, agus bhí meas an domhain ag a dheirfiúr óg, Mary Bridget, air, agus bíodh gur choinnigh a dheirfiúr eile, Margaret, faoi smacht é, ag an am gcéanna, mhisnigh sí, agus ghríosaigh sí é.

Má bhreathnaíonn tú ar a dhrámaí, tabharfaidh tú faoi deara, gur mhinic úsáid á bhaint aige as óráid, ag buaic a scéil, faoi mar a bheadh sé ag iarraidh a scil san óráidíocht a shnasú, agus a chur i láthair a phobail. Tá samplaí dá leithéid le fail in “An Rí” agus arís in “The Singer”. Agus fiú i ndánta cosúil le “The Fool” feicimid go bhfuil an claonadh chun óráidíochta, le tabhairt faoi deara ann.

Come the Occasion……..

Ach gan aon dabht, is í an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, buaic a cheirde mar óráidí Le sin a mheas, caithfidh tú an óráid sin a léamh athuair. Tharla an tsochraid sin Lá Lúnasa na bliana 1915. Tugann muid faoi deara, ar dtús, go mbaineann sé úsáid as roinnt áirithe Gaeilge, le tús a chur lena adhmholadh. Feiceann muid go bhfuil 905 focal san óráid ar fad, agus gur thart ar 165 focal díobh sin atá i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil 740 focal de i mBéarla aige. Anois, bíodh nach ró-fhada an óráid í, ag an am gcéanna ní foláir nó chaith sé an-chuid ama ag scríobh, ag snasú, ag athscríobh, agus ag cleachtadh na hóráide céanna sin. Tuigtear nár chaith sé an oireadh sin ama ag gabháil don Ghaeilge, ach ag an am gcéanna, tá boladh agus blas an dúchais le fáil, go tréan, ar na focail chéanna sin. Tá thart ar 39 bhfocal i nGaeilge, san óráid, a bhfuil iontaofacht an dúchais le fáil iontu, focail atá ar chomhchéim leis an ócáid sollúnta inar úsáideadh iad.

Traditional Touch .

Breathnaigh mar a d’iompaigh an Piarsach ar an nDonnabhánach, agus mar a labhair sé go díreach leis an té sin, a raibh an chré a roinnt leis, ar an ócáid speisialta sin……..

Ba chalma an fear thú a Dhiarmaid…….

Féach mar a úsáideann sé a ainm baiste. Baineann an nós sin go dlúth le nós an Chaointe fhéin, agus b’in mar a labhradh na mná caointe, fadó, le linn dóibh a gcaoineadh a chanadh. Tá inchreidteacht an dúchais le fáil sa nós sin.

Ach baineann a bhuanna fhéin leis an gcuid den óráid a bhí i mBéarla. Ní de thimpiste a tháinig sé ar na focail sa chuid sin dá shaothar. Tá sé snasta, gearrtha siar, bearrtha, feannta go dti an cnámh, beoga, lán fuinnimh, agus é chomh teann le sprionga.

All in one sentence !

Má dhéanaim athlua ar chupla abairt as, tuigfidh tú céard é go díreah atá i gceist agam….

“It has seemed right, before we turn way from this place in which we have laid mortal remains of O’Donovan Rossa, that one among us should in the name of all speak the praise of that valient man and endeavour to formulate the thought and the hope that are in us as we stand around his grave, and if there is anything that makes it fitting that I rather than some other, I rather than one of the gray haired men who were young with him and shared in his labour and in his suffering, should speak here, it is perhaps that I may be taken as speaking on behalf of a new generation, that has been re-baptised in the Fenian faith and has accepted the responsibility of carrying out the Fenian programme.”

Abairt réasúnta fada atá ansin againn! Ach abairt a shileann go héasca ón dteanga, agus a shásaíonn ár ndúil i rithim agus i gceol, abairt ina bhfuil 135 focal, ach abairt atá bearrtha, slíoctha, snasta, ó thús deireadh. B’fhéidir gur chomhoibrigh a chomhleacaí, Tomás Mac Donnchú leis, sa bhfiontar sin, nó ba sciliúil, ildánach, an fear céanna sin i mbun gnó dá leithéid.

A new Philosophy .

Sul má fhágaim an t-adhmholadh sin, os cionn uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’abairt eile, abairt a léirionn fealsúnacht pholaitíochta agus chreidimh an Phiarsaigh. Breathnaigh air….

“Splendid and noble causes, are served by men who are themselves splendid and holy.”

Feictear macalla na fealsúnachta chéanna sin i ndráma úd an Phiarsaigh, “An Rí.” Agus freisin, d’fhéadfá a rá, in “The Singer” Ordaitheach réabhlóideach agus reiligiúnda, i bhforbairt fhealsúnacht réabhlóideach an Phiarsaigh, is ea an prionsabal sin. Breathnaigh arís ar an gcaoi a nascann sé a dhearcadh fhéin le dearcadh Uí Dhonnabháin….

“I hold it a Christian thing, as O Donovan Rossa held it, to hate evil, to hate untruth, to hate oppression, and, hating them to strive to overthrow them”

Chance or Destiny ?

Ba mháistriúil an t-adhmholadh é, snasta, gonta, éifeachtach, agus ón nóiméad sin amach, glacadh leis, gurbh é an Piarsach príomhóráidí an traidisiúin phoblachtánaigh. Thug an t-adhmholadh céanna sin ardú céime dó, i measc an dreama úd, ar mhór acu oidhreacht agus neamhspleáchas an náisiúin Ghaelaigh. Ba mhór é meas an Ghaeil, chuile lá riamh, ar an óráidí, ar an bhfile, ar an shaoi, agus ar an ndraoi focal.

Chuala go ndeachaigh an Piarsach i gcomhairle leis an IRB, sula ndeachaigh sé i mbun oibre ar an adhmholadh cáiliúil céanna sin, agus d’fhiafraigh sé díobh, cé chomh fada ar chóir dó a dhul, ina óráid ag an uaigh? Ba é freagra a fuair sé uathusan nó go raibh lánchead aige dul chomh fada is ba mhian leis a dhul. Sea, b’in deireadh leis an mbéal bán, agus leis an bplamás, nó bheadh an chloch sa mhainchille acu feasta.

.

en_USEnglish