Á i l l e a c h t a n t S a o i l s e o . 5 .

********************************

The Short Story .

.

An Gearrscéal .

Nuair a smaoiním anois ar an bPiarsach, tagann chugam isteach ar thonn na cuimhne, an lá úd fadó, nuair a d’inis an Máistir, i Scoil na Cille Móire Iorrais, sceal an Phiarsaigh dúinn. Tagann chugam freisin, an grianghraf úd, a léirigh cló leicinn an Phiarsaigh, pictiúr, dár linne, a léirigh séimhe, macántacht, agus fearúlacht. Sea, agus cuimhním freisin, ar na huaigheanna néata, rangaithe, úd, i gCnoc an Arbhair, gona chrainn arda lásacha, gona leacht ard, snoite, clochach.

That terrible beauty.

Ach thar aon rud eile, tagann véarsaí an Yeatsaigh chugam, agus é ag smaoineamh ar an bPiarsach chéanna sin.

“This man kept a school

And rode our winged horse..”

Agus arís…

I write it out in a verse

McDonagh and McBride

And Connolly and Pearse

Now and in time to be

Wherever the Green is worn

Are changed, changed utterly

A terrible beauty is born”

Pearse the Short Story Writer.

Ach ní chuige sin atá mé, an iarraidh seo, nó is é atá ag déanamh tinnis dom, sa phiosa seo, nó Gearrscéalta an Phiarsaigh, mar bíodh go raibh scileanna aige i mbun filíochta agus i mbun drámaíochta, agus fiú i mbun óráidíochta, is é mo thuairim fhéin, nó gur mar ghearrscéalaí ba mhó a bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin. Chuaigh sé i mbun pinn agus é an-óg, agus lean den nós sin thar na blianta. Sa bhliain 1902, agus e trí bliana is fiche, thosaigh sé ag scríobh altanna agus cuntais chuig an Claidheamh Solais. Cur síos ar a imeachtaí agus ar a eachtraí i gConamara, ba mhó a bhíodh idir chamáin aige sna píosaí sin. Ba chara leis an eagarthóir, Eoin Ó Neachtain é, agus d’fhoilsíodh seisean chuile shórt uaidh. Ag cur síos ar aiste acu sin, “Lá Fá’n Tuaith” dúirt Ruth Dudley Edwards ina Beathaisnéis scolártha (scholarly biography) faoin bPiarsach…..

“It smacked more of the schoolboy essay than of the serious literary effort of an adult. But as with oratory, so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”

Leading the way .

“Fair enough”, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach ag an am gcéanna, chaithfeadh duine smaoineamh, nach raibh an oiread sin eiseamláirí (models), ag an bPiarsach, le bheith ag déanamh aithrise (to copy) orthu, an t-am sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, go raibh sé ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré inar mhair sé. Rinne sé a dhícheall ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh, le gearrscéalta nua-aoiseacha (modern short stories) a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach tabhairt faoin ngnó é fhéin. Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, bíodh nár chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite (pen-name).

XYZ liked it !

Thaitin an sceal le Sgeilg (Seán Ó Ceallaigh) agus rinne sé leirmheastóireacht (review) air, san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é..

“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”

Rinne an “Claidheamh Solais” (the Gaelic League newspaper) an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon eolas aige ar an údar óg, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar (influence) a bhí ag an Nuachtán sin ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.

Fr. Dinneen not fooled !

Nior buaileadh aon bhob (he was not taken in) áfach, ar an Athair Dinneen, an foclóirí the dictionary man). Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear (he pooh-poohed it) de léirmheas XYZ,

“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”

“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”

Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saghad sin go dtí an beo (to the quick) sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus a chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air. Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as Poll an Phíobaire! Fair Play don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneoir, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, se sin, BA agus BL, nuair a thugadh se, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dúinn!

Ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, críoch a chur le gála na seachtaine seo, ag an bpointe seo, ach beidh mé chugaibh arís le tuilleadh, an tseachtain seo chugainn.

.

*************

Peadar Bairéad.

*************

.

.

.

.

.

.

.

.

Á i l l e a c h t a n tS a o i l s e o . 6 .

.

********************************

Pearse not discouraged.

Níor chuir sin uilig aon lagmhisneach ar an bPiarsach áfach, nó i 1905 – ’06, chuir sé an leabhar sin, “Iosagán agus Scéalta eile” ar fáil dá lucht léite. Ceithre scéal a bhí sa leabhrán céanna sin……Iosagán, Eoinín na nÉan, Bairbre, agus An Sagart. Cuireadh an leabhar sin ar an gClár don Intermediate Certificate, rud a thug ardán agus poiblíocht don údar óg. Anois, bíodh go raibh scil agus cruthaíocht ag baint lena chéad scéal, “Poll an Phíobaire”, ní raibh ann ach an tús, nó níl dabht ar domhan, ach go bhfuil feabhas an-mhór tagtha ar a theicníocht, agus ar a chumas, sna scéalta in “Iosagán agus Scéalta eile”. Tóg an chéad scéal sa bhailiúchán sin, Iosagán, fhéin, agus feicfidh tú saothar dea-chumtha, dea-dheartha, snasta, agus bunaithe ar thraidisiún agus ar oidhreacht na Gaeltachta thiar, ag an am. Níl leadrán, nó tada dá leithéid ag baint leis, ach é ag scuabadh leis, trí eachtraí agus imeachtaí an scéil, gan mhoill, gan stadaíl, gan dul amú. Tá na carachtair inchreidte, beoga, agus cumasach, agus dúchasach, agus cosúil le cuid mhaith de scéalta an Phiarsaigh, baineann na scéalta leis an saol morólta, agus leis an saol spioradálta. Go bunúsach, se atá sa scéal seo, nó seanfhear, Sean-Mhaitias, nár chleacht creideamh nó séipéal le tuilleadh is tri scor bliain, ach seanfhear a bhí lách, cineálta, go háirithe leis na daoine óga. Ní raibh duine na deoraí ina chónaí in éineacht leis, ach é ina chadhain aonraic i measc daoine. Conas a chaillfí a leithéid de dhuine? Nó conas a shábháilfí é? Ach i ndeireadh na dála, agus an bás ag bagairt air, chuir “Iosagán” an sagart chuige, ar ghlaoch ola, le deis a thabhairt don tseanfhear a anam a dhéanamh, agus é fhéin a ullmhú don turas a bhí roimhe amach. Ba chóir a lua anseo, gurbh iomaí dhuine a chuir aithne, a chéaduair, ar nua-litríocht na Gaeilge, tríd an scéal seo, Iosagán, a léamh. Minic freisin, a chuirtí sleachta den scéal seo de ghlan mheabhair, sleachta ar nós..

“Bhí na daoine ar fad bailithe leo chuig an Aifreann. Chonaic sean-Mhaiatias ag gabháil thairis iad, ina nduine ‘s ina nduine nó ina mion-dreamanna. Bhí na gearr-bhodaigh ag rith ‘s ag léimneach. Bhí na cailíní ag sioscadh cainte go meidhreach. Bhí na mná ag comhrá os íseal. Bhí na fir ina dtost. Mar sin a thriallaidís an bóthar gach Domhnach. Mar sin a shuíodh sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathnú orthu nó go dtéidís as amharc.”

Nach deas meáite, ceolmhar, rithimeach, an píosa scríbhneoireachta é sin. Tá le feiceáil againn, go bhfuil bearradh déanta aige ar an bpíosa próis sin, nó bheadh sé deacair focal amháin eile a fhágáil ar lár, gan an píosa ar fad a mhilleadh.

Breathnaigh ar an bpíosa seo, freisin.

“Is iomaí sin fuaim cheolmhar a bhí le cloisteáil, an té a mbeadh aird aige orthu. Chuala sean-Mhaitias olagán na dtonn ar na carraigreacha agus monabhar an tsruithleáin ag sileadh leis an gclochar. Chuala sé scréach na coirre éisc ón duirling, géimneach na mbó ó’n mbuaile, agus geal-gháire na bpáistí ó’n bhfaiche. Ach ní le ceachtar acu seo a bhí sé ag éisteacht chomh haireach sin – cé go mba bhinn leis iad go léir – ach le glór glé glinn cloig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciúineadas na maidne.”

Píosa dea-scríofa, taitneamhach, ceolmhar, ó pheann an ghearrscéalaí ildánaigh seo, arís againn anseo. Breathnaigh an ceol a bhaineann sé as……..

glór glé glinn cloig an Aifrinn a bhí ag teacht chuige le gaoith i gciuineadas na maidne.

Cuir ceol le sin agus d’fhéadfá é a chanadh!

Is beag nach bhféadfá glór an chlog á bhualadh a chloisteáil agus tú ag éisteacht leis na focail sin. Don chluas a cumadh a leithéid d’abairt, agus ní don tsúil, agus sa mhéid sin arís, is dócha gur ar sheanchaithe Chonamara a bhí an Piarsach ag smaoineamh agus na focail sin á ngaibhniú aige.

Mar chríoch leis an bpíosa seo faoi’n scéal sin, Iosagán, breathnaigh mar a chruthaíonn an Piarsach atmosféar difriúil, agus é ag teacht go deireadh a scéil…

Tháinig an oíche fliuch stoirmiúil. Cluineadh na tonntracha móra ag briseach le fuamán i n-aghaidh an chladaigh. Bhí na crainn thart timpeall ar theach an phobail ag luascadh is ag lúbadh le neart na gaoithe (Tá an séipéal ar ardán atá ag titim le fána síos go farraige.) Bhí an tAthair Seán ar tí a leabhar a dhúnadh agus a phaidrín a rá nuair a chuala sé torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais.”

Sin an chaoi a ullmhaíonn an t-údar an léitheoir le hidirghabháil ón saol eile. Is dócha go raibh an scéal, agus atmosféar an scéil seo, níos cóngaraí do dhearcadh na ndaoine i dtús na haoise seo caite, ná mar a bheadh siad do spiorad na haoise seo ‘gainne. Ach caithfidh mé a admháil, go mbainimse fhéin an-taitneamh as an sceilín sin, fiú sa lá atá inniu fhéin ann.

Nach deas an scéal é “An Sagart” freisin? go háirithe do dhaoine óga, sílim go mbaineadh siad an-spraoi agus an-spórt as, sna seanlaethe, ach arís, is dócha go bhfuil óige an lae inniu ró-shofaisticiúil, le spraoi ar bith a bhaint as scéal chomh simplí leis!

Ní gá a rá, gurb an-scéal é “Eoinín na nÉan, scéal a bhainfeadh óg agus aosta taitneamh as. Gasúr ann fhéin is ea Eoinín, gasúr a bhfuil an eitinn ag gabháil dó, b’fhéidir, agus gasúr a shíleann go mbíonn na fáinleoga ag caint leis. Sílim gur chreid a mháthair sin, ach nuair a d’inis sise a scéal don Sagart, tuigeadh dósan, nach raibh i gceist ach rámhaillí an tinnis, agus chuir sé roinnt ceisteanna ar an ngasúr, ach má chuir fhéin, léirigh Eoinín ina fhreagraí go raibh eolas agus tuiscint ar scéal na bhfáinleog aige, nach bhféadfadh sé a fháil ar bhealach ar bith eile ach ó na fáinleoga! Tuigeadh dó freisin, go raibh Eoinín bocht i mbéal an bháis, rud nár tuigeadh don mháthair bhocht. Ar deireadh, tháinig an tráth úd den bhliain, nuair ba chóir do na fáinleoga bheith ag scuabah leo go dtí an Domhan Theas, agus d’fhiafraigh Eoinín dá mháthair an mbeadh uaigneas uirthi, dá n-imeodh seisean in éineacht leo? Mar chríoch leis an scéal seo, faigheann Eoinín bocht bás, tráth raibh na fáinleoga ag fágáil slán ag an tír seo, agus iad ag ardú a seolta, ar a mbealach leo go dtí an Domhan Theas. Féach mar a chuireann an t-údar é..

“Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh úd – gol máthar ag caoineadh a páiste. – Bhí Eoinín imithe i bhfochair na bhfáinleog.”

Táid ann freisin, a dtaitníonn an scéal eile sin, “Bairbre” leo, ach cé gur scéal taitneamhach é, ní déarfainn gurbh é mo rogha fhéin é, ach ina lá fhéin, is dócha go mbainfí ard-taitneamh as.

Is cuimhin liom fós an leabhrán beag sin, “Íosagán agus Scéalta eile”. Ní raibh sé chomh mór leis na leabhair eile a bhíodh im mhála scoile agam, ach thaitin a chlúdach bog, bándearg, liom, clúdach a raibh pictiúr d’Íosagán air, é gléasta i ngúna, cosúil le léine oíche, é cosnochtaithe, ceannnochtaithe, agus loinnir na glóire ag soilsiú as.

Ná ceap anois nár scríobh an Piarsach aon ghearrscéal eile, nó scríobh. Scríobh sé mám maith de scealta eile, scéalta ar nós :- An Gadaí, An Bhean Chaointe, An Dearg-Daol, Bríd na nAmhrán, An Mháthair, agus Na Bóithre. Gearrscéalta taitneamhacha, suimiúla, dea-chumtha, isea chuile cheann acu sin, ach níl an t-am agam anseo, cur síos a dhéanamh orthusan, ach níl sé deacair teacht orthu i leabharlann ar bith, déarfainn. Caithfidh mé a admháil, go mbainim fhéin an-taitneamh fós as scéalta cosúil le “An Gadaí.” Scéal ina bhfuil an Piarsach arís ag iarraidh ceisteanna morálta a scrúdú agus a scaoileadh.

B’fhéidir go bhféadfá a rá, nach scríobhfadh an Piarsach gearrscéal ar bith riamh, dá n-éireodh leis scríbhneoirí eile a spreagadh chun pinn, ach nuair a theip air sin a dhéanamh, chuaigh sé i mbun na hoibre sin é fhéin, agus déarfainn gur saibhride ár litríocht cinneadh úd an Phiarsaigh. Cuir san áireamh freisin, nach raibh sách ama aige le barr feabhais a chur ar a scileanna scríbhneoireachta, nó bhí an iomarca le déanamh aige, agus gan a sháith ama fágtha aige, le barr feabhais a chur ar a chumas mar ghearrscéalaí. Caithfear glacadh leis, go mba é fhéin agus SeanPhádraic Ó Conaire na ceannródaithe i bhforbairt an ghearrscéil i nua-litríocht na Gaeilge, agus ní beag ná suarach an teist é sin ar an dá Phádraic s’againne.

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

.

.

.

en_USEnglish